Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 7 Nollaig 2021

Na príomhthorthaí

Rátaí CBL

Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le rátaí cánach breisluacha (CBL). Is é is aidhm do na nuashonruithe ar an reachtaíocht a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na Ballstáit agus go mbeidh níos mó solúbthachta acu chun rátaí laghdaithe CBL agus rátaí nialasacha CBL a chur i bhfeidhm. Is é is aidhm do na rialacha freisin deireadh a chur de réir a chéile le cóireálacha fabhracha d’earraí atá díobhálach don chomhshaol.

Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Thángamar ar chomhaontú maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le rátaí cánach breisluacha- Bhí an comhad sin á phlé sa Chomhairle le fada an lá, agus tá áthas orm go bhfuil bealach réitithe againn chun é a thabhairt chun críche.
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine

Is é is aidhm do na rialacha nua riachtanais reatha na mBallstát agus cuspóirí beartais reatha an Aontais a léiriú, ar cuspóirí iad a bhfuil athrú suntasach tagtha orthu ó cuireadh na seanrialacha i bhfeidhm.

Frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac

Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil ar dhul chun cinn ón Uachtaránacht maidir leis an bpacáiste reachtach i ndáil le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú an 1 Nollaig 2021 maidir le sainordú chun dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir le ceann de na tograí sa phacáiste, maidir le nuashonrú ar na rialacha atá ann cheana i ndáil le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí. Is é is aidhm don nuashonrú raon feidhme na rialacha a leathnú chuig criptea-shócmhainní áirithe.

Tá tograí eile an phacáiste fós á mbreithniú laistigh den Chomhairle.

An pacáiste airgeadais dhigitigh

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an bpacáiste airgeadais dhigitigh. Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (MiCA) agus togra le haghaidh Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA) an 24 Samhain 2021. Is ionann an comhaontú seo agus sainordú caibidlíochta na Comhairle le haghaidh caibidlíocht thríthaobhach le Parlaimint na hEorpa.

Tháinig an Uachtaránacht agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le córas píolótach do bhonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) ar an leibhéal polaitiúil an 24 Samhain 2021. Socrófar sonraí an chomhaontaithe ar an leibhéal teicniúil agus déanfaidh ambasadóirí AE na mBallstát an comhaontú a fhormhuiniú ina dhiaidh sin, sula seolfar an nós imeachta maidir le glacadh foirmiúil ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa.

An tAontas Baincéireachta a neartú

Rinne na hairí a marana ar an dul chun cinn a rinneadh a mhéid a bhaineann le neartú an Aontais Baincéireachta ar bhonn tuarascáil ón uachtaránacht ina gcumhdaítear na pléití a reáchtáladh i meitheal ad hoc na Comhairle um neartú an Aontais Baincéireachta i gcaitheamh an dara seimeastar de 2021.

Aontas na margaí caipitil

Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag na hairí maidir leis na tograí reachtacha i réimse Aontas na Margaí Caipitil a thíolaic an Coimisiún an 25 Samhain.

Pacáiste Aontas na Margaí Caipitil, ina bhfuil teachtaireacht chun marana a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta agus seacht reachtaíocht earnála ar féidir a athghrúpáil i gceithre bhloc reachtacha éagsúla: AIFMD; ELTIF; ESAP; MiFID/MiFIR. Is é is aidhm don phacáiste reachtaigh cuideachtaí de chuid an Aontais a nascadh le hinfheisteoirí ar bhealach níos fearr agus an rochtain atá acu ar chistiú a fheabhsú, mar aon le deiseanna infheistíochta a leathnú d'infheisteoirí miondíola agus margaí caipitil a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.

Téarnamh eacnamaíoch san Eoraip

Rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Tá cur chun feidhme na Saoráide ar an mbóthar ceart. D’fhormheas an Chomhairle 22 phlean téarnaimh. Ar an iomlán, is ionann na pleananna a formheasadh go dtí seo agus €291 billiún de mhaoiniú neamh-inaisíoctha agus €154 billiún d’iasachtaí. Tá luach níos mó ná €54,2 billiún faighte cheana féin ag 18 mBallstát chun tacú lena ngeilleagair bunaithe ar an aistriú glas agus ar an gclaochlú digiteach. Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine

Tá a bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta curtha isteach ag gach Ballstát seachas an Ísiltír.

Ghlac an Chomhairle 22 chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheastar measúnuithe an Choimisiúin ar RRPanna agus d’eisíoc sí níos mó ná €50 billiún réamh-mhaoiniú cheana féin chun tús a chur le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe.

Léaráid: Le ciste téarnaimh an Aontais, tugtar tacaíocht do na Ballstáit chun borradh a chur faoin ngeilleagar arís agus chun Eoraip níos athléimní, níos glaise agus níos digití a thógáil.
An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)

An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)

An Seimeastar Eorpach

Phléigh na hairí Seimeastair Eorpach 2022, agus suirbhé bliantúil fáis inbhuanaithe 2022 á chur san áireamh, chomh maith le tuarascáil 2022 maidir leis an sásra foláirimh agus an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro mar chuid de phacáiste an fhómhair a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 24 Samhain 2021.

An Bord Fioscach Eorpach

Chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh tuarascáil bhliantúil 2021 an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh i láthair maidir leis na forbairtí is déanaí ar bheartas fioscach san Aontas Eorpach.

An 10 Samhain 2021, d’fhoilsigh an Bord an cúigiú tuarascáil bhliantúil dá chuid. Déantar measúnú sa tuarascáil ar chur chun feidhme chreat fioscach an Aontais le linn na chéad bhliana de phaindéim COVID-19 agus meabhraítear di na tograí atá inti maidir le rialachas fioscach a fheabhsú i bhfianaise athsheoladh an athbhreithnithe ar rialachas eacnamaíoch ag an gCoimisiún.

Buiséad ginearálta an Aontais do 2022

Chomhaontaigh na hairí ráiteas a chur isteach i miontuairiscí na Comhairle maidir leis an méadú ar fhoireann Pharlaimint na hEorpa sa bhuiséad do 2022.

Chomhaontaigh an Chomhairle buiséad ginearálta an Aontais do 2022 an 23 Samhain tar éis teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa an 16 Samhain 2021. Le buiséid na bliana seo chugainn €169.5 billiún a bheidh ar na gealltanais iomlána agus €170.6 billiún ar na híocaíochtaí iomlána.

Tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le ceisteanna cánachais

Ó mhí an Mheithimh 2012 i leith, ullmhaíonn an Chomhairle tuarascálacha débhliantúla don Chomhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach. Comhaontaítear na tuarascálacha sin i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, agus go sonrach sa mheitheal um cheisteanna cánach.

An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’

Thug na hairí dá n-aire gan phlé an tuarascáil ón Uachtaránacht maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ar thograí Oiriúnach do 55 agus aird ar leith á tabhairt ar na tograí le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus athbhreithniú ar an treoir maidir le cánachas fuinnimh.

An Mheitheal um an gcód iompair (cánachas gnó)

Ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an meitheal um an gcód iompair (cánachas gnó) le linn Uachtaránacht na Slóivéine.

D’fhormheas na hairí freisin tuarascáil don Chomhairle ón meitheal um an gcód iompair.

Cathaoirleach CAIC

Tar éis do Magdalena Andersson éirí as oifig ina cáil mar Chathaoirleach an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), thacaigh na hAirí Airgeadais agus Geilleagair le Nadia Calviño, Leas-Phríomh-Aire na Spáinne mar iarrthóir nua ar phost Chathaoirleach an Choiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus Airgeadais (IMFC) de chuid CAI. Cuirfidh Nadia Calviño isteach ar an bpost trí na nósanna imeachta is infheidhme in CAI.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025