Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Buiséad), an 11 - 14 Samhain 2022, 11-14 Samhain 2022

Na príomhthorthaí

Ar na príomhréimsí tosaíochta atá i mbuiséad an Aontais do 2023, tá comhtháthú, athléimneacht, an comhshaol, an margadh aonair agus nuálaíocht
Buiséad an Aontais 2023: Príomhréimsí (Grafaic faisnéise)

Buiséad an Aontais 2023: Príomhréimsí (Grafaic faisnéise)

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad an Aontais do 2023 ina ndírítear go láidir ar phríomhthosaíochtaí beartais an Aontais.

Socraíodh na gealltanais iomlána ag €186.6 billiún. Is méadú 1.1 % é sin ar bhuiséad na bliana 2022 mar a leasaíodh é. Coinníodh €0.4 billiún ar fáil faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil do 2021 - 2027, rud a chuir ar chumas an Aontais freagairt do riachtanais nárbh fhéidir a thuar.

Is é €168.6 billiún méid iomlán na n-íocaíochtaí, méadú 1% ar mhéid na bliana 2022.

Jiří Georgiev, Leas-Aire Airgeadais Phoblacht na Seice agus príomh-idirbheartaí na Comhairle do bhuiséad an Aontais do 2023
Is díol sásaimh dom ár gcomhaontú maidir le buiséad na bliana seo chugainn mar ligfidh sé dúinn díriú ar réimsí tosaíochta an Aontais i gcomhthéacs geopholaitiúil atá thar a bheith luaineach. Áirithítear leis freisin cur chuige réalaíoch, agus an staid eacnamaíoch reatha, leasanna na gcáiníocóirí agus an gá atá le freastal ar dhúshláin nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn in 2023 á gcur san áireamh.
Jiří Georgiev, Leas-Aire Airgeadais Phoblacht na Seice agus príomh-idirbheartaí na Comhairle do bhuiséad an Aontais do 2023
Jiří Georgiev, Leas-Aire Airgeadais Phoblacht na Seice agus príomh-idirbheartaí na Comhairle do bhuiséad an Aontais do 2023

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025