Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 17 Eanáir 2023

Príomhphointí an chláir oibre

Clár oibre na huachtaránachta

Cuirfidh Uachtaránacht na Sualainne a clár oibre don chéad seimeastar den bhliain i láthair, agus beidh malartú tuairimí ag an gComhairle ina dhiaidh sin.

Elisabeth Svantesson, Minister for Finance of Sweden
The Swedish Presidency is operating in an environment of great economic uncertainty, with high inflation, a serious energy crisis and rapidly rising interest rates curbing consumption, production and investment. Member states’ governments are under severe pressure to manage the repercussions for households and businesses. The Presidency will strive for unity in this challenging situation, and for effective and wise use of the joint instruments that are in place.
Elisabeth Svantesson, Minister for Finance of Sweden
Elisabeth Svantesson, Minister for Finance of Sweden

Iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin

Beidh malartú tuairimí ag na hairí faoi iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Ó thús an chogaidh, is mír rialta ar an gclár oibre í seo do chruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin staid eacnamaíoch agus airgeadais san Úcráin agus faoi chur chun feidhme chúnamh macra-airgeadais an Aontais don Úcráin.

We are accelerating our macro-financial assistance to Ukraine at a critical moment in time. Work is progressing fast in order to make sure that the first disbursement of the agreed €18 billion, around €3 billion, reaches Ukraine immediately. It is one of our key priorities to not only provide immediate liquidity support, but also to take work forward on the long-term reconstruction of Ukraine. I will work to ensure constructive discussions and progress on ways in which the EU can support Ukraine, together with bilateral partners and international financial institutions. Elisabeth Svantesson, Minister for Finance of Sweden

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh leasaitheach cur chun feidhme maidir le plean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg. Is é an aidhm atá ann an ranníocaíocht uasta airgeadais laghdaithe nuashonraithe (€ 82.7 milliún in ionad € 93.3 milliún) a chur san áireamh.

Le linn 2023, meastar gur gá gach ceann de na 27 gcinneadh cur chun feidhme a bhaineann le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a leasú uair amháin ar a laghad, chun rochtain a fháil ar dheontais REPowerEU nua, nó chun iasachtaí atá ar fáil a iarraidh, nó chun leithdháileadh nuashonraithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta arna ríomh i mí an Mheithimh 2022 a chur san áireamh.

An Seimeastar Eorpach 2023

Formheasfaidh an Chomhairle conclúidí i ndáil le Tuarascáil 2023 maidir leis an sásra foláirimh agus suirbhé bliantúil 2023 don fhás inbhuanaithe. Meastar freisin go bhformheasfaidh an Chomhairle moladh 2023 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a chuirfear faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ansin lena fhormhuiniú ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mhárta.

The Council also adopted without discussion the items on the list of non-legislative A items.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025