Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 4 Deireadh Fómhair 2022

Na príomhthorthaí

REPowerEU

Tháinig an Chomhairle ar a seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an togra REPowerEU, plean chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breoslaí iontaise ón Rúis darb aidhm neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a threisiú tríd na soláthairtí fuinnimh a éagsúlú agus trí shaoirse agus slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a neartú.

Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Tá céim mhór chun cinn bainte amach againn chun neamhspleáchas na hEorpa ó bhreoslaí iontaise na Rúise a threisiú. Is mian liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe as comhaontú le lamháltais shuntasacha chun teacht ar an seasamh comhréitigh seo ón gComhairle. I bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil ó chuir an Rúis tús lena fogha míleata faoin Úcráin, agus i bhfianaise na n-ionsaithe is déanaí ar bhonneagar fuinnimh san Eoraip, táim cinnte gur gá comhaontú tapa a iarraidh maidir leis an togra seo. Tá rún daingean ag Uachtaránacht na Seicia ár ngealltanas a chomhlíonadh chun athchóiriú ó bhonn a dhéanamh ar earnáil fuinnimh an Aontais agus deireadh a chur lenár spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis.
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

Praghsanna arda fuinnimh agus margaí airgeadais

Phléigh na hAirí ról na margaí airgeadais maidir le hardluaineacht na bpraghsanna fuinnimh agus bearta beartais a d’fhéadfaí a dhéanamh, bunaithe ar chur i láthair ón gCoimisiún. Tá an méid sin á dhéanamh mar chuid de na hiarrachtaí chun cosc a chur leis na rioscaí a bheith ag leathnú amach go dtí an córas airgeadais.

Tugann na hairí aird ar leith ar na margaí díorthacha fuinnimh ós rud é go mbíonn an-chuid ‘glaonna ar éarlais’ á bhfáil ag cuid mhór soláthraithe leictreachais ó ‘contrapháirtithe lárnacha’, mar a thugtar orthu, áit a n-imréitítear trádálacha aonair. Léiriú iad na glaonna ar éarlais ar an oibleagáid comhthaobhacht a sholáthar, airgead de ghnáth, chun riosca feidhmíochta an idirbhirt dhíorthaigh a fhritháireamh. Faoi láthair, tá an méid sin glaonna ar éarlais á bhfáil, agus é sin á spreagadh leis an méadú mór ar phraghsanna fuinnimh, go raibh ar na soláthraithe fuinnimh, i mórán cásanna, dul i muinín rialtas chun tacaíocht leachtachta a iarraidh, agus, ina theannta sin toisc nach mbíonn na bainc toilteanach iasachtaí breise a chur ar fáil.

Chinn an Uachtaránacht gur dearbhaíodh sa mhalartú go dtig le formhór na n-airí glacadh le hathruithe spriocdhírithe, mar shampla, trí chomhthiomsú na comhthaobhachta is incháilithe a leathnú, agus úsáid níos fearr a bhaint as ‘scoradáin trádála’ nó ‘coiléir praghsanna’, mar a dtugtar orthu, agus go dtig leo glacadh leis an gcreat sealadach a chur in oiriúint don státchabhair. Tacaíodh freisin leis an obair ar thagarmharc breise don phraghas gáis GNL a bheidh le bunú ag an earnáil phríobháideach roimh an gcéad séasúr líonta eile (roimh dheireadh mhí an Mhárta 2023).

Iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le gnéithe eacnamaíocha agus airgeadais fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin. Tá súil ghéar á coinneáil ar na forbairtí sin ag airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais i gcónaí. Tá tacaíocht don Úcráin agus dá téarnamh i ndiaidh an chogaidh mar phríomhthosaíocht pholaitiúil ag Uachtaránacht na Seicia.

NextGenerationEU: Plean náisiúnta na hÍsiltíre

Ag eascairt as cur i láthair a rinne an Coimisiún Eorpach maidir le staid na himeartha, rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Ghlac an Chomhairle a cinneadh cur chun feidhme i ndáil le plean n náisiúnta na hÍsiltíre a fhormheas freisin. Tar éis an cinneadh sin a ghlacadh go foirmiúil, tá an Ísiltír in ann suas le leithdháileadh deontas dar luach €4.7 billiún san iomlán de chistí na saoráide a úsáid. Leis an maoiniú sin, cuirfear ar chumas na hÍsiltíre téarnamh eacnamaíoch ó phaindéim COVID-19 a chothú agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a mhaoiniú.

Tá an-áthas orm gur chinn muid tacú le plean téarnaimh na hÍsiltíre. Is tráthúil a tháinig an maoiniú dar luach €4.7 billiún don tír, ós rud é go neartófar geilleagar na hÍsiltíre a thuilleadh, nó go mbeidh sé níos athléimní sa ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair. Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Léaráid: Le ciste téarnaimh an Aontais, tugtar tacaíocht do na Ballstáit chun borradh a chur faoin ngeilleagar arís agus chun Eoraip níos athléimní, níos glaise agus níos digití a thógáil.
An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)

An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)

Liosta an Aontais de dhlínsí cánach neamh-chomhoibríocha

Leanann an tAontas d’iomaíocht chóir chánach a chur chun cinn agus d’aghaidh a thabhairt ar chleachtais chánach dhíobhálacha. Chinn an Chomhairle Angaíle, na Bahámaí agus Oileáin na dTurcach agus Caicos a chur le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Leis an méid sin, tá 12 dhlínse ar liosta an Aontais anois: Angaíle, na Bahámaí, Fidsí, Guam, Oileáin Mhaighdean na Stát Aontaithe, Oileáin Palau, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Oileáin na dTurcach agus Caicos, Panama, Samó, Samó Mheiriceá, Vanuatú.

Téann cánachas cothrom ar ghnólachtaí chun tairbhe dúinn uile. Sin an fáth a bhfuil leas choiteann ag an Aontas agus ag na comhpháirtithe idirnáisiúnta creimeadh an bhoinn agus an t-aistriú brabúis a chomhrac. Creidim go gcomhlíonfaidh gach ceann den 12 thír atá ar an liosta a ngealltanas a chomhlíonadh agus na hathchóirithe is gá i réimse an chánachais a dhéanamh a luaithe is féidir, ionas gur féidir iad a bhaint den liosta sin tráth an chéad athbhreithnithe eile a bheidh againn i gceann 6 mhí. Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais Phoblacht na Seicia

Áirítear sa liosta cothrom le dáta sin de dhlínsí cánacha neamh-chomhoibríocha tíortha nár ghlac páirt in idirphlé cuiditheach leis an Aontas maidir le rialachas cánach nó ar theip orthu a gcuid gealltanas a chomhlíonadh maidir leis na hathchóirithe riachtanacha a chur chun feidhme. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na hathchóirithe sin tacar critéar oibiachtúil maidir le dea-rialachas cánach a chomhlíonadh, lena n-áirítear trédhearcacht cánach, cánachas cothrom agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme, ar caighdeáin iad a cheaptar chun cosc a chur ar chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis.

Custaim an Aontais

Bhí malartú tuairimí ag na hairí ar ról fioscach agus neamhfhioscach chustaim an Aontais. Phléigh siad conas cothromaíocht a aimsiú idir líon mór cúraimí nua neamhfhioscacha a chuirtear ar chustaim agus na cúraimí traidisiúnta a bhaineann le leasanna airgeadais a chosaint agus an bunriachtanas an trádáil a éascú. Phléigh siad freisin ar cheart ról lárnach agus comhordú na ngníomhaíochtaí custaim a neartú agus más ceart, cé na réimsí inar cheart é sin a dhéanamh.

Tharla an plé sin i gcomhthéacs athrú substainteach a bheith ag teacht ar thimpeallacht oibríochta na riarachán custaim. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar ábhair imní slándála agus sábháilteachta, tá saincheisteanna comhshaoil tagtha chun cinn agus tá líon mór beart sriantach, ar minic gurb iad na custaim ar an láthair a chuireann chun feidhme iad, curtha i bhfeidhm mar fhreagairt ar an gcogadh ar an Úcráin.

Faoi láthair, is ann do chorradh le 350 píosa reachtaíochta, lena gcumhdaítear inter alia réamhtheachtaithe drugaí, earraí dé-úsáide, airm, sreabha airgid, táirgí leighis etc. lena gceanglaítear ar chustaim seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí agus ar inghlacthacht earraí a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as. Chomh maith leis an réimse leathan cúraimí rialaithe sin a dhéanamh, is iad na húdaráis chustaim atá freagrach i gcónaí as leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Bailíonn lucht custaim an Aontais breis agus €70 billiún in aghaidh na bliana ag teorainneacha an Aontais, dleachtanna custaim san áireamh dar luach beagnach €25 bhilliún in 2021.

Maoiniú don aeráid

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don aeráid roimh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide COP27. Sna conclúidí uaithi, chuir an Chomhairle i dtreis a gealltanas láidir i ndáil leis an maoiniú don aeráid a chomhlíonadh.

Is iad an tAontas agus na Ballstáit an ranníocóir is mó ar domhan leis an maoiniú poiblí idirnáisiúnta don aeráid, agus ó 2013 i leith, tá a ranníocaíocht leis an maoiniú don aeráid chun tacú le tíortha i mbéal forbartha méadaithe faoi dhó acu.

Cruinnithe bliantúla G20 agus CAI

D’fhormheas an Chomhairle téarmaí tagartha an Aontais do chruinniú G20 na n-airí airgeadais agus gobharnóirí na mbanc ceannais an 12–13 Deireadh Fómhair 2022 in Washington DC, agus an ráiteas don Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus Airgeadais (IMFC).

Rialachán ‘an Slabhra Nóiníní’

Ghlac an Chomhairle rialachán lena neartaítear an creat rialála stuamachta d’institiúidí creidmheasa atá ag feidhmiú san Aontas. Le rialachán ‘an Slabhra Nóiníní’, tugtar isteach coigeartuithe spriocdhírithe a chuireann feabhas ar inréiteacht banc. Cuidíonn sé lena chinntiú go mbeidh na bainc athléimneach i gcónaí agus in ann suaití a sheasamh.

Mar is léir ó iarmhairtí eacnamaíocha fhogha na Rúise faoin Úcráin, tá sé ríthábhachtach cobhsaíocht earnáil airgeadais na hEorpa a chinntiú. Leis na rialacha nua atá glactha againn, cinnteofar go mbeidh bainc chobhsaí athléimneacha againn gan méadú suntasach a chur ar na ceanglais chaipitil atá ar na bainc chéanna. Beidh grúpaí casta baincéireachta fiú níos ullmhaithe chun suaití atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a sheasamh. Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht i láthair staid na himeartha maidir leis na tograí reachtacha reatha i réimse na seirbhísí airgeadais. I measc nithe eile, baineann seo le reachtaíocht chun an sciúradh airgid a chomhrac, an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, chomh maith leis an Rialachán maidir le Bannaí Glasa Eorpacha.

Ina theannta sin, tar éis cur i láthair ón gCoimisiún Eorpach, thug an Chomhairle dá haire stádas chur chun feidhme na reachtaíochta atá ann cheana ndáil le seirbhísí airgeadais.

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Thug an Chomhairle a formheas deiridh cur leis an gcosaint ar chearta an úsáideora ar líne tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD). Le GSD, leagtar síos caighdeáin nua le haghaidh timpeallacht ar líne atá níos sábháilte agus níos cuntasaí. Meastar go bhfuil sé ar thús cadhnaíochta ar domhan i réimse na rialála digití: níl an leibhéal uaillmhéine sin ag aon ghníomh reachtach eile maidir le rialáil ardán agus maoirseacht ar líne agus croíphrionsabail an mhargaidh inmheánaigh á gcaomhnú ag an am céanna. Glacadh an gníomh reachtach, tar éis don Chomhairle an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a fhormheas.

Pá íosta

Thug an Chomhairle an cead deiridh i ndáil le dlí nua de chuid an Aontais lena gcuirfear leordhóthanacht an phá íosta reachtúil chun cinn, rud a chuideoidh le dálaí maithe oibre agus maireachtála a bhaint amach d’fhostaithe Eorpacha. Leis an treoir bunaítear nósanna imeachta maidir le leordhóthanacht an phá íosta reachtúil, cuirtear cómhargáil maidir le pá a shocrú chun cinn agus cuirtear feabhas ar an rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta do na hoibrithe sin atá i dteideal pá íosta faoin dlí náisiúnta.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025