Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 6 Nollaig 2022

Na príomhthorthaí

Tacaíocht airgeadais don Úcráin

Phléigh an Chomhairle pacáiste reachtach maidir le €18 mbilliún de thacaíocht airgeadais don Úcráin. Ghlac sí ceann de na trí phíosa reachtaíochta arb é is aidhm dóibh foráil a dhéanamh do réiteach struchtúrtha chun tacaíocht airgeadais a thabhairt don Úcráin in 2023.

  • Leasú ar an rialachán airgeadais, lena bhféadfar an cúnamh macrairgeadais a mhaoiniú faoi chuimsiú na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe, mar a thugtar uirthi.

Níor ghlac sí na míreanna a bhí fágtha sa phacáiste:

  • Leasú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil, lenar féidir an lamháil a úsáid chun iasachtaíocht a ráthú don Úcráin sna blianta 2023 agus 2024.
  • An Ionstraim um Chúnamh Macrairgeadais + (‘Ionstraim MFA+’) lena gcruthaítear an creat chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin, lena n-áirítear na réimsí tacaíochta agus na coinníollacha faoina mbainfidh an Úcráin tairbhe as an tacaíocht sin.
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Tá ár gcabhair de dhíth ar an Úcráin go práinneach. Léiríodh toil pholaitiúil shoiléir sa seomra inniu maidir leis an rún daingean atá againn cabhrú leis an Úcráin, ó thaobh airgeadais de freisin. Is cúis áthais dom gur ghlacamar ceann amháin ar a laghad de na trí bheart airgeadais, a raibh tromlach cáilithe ag teastáil ina leith. Is féidir leis an gCoimisiún tús a chur anois leis an bpróiseas chun cistí a fháil ar iasacht ionas gur féidir linn tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Úcráin go luath i mí Eanáir. Ní féidir linn níos mó ama a chur amú.
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

Chuir an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch i láthair. Ba é sin an chéad deis a bhí ag na hairí plé a dhéanamh maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún. Roinn na hairí a dtuairimí dearfacha tosaigh, chuir siad na ceisteanna agus na hábhair imní a bhí fós acu in iúl, agus bhí siad ag tnúth le plé cuiditheach ar ghnéithe éagsúla na n-athchóirithe molta sna míonna amach romhainn, d’fhonn tacaíocht pholaitiúil a thabhairt don Choimisiún dá chéad chéimeanna eile. Leanfar den phlé anois ar leibhéal na saineolaithe.

An téarnamh eacnamaíoch san Eoraip

Ag eascairt as cur i láthair a rinne an Coimisiún maidir le staid imeartha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, rinne an Chomhairle a marana ar chur chun feidhme na saoráide.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais mar fhreagairt ar na dúshláin atá tugtha ag an bpaindéim do gheilleagar na hEorpa. Úsáidtear €672.5 billiún na saoráide chun tacú leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát.

Cánachas fuinnimh

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le cánachas fuinnimh. Ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn a rinneadh agus chuir siad in iúl go bhfuil siad tiomanta leanúint den obair chun teacht ar chomhaontú a luaithe is féidir.

Acmhainní dílse nua an Aontais

Chuir an Uachtaránacht a tuarascáil i láthair maidir leis an bplé ar acmhainní dílse nua don Aontas.

Tograí reachtacha maidir le seirbhísí airgeadais atá á scrúdú faoi láthair

Chuir an Uachtaránacht i láthair staid na himeartha maidir leis na tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais.

Seimeastar Eorpach 2023

Thíolaic an Coimisiún suirbhé bliantúil don fhás inbhuanaithe 2023, tuarascáil 2023 maidir leis an sásra foláirimh agus moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

Buiséad an Aontais do 2023

Mar obair leantach ar ghlacadh bhuiséad an Aontais do 2023, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le ráiteas maidir le ceannteideal 7 a bhaineann le caiteachas riaracháin institiúidí an Aontais.

Cur chun feidhme bhuiséad an Aontais in 2021

Chuir Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 i láthair.

Ag deireadh an chruinnithe, thug Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia agus cathaoirleach reatha na Comhairle i bhfoirmíocht Ecofin, an chathaoirleacht do Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne. Is í an tSualainn a ghlacfaidh uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh i mí Eanáir 2023
Ag deireadh an chruinnithe, thug Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia agus cathaoirleach reatha na Comhairle i bhfoirmíocht Ecofin, an chathaoirleacht do Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne. Is í an tSualainn a ghlacfaidh uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh i mí Eanáir 2023

Cánachas gnó: An Mheitheal um an gCód Iompair

Mar mhír gan phlé, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an dul chun cinn atá bainte amach ag an Meitheal um an gCód Iompair.

Tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach

Mar mhír gan phlé, d’fhormheas an Chomhairle a tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach. Cuireann na hairí eacnamaíocha agus airgeadais tuarascáil faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir le saincheisteanna cánach dhá uair sa bhliain.

Buiséad an Aontais: sásra coinníollachta an smachta reachta

Le linn an bhricfeasta, phléigh an Chomhairle an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir. Thapaigh na hairí an deis sin chun an chéad fhreagairt a thabhairt ar an measúnú ar bhearta feabhais a rinne an Ungáir, a d’fhoilsigh an Coimisiún an 30 Samhain. Is é an 19 Nollaig an spriocdháta atá ag an gComhairle lena cinneadh maidir leis na bearta.

Cánachas: íosleibhéal domhanda cánachais (Colún 2)

Le linn an bhricfeasta, phléigh an Chomhairle treoir maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a chinntiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna A neamhreachtacha.

Is é is aidhm do rialacha nua a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta cánachas cothrom agus éifeachtach a bhaint amach do ghrúpaí ilnáisiúnta

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025