Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Samhain 2022

Na príomhthorthaí

Basel III

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil lena seasamh (cur chuige ginearálta) maidir leis an dá ghníomh reachtacha lena gcuirfear cur chun feidhme Comhaontú Basel III, bearta athchóirithe a bhfuil sé mar aidhm leo cabhrú le hathléimneacht earnáil baincéireachta an Aontais a threisiú agus maoirseacht agus bainistiú riosca na hearnála sin a neartú.

Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Táimid ag cur le neart agus le hathléimneacht na mbanc atá ag feidhmiú san Aontas. Ós rud é go bhfuil cur chun feidhme athchóirithe idirnáisiúnta Basel III á thabhairt chun críche againn, tá sé tábhachtach go gcuirfimis san áireamh na sainiúlachtaí a bhaineann le hearnáil bhaincéireachta an Aontais agus an staid shonrach sna Ballstáit. Táim muiníneach gurb é is aidhm do na téacsanna nuashonraithe a chomhaontaíomar inniu na cuspóirí sin a bhaint amach.
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

Eoraifínéad: cánachas ar thrucailí

Phléigh an Chomhairle na codanna sin den treoir Eoraifínéid a bhaineann le cáin a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagair bhóithre a úsáid.

Bhí plé maith againn maidir le conas na rialacha cánachais atá ann faoi láthair a leasú le gur fearr a bhainfimid ár gcuspóirí comhroinnte amach: iompar de bhóthar níos glaine a spreagadh agus brú tráchta a laghdú. Tá sé tábhachtach go gcuirfimid deireadh le haon bhacainní atá fós ar na Ballstáit maidir leis na prionsabail gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus gurb é ‘an t-úsáideoir a íocfaidh as’ a chur i bhfeidhm go hiomlán do thrucailí. Cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta againn, tá an tsaincheist seo casta agus beidh tuilleadh oibre ag teastáil ina leith. Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

An cogadh san Úcráin

Phléigh na hairí na hiarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin. Ó thús an chogaidh, is mír rialta ar an gclár oibre í seo do chruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Thug na hairí treoir pholaitiúil maidir leis an mbealach chun cinn i ndáil le réiteach níos struchtúraí maidir le cúnamh airgeadais an Aontais don Úcráin in 2023. Chuir siad i bhfios go láidir a phráinní atá an tsaincheist sin agus bhí siad i bhfabhar creat lena soláthrófaí intuarthacht agus solúbthacht a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin acmhainní a shlógadh trí eisiúint bannaí laistigh de theorainneacha buiséadacha comhaontaithe. Is é an aidhm atá ann tús a chur leis na heisíocaíochtaí míosúla chuig an Úcráin i mí Eanáir 2023.

Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Seasfaidh an tAontas leis an Úcráin chomh fada agus is gá, ó thaobh cúrsaí airgeadais de freisin. Mar Uachtarán na Comhairle, roinn mé le mo chomhghleacaithe an taithí phearsanta a bhí agam ón gcuairt ar thug mé ar Chív an tseachtain seo caite. Is í an sprioc atá agam eisíocaíochtaí rialta chuig an Úcráin a bhunú ag tosú ó mhí Eanáir 2023. Más mian linn an sprioc sin a bhaint amach, ní mór dúinn gníomhú go han-tapa. Inniu, thug na hairí treoir pholaitiúil don Choimisiún ionas gur féidir leis an pacáiste reachtach is gá a mholadh gan mhoill. Déanfaimid ár seacht ndícheall chun teacht ar chomhaontú maidir leis na tograí sin ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais i mí na Nollag.
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Rinne na hairí eacnamaíocha agus airgeadais a meas ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

An reachtaíocht seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid reatha a mhéid a bhaineann leis na tograí reachtacha atá ann faoi láthair i réimse na seirbhísí airgeadais.

Staidreamh

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le staidreamh an Aontais Eorpaigh; ba dhíol sásaimh di freagairt an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) ar an ngá atá le staidreamh nua agus níos tráthúla mar thoradh ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, go háirithe i ndáil le staidreamh maidir le fuinneamh, slabhraí soláthair, imirce agus margadh an tsaothair.

An Bord Fioscach Eorpach

Chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh (EFB) tuarascáil bhliantúil 2022 EFB i láthair.

An Gníomh um Laghdú Boilscithe sna Stáit Aontaithe

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin ngníomh um laghdú boilscithe agus faoi iarmhairtí reachtaíocht nua seo na Stát Aontaithe don Aontas.

Na cruinnithe idirnáisiúnta

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar chruinniú G20 na nAirí Airgeadais agus Ghobharnóirí na mBanc Ceannais an 12 agus an 13 Deireadh Fómhair 2022 agus ar chruinnithe bliantúla CAI.

Cánachas: cód iompair athbhreithnithe

Mar mhír gan phlé, tháinig airí airgeadais an Aontais ar chomhaontú i ndáil le cód iompair athbhreithnithe maidir le cánachas gnó: gealltanas polaitiúil idir-rialtasach ó na Ballstáit atá ann chun rialacha treisithe i dtaca le scagadh a chur i bhfeidhm agus bearta cánach á lorg acu a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do bhoinn chánach na mBallstát eile agus go ndéanfaidh siad na bearta sin a leigheas.

Dhearbhaíomar ár dtiomantas do thimpeallacht chánach níos cothroime san Aontas trí na rialacha a chuirfimid i bhfeidhm a threisiú agus sinn ag dul i ngleic le cleachtais chánach dhíobhálacha i ngeilleagar atá ag síorathrú. Bíonn ár saineolaithe i gcúrsaí cánachais ag faire amach i gcónaí do chleachtais chánach dhíobhálacha. Ó cuireadh tús lena cuid oibre in 1997, d’éirigh leis an meitheal um an gcód iompair thart ar 140 cleachtas cánach díobhálach laistigh den Aontas a dhíothú. Níor leasaíodh an cód iompair maidir le cánachas gnó ó 1997 agus cuireann comhaontú an lae inniu feabhas breise ar a éifeachtacht freisin i bhfianaise an athchóirithe idirnáisiúnta cánach a rinneadh le déanaí. Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

Vanuatú

Mar mhír gan phlé, chinn an Chomhairle an comhaontú tarscaoilte víosaí le Vanuatú a chur ar fionraí go hiomlán de dheasca na rioscaí a bhaineann lena scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí (scéimeanna ‘pasanna órga’).

Na cruinnithe ar imeall Ecofin

Ar imeall Ecofin, bhí cruinniú maidir leis an idirphlé maicreacnamaíoch ann leis na comhpháirtithe sóisialta ag díriú ar phraghsanna fuinnimh.

Ag idirphlé bliantúil idir airí airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus CSTE, bhí malartú tuairimí ag na rannpháirtithe maidir le praghsanna fuinnimh agus boilsciú i gcomhthéacs na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Tháinig airí airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus CSTE le chéile an 8 Samhain 2022 sa Bhruiséil
Tháinig airí airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus CSTE le chéile an 8 Samhain 2022 sa Bhruiséil

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025