Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 18/09/2015, 18 Meán Fómhair 2015

 Dúirt Carole Dieschbourg, Aire Comhshaoil Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle: "Leis an Sainordú seo, leanfaidh an tAontas de bheith . Leis na hathbhreithnithe sin, líonfar na bearnaí idir na spriocanna gearrthéarma maidir le laghdú agus an cuspóir fadtéarma atá ann."

Na príomhthorthaí

Ghlac an Chomhairle Conclúidí lena mbunaítear seasamh an Aontais faoi thuairim comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, a bheidh ar siúl i bPáras níos déanaí i mbliana. Sa sainordú sin, leagtar amach fís an Aontais don chomhaontú nua maidir leis an athrú aeráide, ar comhaontú atá le glacadh ag an gcomhdháil. 

Tá sé d'aidhm ag an Aontas teacht ar chomhaontú uaillmhianach, bríomhar, a bheidh ceangailteach ó thaobh an dlí de, a mbeidh mar chuspóir leis an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2°C. D'fhonn an méid sin a bhaint amach, chuir an Chomhairle in iúl go gcaithfidh na hastaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa a bheith ag an leibhéal is airde faoi 2020 ar a dhéanaí, go gcaithfear laghdú 50% ar a laghad a dhéanamh orthu faoi 2050 le hais 1990 agus go gcaithfidh siad a bheith gar do náid nó faoina bun faoi 2100.

Dúirt Carole Dieschbourg, Aire Comhshaoil Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle an méid a leanas: "Leis an Sainordú seo, leanfaidh an tAontas de bheith ceannródaíoch agus sinn ag druidim le comhdháil Pháras agus beifear in ann teacht ar chomhaontú domhanda a mbeidh na comhpháirtithe uile in ann glacadh leis. Réiteofar an bealach leis an sainordú seo do chomhaontú uaillmhianach, láidir, bríomhar maidir leis an aeráid, ar a ndéanfar athbhreithnithe go rialta. Leis na hathbhreithnithe sin, líonfar na bearnaí idir na spriocanna gearrthéarma maidir le laghdú agus an cuspóir fadtéarma atá ann." 

Dúirt an tUachtarán Dieschbourg an méid a leanas freisin: "Is tar éis na comhdhála a chuirfear tús leis an obair i ndáiríre. Táim cinnte go gcomhlíonfaidh an tAontas na gealltanais a thug sé ar bhealach freagrach agus go bhféadfar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór leis sin. Ba cheart go ndéanfaimid forbairt ar na beartais atá againn cheana, ar éirigh go maith leo go dtí seo." 

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025