Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 04/03/2016, 4 Márta 2016

Príomhthorthaí

Ghlac 195 thír comhaontú stairiúil Pháras maidir le hathrú na haeráide, ar cor fíorchinniúnach é chun an t-ardú teochta a theorannú agus chun na rioscaí a bhaineann le hathrú na haeráide a chosc. Cuirfidh na Ballstáit i gcrích anois é trí ghníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Is mar sin a labhair Sharon Dijksma, Aire Comhshaoil na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle Comhshaoil

Comhaontú Pháras maidir le hathrú na haeráide

Phléigh na hAirí Comhshaoil an obair leantach a dhéanfar ar Chomhaontú Pháras maidir le hathrú na haeráide, agus na himpleachtaí i ndáil le beartas aeráide an Aontais Eorpaigh.  Chuir siad i dtreis gur gá an móiminteam i bPáras a choimeád sa siúl agus díriú anois ar na ceangaltaisa chur chun feidhme, lena n-áirítear iad sin a leagadh síos sna gealltanais náisiúnta. 

Measadh gur chomhartha tábhachtach é, a mhéid a bhaineann le tiomantas an Aontais Eorpaigh do chuspóirí an Chomhaontaithe i bPáras, go gcuirfí creat aeráide agus fuinnimh an Aontais don bhliain 2030 chun feidhme go tráthúil. Chuir na hAirí i dtreis chomh maith a thábhachtaí atá sé go ndéanfar daingniú pras ar an gcomhaontú. 

Déanfar achoimre ar an díospóireacht sin a thíolacadh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

Dúirt Sharon Dijksma, Aire Comhshaoil na hÍsiltíre agus Uachtarán ar an gComhairle Comhshaoil, an méid seo: "Ghlac 195 thír comhaontú stairiúil Pháras maidir le hathrú na haeráide, ar cor fíorchinniúnach é chun an t-ardú teochta a theorannú agus chun na rioscaí a bhaineann le hathrú na haeráide a chosc. Cuirfidh na Ballstáit i gcrích anois é trí ghníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta."

An geilleagar ciorclach 

Phléigh an Chomhairle plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach, ar cuid de phacáiste é ina bhfuil ceithre thogra reachtacha maidir le dramhaíl freisin. Tá mar aidhm leis an bpacáiste an Eoraip a stiúradh i dtreo geilleagar ciorclach a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche ná an tsamhail gheilleagrach atá ann faoi láthair. Tugtar isteach bearta leis, trína bhféadfar úsáid acmhainní a laghdú, dramhaíl a mhaolú agus treisiú leis an athchúrsáil.

Chuir na hAirí a dtacaíocht don phlean gníomhaíochta in iúl agus chuir siad gníomhaíochtaí tosaíochta i dtábhacht ó thaobh an chomhshaoil de. Phléigh siad bearta comhlántacha a bheidh le glacadh ar an leibhéal náisiúnta freisin agus mhaígh siad gur gá an leas is mó is féidir a bhaint as an bplean gníomhaíochta agus an dul chun cinn a fhaire go géar. Déanfar tacar Conclúidí a fhollúnú leis an díospóireacht sin agus leis an gceann a bhí ag an gComhairle Iomaíochais níos luaithe sa tseachtain, ar Conclúidí iad a bheidh in áirithe a nglactha i mí an Mheithimh.

"Caithfidh an tAontas Eorpach agus na rialtais oibriú i ndlúthchomhar le gnólachtaí agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha chun go n-oibreoidh an geilleagar ciorclach. Bhí rath ar an bplé a rinne Airí an Aontais inniu faoin gcaoi inar féidir an t-éileamh ar earraí athchúrsáilte a chothú agus an gá atá le reachtaíocht chomhleanúnach chun an nuáil a chur chun cinn", arsa an tAire Dijksma.

Ceimiceáin réabtha iontálacha 

Ghlac an Chomhairle ráiteas a bhaineann le rialú a rinneadh le déanaí maidir le ceimiceáin réabtha iontálacha (ceimiceáin a chuireann isteach ar an gcóras hormón).  Measadh don Chúirt Ghinearálta gur loic an Coimisiún ar chritéir eolaíocha a shonrú, in am trátha, i ndáil leis na substaintí sin.

Cuirtear i bhfáth leis an ráiteas a thábhachtaí atá sé go ngníomhóidh an Coimisiún ar bhonn práinneach chun an breithiúnas agus na himpleachtaí dlíthiúla a ghabhann leis a chomhlíonadh, d'fhonn nach ndéanfar tuilleadh dóbartaíola faoi chritéir eolaíochtbhunaithe a fhorbairt i ndáil le ceimiceáin réabtha iontálacha.

Beoshruth, físeáin agus grianghraif

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025