- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 06/03/2015, 6 Márta 2015
Na príomhthorthaí
An t-athrú aeráide
Phléigh an Chomhairle an t-ullmhúcháin atá á dhéanamh do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide a bheidh ar siúl i bPáras i mí na Nollag. Tá sé d’aidhm ag an gComhdháil comhaontú domhanda uaillmhianach atá ceangailteach ó thaobh an dlí a ghlacadh a bheidh le cur chun feidhme ó 2020 ar aghaidh.
Mar chuid den ullmhúchán, ghlac an Chomhairle an tíolacadh maidir leis an, Méid, arna Chinneadh go Náisiúnta, a bhfuil sé ar Intinn ag na tíortha cur leis (INDC) de chuid an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát.
Deimhnítear leis an tíolacadh go bhfuil an tAontas agus a chuid Ballstát tiomanta don sprioc ceangailteach de laghdú 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990, a bheidh le comhlíonadh go comhpháirteach, mar a leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2014.
Seoladh an tíolacadh inniu chuig Rúnaíocht UNFCCC a bheidh le foilsiú ar a láithreán gréasáin.
Chuir Aire um Chosaint Comhshaoil na Laitvia, Kaspars Gerhards i dtreis "go mbeidh gá le taidhleoireacht aeráide atá dírithe agus uilechuimsitheach, an bhliain seo, ionas go gcruthófar na comhaontais is gá le go mbeidh chomhaontú uaillmhianach i bPáras.”
An tAontas Fuinnimh
Thug an Chomhairle aghaidh ar shaincheisteanna aeráide maidir leis an Aontas Fuinnimh, agus í ag díriú ar an ngeilleagar a dhícharbonú.
Tá sineirgí ann idir éifeachtúlacht acmhainní agus an digitiú, a bhfuil gá ann iad a fhiosrú agus tagann sé sin chun cinn ag tráth caoithiúil chun cur le straitéis an Aontais don mhargadh aonair digiteach.” Kaspars Gerhards, Aire um Chosaint Comhshaoil na Laitvia
An Suirbhé Bliantúil Fáis
Phléigh na hairí na gnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol den Suirbhé Bliantúil Fáis ar mhaithe leis an athbhreithniú meántéarma ar an straitéis Eoraip 2020.
Dhírigh na hairí ar an gcaoi ina bhféadfadh an straitéis cuidiú ar an mbealach is fearr le geilleagar ísealcharbóin, ciorclach a bheidh tíosach ar acmhainní a bhaint amach.
An clár oibre forbartha ó 2015 ar aghaidh
Rinne an Chomhairle measúnú ar na forbairtí is déanaí sa chaibidlíocht maidir leis an clár oibre forbartha ó 2015 ar aghaidh, a bheidh le glacadh ag cruinniú mullaigh Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Meán Fómhair 2015.
I gcaitheamh an lóin bhí malartú tuairimí ag na hairí leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil faoi na torthaí ón tuarascáil a bhí aici le déanaí "An Comhshaol Eorpach 2015 — mar atá anois agus mar a bheidh”.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle, gan díospóireacht, cinneadh maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES).
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025