- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 16/12/2015, 16 Nollaig 2015
Na príomhthorthaí
Cáilíocht an aeir
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi chur chuige ginearálta maidir le treoir chun astaíochtaí náisiúnta a laghdú i gcás truailleáin áirithe. Bainfear gaisneas as an gcomhaontú sin chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Is chuige an togra reachtach sin, lena ndéantar uasteorainneacha náisiúnta astaíochtaí faoi mar atá faoi láthair a athbhreithniú, díriú ar na priacail sláinte agus an tionchar comhshaoil a ghabhann le truailliú an aeir.
D'éist na hAirí le gach saoránach a labhair amach ar son beartais uaillmhianacha bithéagsúlachta. Maímid go neamhbhalbh: féadann an bhithéagsúlacht a lán comhthairbhí a thál ar an tsochaí. Níor cheart na Treoracha Fiadhúlra atá anois ann a athoscailt, óir tá ag éirí leo agus tá toradh orthu Is mar sin a labhair Carole Dieschbourg, Aire Comhshaoil Lucsamburg
An bhithéagsúlacht
Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais. Tharraing na hAirí aird ar na réimsí sin inar gá tuilleadh oibre a dhéanamh chun na spriocanna a bhaint amach. Is é an sprioc le haghaidh 2020 stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú na seirbhísí éiceachoráis agus iad a athshlánú, a mhéid is féidir.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025