Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 15/06/2015, 15 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

Astaíochtaí náisiúnta truailleán

Bhí díospóireacht beartais ag an gComhairle faoin Togra le haghaidh Treoir maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe a laghdú (Treoir NEC). Is é is aidhm atá leis an Treoir go gcuirfí feabhas suntasach ar cháilíocht an aeir san Aontas Eorpach.

Is cuid í an Treoir sin den Chlár "Aer Glan don Eoraip". Leis an Treoir, féachtar le dul i ngleic le rioscaí sláinte éagsúla agus le héifeachtaí éagsúla ar an gcomhshaol a thagann de bharr thruailliú an aeir, agus le cinntiú go mbeidh dlí an Aontais ar aon dul leis na gealltanais nua idirnáisiúnta faoin mbliain 2020.

Bhí deis ag na hAirí a dtuairimí a chur in iúl i dtaobh saincheisteanna atá fós gan réiteach agus faoi cén chaoi ar féidir dul ar aghaidh chun teacht ar chomhsheasamh.

Arsa Aire Cosanta Comhshaoil na Laitvia, Kaspars Gerhards "is den ríthábhacht é go ndéanfar cáilíocht an aeir a fheabhsú, ar chúiseanna sláinte agus eacnamaíocha araon. Má táimid chun teacht ar chomhréiteach i measc na mBallstát, ní mór spriocanna réadúla agus solúbthacht a bheith againn chun gníomhú ar mhaithe le básanna anabaí de bharr truailliú aeir a laghdú.”

Is den ríthábhacht é go ndéanfar cáilíocht an aeir a fheabhsú, ar chúiseanna sláinte agus eacnamaíocha araon. Má táimid chun teacht ar chomhréiteach i measc na mBallstát, ní mór spriocanna réadúla agus solúbthacht a bheith againn chun gníomhú ar mhaithe le básanna anabaí de bharr truailliú aeir a laghdú.” Kaspars Gerhards, Aire Cosanta Comhshaoil na Laitvia

Comhdháil Durban maidir leis an athrú aeráide

Mheas an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht idirnáisiúnta mar chuid den ullmhúchán do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bPáras i mí na Nollaig 2015 (COP 21). Mheas na hAirí an dul chun cinn a rinneadh sa dá sheisiún caibidlíochta is déanaí sa Ghinéiv (8-13 Feabhra 2015) agus in Bonn (1-11 Meitheamh 2015).

Dúirt na hAirí gur cúis imní dóibh a mhalltrialaí a bhí an chaibidlíocht ag dul ar aghaidh agus nach raibh fágtha ach 10 lá caibidlíochta roimh COP 21. Agus iad ag meabhrú a thábhachtaí atá 'Méid an Rannchuidiú a bhfuil sé beartaithe a dhéanamh ar bhonn na gCinntí Náisiúnta', ghabh na hAirí buíochas leis na Páirtithe a bhfuil an méid sin curtha in iúl acu agus ghríosaigh na páirtithe eile lena dhéanamh amhlaidh go luath roimh Chomhdháil Pháras.

Agus tábhacht uaillmhian agus marthanacht na ngealltanas á haithint aici, ceapann an Chomhairle go nglacfar comhaontú ceangailteach ó thaobh dlí de ag an gComhdháil, comhaontú a mbeidh feidhm aige maidir le gach Páirtí agus a bheidh ag teacht leis an sprioc lúide 2°C agus le cinntí gaolmhara Chomhdháil na bPáirtithe.

Leis na díospóireachtaí sa Chomhairle, beifear ag cur le seasamh an Aontais Eorpaigh do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe faoin Athrú Aeráide i bPáras. Meastar go mbeidh Conclúidí á nglacadh ag an gComhairle an 18 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcaibidlíocht idirnáisiúnta faoin Athrú Aeráide.

Mhaigh an tAire Kaspars Gerhards go raibh "an tAontas Eorpach meáite ar chomhaontú uaillmhianach a bhaint amach i bPáras, ach nach bhféadfadh sé é a dhéanamh as féin." D'iarr sé ar an Páirtithe ar fad páirt ghníomhach a ghlacadh sa chaibidlíocht agus gach deis don chóineasú a thapú.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025