"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí taighde, 26 Feabhra 2021
Na príomhthorthaí
Taighde agus nuálaíocht sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta: infheistíochtaí agus athchóirithe
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoi conas is féidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) rannchuidiú chun an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a fhorbairt a thuilleadh.
Tá taighde agus nuálaíocht ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí ionsar théarnamh eacnamaíoch as géarchéim COVID-19. Ní hamháin gur féidir gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh leo ach cuirtear dlús leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus neartaítear athléimneacht ár ngeilleagair. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tugtar deis ar leith an Limistéar Eorpach Taighde a neartú agus cur lena thionchar agus vice-versa.
Manuel Heitor, Aire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Ardoideachais na Portaingéile
Leag na hairí béim air gur léiríodh le paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá taighde agus nuálaíocht chun an ghéarchéim sláinte agus an ghéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair a chomhrac, chomh maith leis an bpoitéinseal atá ann leochaileachtaí a sheachaint i ngéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Thairis sin, admhaíodh go forleathan go bhfuil taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach.
Ós rud é go dtugtar deis ar leith le RRF LET a neartú agus cur lena thionchar, chomhaontaigh na hairí i gcoitinne gur cheart infheistíochtaí agus athchóirithe sna córais taighde agus nuálaíochta a léiriú go hiomchuí sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta atá á bhforbairt faoi láthair sna Ballstáit.
Bhíothas ar aon fhocal gur cheart díriú, le hathchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí cliste i gcomhthéacs na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, ar thaighde agus nuálaíocht sna réimsí is mó a bhfuil gealladh fúthu, amhail hidrigin ghlas, ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus candamach, intleacht shaorga, córais spáis agus moil nuálaíochta. Thug roinnt airí chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach dlús a chur le réitigh nuálacha a chur ar an margadh.
Ag tógáil ar shócmhainní láidre LET, mar atá bonneagair uile-Eorpacha, acmhainní daonna, comhar trasnáisiúnta taighde agus eolaíocht oscailte, is féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit cuimsiú a threisiú go mór agus borradh a chur faoin rathúnas eacnamaíoch trí eolaíocht den scoth. Chuige sin, chuir roinnt airí i dtábhacht an gá atá le hollscoileanna agus gairmeacha taighde a nuachóiriú, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal daonna agus i scileanna a fhorbairt.
Is iomaí aire a leag béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le gnólachtaí nuálacha nuathionscanta agus le FBManna trí nósanna imeachta a shimpliú chun rochtain a fháil ar chistiú. Chun an ghiaráil a uasmhéadú, ba cheart sineirgí a lorg idir cistiú náisiúnta agus na cláir Eorpacha éagsúla, go háirithe Fís Eorpach, chomh maith le hinfheistíocht ón earnáil phríobháideach, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna. Luaigh roinnt airí freisin an ról atá ag comhpháirtíochtaí sa chomhar poiblí-príobháideach agus i dtionscadail trasteorann. Sa chomhthéacs sin, rinne an Coimisiún roinnt iarrataí ar threoir agus saineolas leis an méid comhordúcháin is gá a bhaint amach chun tionscadail trasteorann agus iltíortha a chur chun feidhme go rathúil.
D’fhógair Uachtaránacht na Portaingéile go gcuirfí toradh na díospóireachta san áireamh sa phlé a bheidh ag na cinn stáit agus rialtais ag cruinniú mullaigh earraigh an Aontais an 25 agus an 26 Márta.
Aon ghnó eile:
a) Staid imeartha an rialacháin ón gComhairle maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú
Chuir Uachtaránacht na Portaingéile na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo a mhéid a bhaineann leis an rialachán atá beartaithe á scrúdú laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle. Tá an togra á phlé faoi láthair sa mheitheal um thaighde.
b) Fóram LET um Aistriú agus an Comhshocrú maidir le Taighde agus Nuálaíocht san Eoraip
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí fhóram LET um Aistriú, a cruthaíodh i mí Eanáir. Tugadh ar aird go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún togra a dhéanamh faoi mhí Iúil 2021 maidir le comhshocrú don taighde agus don nuálaíocht, a bheidh mar dhlúthchuid de chreat rialachais LET a bheidh ann amach anseo.
c) Togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa chomhpháirtíocht Eorpach maidir leis an méadreolaíocht atá ar siúl go comhpháirteach ag roinnt Ballstát
Chuir an Coimisiún (i seisiún poiblí) togra uaidh i láthair le haghaidh cinneadh lena gcumasaítear rannpháirtíocht an Aontais sa chomhpháirtíocht Eorpach um méadreolaíocht, a cuireadh síos an 23 Feabhra.
d) Togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach
Chuir an Coimisiún togra uaidh i láthair le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, dá ngairtear an “Bunghníomh Aonair” freisin, a cuireadh síos an 24 Feabhra.
e) Eolas faoin tuairim eolaíoch maidir le hin-bhithdhíghrádaitheacht plaisteach sa timpeallacht oscailte
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi thuairim eolaíoch ghrúpa príomhchomhairleoirí eolaíocha an Choimisiúin maidir le hin-bhithdhíghrádaitheacht plaisteach sa timpeallacht oscailte. Tugtar moltaí sa tuairim maidir leis na critéir atá le húsáid chun na sochair chomhshaoil is fearr is féidir a bhaint as plaistigh in-bhithdhíghrádaithe le hais na gceann traidisiúnta. De réir an Choimisiúin, molann an grúpa laghdú domhanda ar úsáid plaisteach.
f) comhpháirtíocht Fís Eorpach maidir le hullmhacht chun paindéime
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha is déanaí maidir le hullmhú togra ón gCoimisiún le haghaidh comhpháirtíocht Eorpach taighde agus nuálaíochta um ullmhacht chun paindéime faoi Fís Eorpach. Is é is aidhm don chomhpháirtíocht, a d’fhógair an Coimisiún i mí Aibreáin 2020 mar chuid de na gníomhaíochtaí a bhunaítear sa Phlean Gníomhaíochta ERAvsCorona, feabhas a chur ar phoitéinseal freagartha comhordaithe Eorpaí ar phaindéim COVID-19 ó thaobh taighde agus nuálaíochta de.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.