"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí margaidh inmheánaigh agus tionsclaíochta, 25 Feabhra 2021
Na príomhthorthaí
An Seimeastar Eorpach – pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an mbealach is fearr chun pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a úsáid mar ionstraim chun spriocanna beartais thionsclaíoch a bhaint amach: an margadh aonair a neartú, an dá aistriú agus uathriail straitéiseach in Aontas oscailte.
Tá an bealach réitithe ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Is fúinne atá sé anois a shainaithint na réimsí, na hearnálacha agus na gníomhaíochtaí atá ríthábhachtach don téarnamh gearrthéarmach agus don athléimneacht fhadtéarmach inár ngeilleagair náisiúnta, agus i ngeilleagar an Aontais ina iomláine. Is céim thábhachtach atá sa phlé sa treo sin.
Pedro Siza Vieira, Aire Stáit na Portaingéile don Gheilleagar agus don Aistriú Digiteach
Chomhaontaigh na hairí i gcoitinne gur cheart go ról lárnach a bheith ag an gComhairle Iomaíochais maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme agus gur cheart di comhordú agus treoir a chur ar fáil sna hinfheistíochtaí atá le déanamh.
Cuireadh i bhfios go láidir gurb iad Margadh Aonair dea-fheidhmiúil agus iomaíocht chóir na réamhchoinníollacha is mó chun go mbeidh an Eoraip níos láidre agus níos athléimní tar éis ghéarchéim COVID-19. Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé saorshreabhadh earraí agus seirbhísí a chinntiú ar mhaithe le feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair. Chuir siad i bhfios go láidir an gá atá le comhordú idir na Ballstáit sula mbunófar bearta rialaithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha laistigh den Aontas.
Ní mór uathriail straitéiseach an Aontais a bheith go mór chun tosaigh ar an gclár oibre freisin. Ní mór don Aontas spleáchas a laghdú in earnálacha agus i dtáirgí criticiúla, amhail táirgeadh vacsaíní agus leathsheoltóirí. Ag an am céanna, chuir líon mór airí in iúl go bhfuil geilleagar an Aontais fothaithe ar phrionsabal na margaí oscailte agus go bhfuil sé ag brath ar rialacha iltaobhacha agus ar ghréasán láidir comhaontuithe saorthrádála le comhpháirtithe domhanda. Mar sin féin, leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé cothrom na Féinne a chaomhnú ar leibhéal domhanda agus úsáid chóir agus dhaingean a bhaint as ionstraimí trádála atá ann cheana chun gnólachtaí agus tomhaltóirí an Aontais a chosaint ar chleachtais éagóracha ag iomaitheoirí ó thríú tíortha.
Chuir go leor airí i bhfios go láidir ról an taighde agus na nuálaíochta chun dlús a chur leis an téarnamh agus chun an athléimneacht a threisiú. Ba cheart na bearta tacaíochta a dhíriú ar riachtanais shonracha na bhfiontar beag agus meánmhéide, arb iad cnámh droma gheilleagar an Aontais. Chuir líon mór Ballstát chun suntais gur gá caighdeáin níos comhchuibhithe a fhorbairt chun bonn a chur faoin Margadh Aonair. Luaigh roinnt airí a thábhachtaí atá tionscadail nuálacha thrasteorann, mar shampla maidir le nascacht 5G, chomh maith leis an ról atá ag tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne mar bhealach chun an comhordú eatarthu a neartú.
D’iarr na hairí ar an gCoimisiún na smaointe thuasluaite a chur san áireamh agus bailchríoch á chur aige ar a nuashonrú ar an straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip.
Déanfaidh an Uachtaránacht achoimre ar thoradh na díospóireachta i litir a chuirfear chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, mar ionchur don phlé a bheidh ann ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta 2021.
Clár Oibre Nua an Aontais do Thomhaltóirí
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “New Consumer Agenda [An Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí]”. Agus an méid sin á dhéanamh acu, thagair siad freisin do na conclúidí ón gComhairle ar an ábhar a glacadh an 22 Feabhra 2021. Tá sé i gceist leis na conclúidí seo agus le toradh na díospóireachta beartais treoir pholaitiúil a thabhairt don Choimisiún maidir le tionscnaimh sa réimse seo amach anseo.
Tá ról ríthábhachtach ag muinín na dtomhaltóirí i dtéarnamh agus in athléimneacht ár ngeilleagar. Ní mór dúinn an mhuinín sin a threisiú trí dhlús a chur leis an margadh inmheánach agus tríd an tomhaltóir a chumhachtú chun ról gníomhach a ghlacadh in aistriú ár ngeilleagar chuig Eoraip a bheidh glas agus digiteach amach anseo.
Pedro Siza Vieira, Aire Stáit na Portaingéile don Gheilleagar agus don Aistriú Digiteach
Chuir na hairí i dtreis an ról ríthábhachtach atá ag tomhaltóirí sa téarnamh eacnamaíoch. Chuir siad i bhfios go láidir gur gá cosaint tomhaltóirí a threisiú agus a chomhtháthú i ngach réimse beartais d’fhonn borradh a chur faoin margadh aonair agus dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch.
Chuir roinnt airí i bhfios go láidir gur gnéithe tábhachtacha iad muinín na dtomhaltóirí agus eolas trédhearcach do thomhaltóirí chun geilleagar na hEorpa a théarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19. Mar shampla, i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, beidh ar na tomhaltóirí a bheith in ann a bhrath go bhfuil cumhacht agus cosaint acu agus a bpátrúin tomhaltais á n-athrú acu i gcoinne cleachtais amhail glas-snasú.
Chuir roinnt airí in iúl a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an dífheidhmeacht ionsuite agus an ceart chun deisithe a chur chun cinn, chun tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh.
Chun borradh a chur faoin tomhaltas miondíola ar líne, ba cheart, leis na rialacha maidir le seirbhísí digiteacha ar fud an Aontais, ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí trí chuntasacht na n-ardán ar líne a shoiléiriú agus a threisiú. Luaigh roinnt airí an ról ríthábhachtach a bheidh ag an ionstraim um sheirbhísí digiteacha agus ag an ngníomh um margaí digiteacha, a bheidh ann amach anseo, i ndáil leis sin.
Tá sé tábhachtach freisin go scrúdódh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeachtacht na sásraí atá ann cheana sa bheartas tomhaltóirí chun go mbeidh siad réidh do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus, ar an gcaoi sin, chun teacht aniar na dtomhaltóirí a fheabhsú.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí (seisiún poiblí) maidir leis an mbealach chun an treoir atá beartaithe a thabhairt chun cinn.
Prionsabal bunúsach is ea an trédhearcacht cánach in aon sochaí dhaonlathach. Cuireann sé ar chumas lucht ceaptha beartas cinntí eolasacha a dhéanamh agus a áirithiú go rannchuideoidh na gníomhaithe eacnamaíocha ar fad ar bhealach cóir agus cothrom le geilleagar na dtíortha éagsúla ina ndéanann siad a gcuid gnó. Leis an díospóireacht seo, réitíodh an bealach chun an treoir atá beartaithe a thabhairt chun cinn mar ábhar tosaíochta.
Pedro Siza Vieira, Aire Stáit na Portaingéile don Gheilleagar agus don Aistriú Digiteach
Bhí tromlach mór na n-airí den tuairim go bhfuil an togra comhdhlúite is déanaí ón uachtaránacht aibí go teicniúil. D’iarr siad ar Uachtaránacht na Portaingéile sainordú caibidlíochta a lorg gan mhoill chun féachaint an bhféadfaí teacht ar shocrú le Parlaimint na hEorpa chun an treoir a ghlacadh go pras.
Chinn Uachtaránacht na Portaingéile go raibh tacaíocht pholaitiúil aici sainordú caibidlíochta a lorg chun féachaint an bhféadfaí teacht ar shocrú le Parlaimint na hEorpa chun an treoir atá beartaithe a ghlacadh go pras.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
color: inherit;
Tascfhórsa chun táirgeadh vacsaíní Covid-19 a mhéadú go tionsclaíoch
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin obair atá déanta go dtí seo ag an tascfhórsa nua chun táirgeadh vacsaíní Covid-19 laistigh den Aontas a mhéadú go tionsclaíoch. Iarradh ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na hiarrachtaí náisiúnta agus maidir leis an gcumas chun aghaidh a thabhairt ar na baic a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgeadh vacsaíní Covid-19. Luaigh a lán airí, ina gcuid idirghabhálacha, gur dhíol sásaimh dóibh gur cruthaíodh an tascfhórsa chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist thábhachtach seo.
color: inherit;
Cruinniú Aireachta D9+ – “Ar thús cadhnaíochta i dtreo Dheacáid Dhigiteach na hEorpa” (an 27 Eanáir 2021)
Chuir toscaireacht na Fionlainne na hairí ar an eolas faoi thoradh an chruinnithe dheireanaigh a bhí ag grúpa D9+ a d'óstáil an Fhionlainn trí fhíschomhdháil an 27 Eanáir 2021. Is éard atá sa toradh sin dearbhú comhpháirteach “Ar thús cadhnaíochta i dtreo Dheacáid Dhigiteach na hEorpa” ó na tíortha rannpháirteacha uile, agus is í an phríomhtheachtaireacht go bhfuil iomaíochas teicneolaíoch na hEorpa bunaithe ar fhorbairt dhigiteach, ar nuálaíochtaí agus ar mhargadh inmheánach feidhmiúil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.