Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 9 Nollaig 2022

Príomhthorthaí

Cur chuige nua maidir le scagthástáil ailse

Ghlac an Chomhairle moladh nua maidir le scagthástáil ailse chun básmhaireacht na hailse a laghdú agus minicíocht na n-ailsí ionracha a laghdú. Tá ailse ina ghalar mór agus ina chúis mhór leis an mbás ar fud na hEorpa. In 2020, meastar gur diagnóisíodh ailse ar thart ar 2.7 milliún duine san Aontas.

modúlachtaí agus tástálacha nuashonraithe le haghaidh scagthástáil ailse cíche, ailse ceirbheacs agus ailse chalaireicteach sa mholadh nua agus tugtar isteach leis cláir scagthástála ailse eagraithe le haghaidh ailse scamhóg, ailse próstataigh, agus, in imthosca áirithe, ailse ghastrach.

Mar gheall ar scagthástáil is féidir ailsí a bhrath go luath, nó fiú sula n-éireoidh siad ionrach b'fhéidir. A bhuí leis an luath-scagthástáil, is féidir roinnt lot a chóireáil ansin ar bhealach níos éifeachtaí agus beidh seans níos fearr ann gur féidir othair a leigheas.

Vlastimil Válek, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Sláinte na Seicia
Is uirlis riachtanach í an scagthástáil ailse sa chomhrac i gcoinne na hailse. Inniu, chinn Airí Sláinte na hEorpa an uirlis sin a neartú a thuilleadh.
Vlastimil Válek, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Sláinte na Seicia
Vlastimil Válek, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Sláinte na Seicia

Vacsaíniú: Soláthar vacsaíní COVID-19 agus comhar Eorpach

Bhí malartú tuairimí ag na hAirí maidir le soláthar vacsaíní COVID-19. Ag an bpointe seo sa phaindéim, tá líon suntasach Ballstát ag a bhfuil rósholáthar vacsaíní, as a n-eascraíonn an iliomad ceisteanna buiséadacha agus lóistíochta. Luaigh go leor Airí an rath a bhí ar cheannach comhpháirteach vacsaíní COVID-19 agus an chaoi ar shábháil an straitéis choiteann vacsaínithe beatha daoine.

Phléigh na hAirí freisin na céimeanna a bheidh ann amach anseo i bhfianaise go bhféadfaí na conarthaí atá ann cheana a oiriúnú. Ba dhíol sásaimh do roinnt Airí an fógra ón gCoimisiún go dtionólfar cruinniú ar an leibhéal polaitiúil den bhord stiúrtha vacsaíní. Cuireadh in iúl freisin gur cheart táirgeadh vacsaíní nach bhféadfaí a úsáid ach thar thréimhse áirithe ama a sheachaint mar gheall ar sheilfré theoranta.

D'fhormheas an Chomhairle freisin conclúidí ón gComhairle maidir le vacsaíniú mar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun galair a chosc agus an tsláinte phoiblí a fheabhsú. Cuireann siad chun suntais go bhféadfadh na Ballstáit tairbhe a bhaint as cur chuige níos comhordaithe fós de chuid an Aontais maidir le vacsaíniú chun leathadh eipidéimí agus galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú a chosc agus a theorannú. Dírítear sna conclúidí ar dhá réimse gníomhaíochta: an drogall roimh vacsaíní a chomhrac agus ullmhú do na dúshláin atá ar na bacáin trí chomhar an Aontais.

Is cosaint éifeachtach é vacsaíniú ar ghalair thógálacha. Is le comhar láidir idir Ballstáit an Aontais maidir leis an vacsaíniú a thángamar trí phaindéim COVID-19 agus leanfaidh an comhar sin de bheith ina chur chuige ceart amach anseo. Vlastimil Válek, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Sláinte na Seicia

An t-eolas is déanaí maidir leis na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair

Chuir an Uachtaránacht in iúl an staid mar atá maidir le dhá dhréachtdlí atá á scrúdú faoi láthair ag na Ballstáit:

  • Togra le haghaidh Spás Eorpach Sonraí Sláinte arb é is aidhm dó go mbeidh sé níos éasca d'othair rochtain a fháil ar a gcuid sonraí sláinte i bhfoirm leictreonach agus na sonraí sin a roinnt le gairmithe sláinte laistigh den Aontas
  • baineann dréachtrialachán maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta substaintí de bhunús daonna – i measc nithe eile – le cúrsaíocht trasteorann substaintí criticiúla amhail fuil, fíocháin agus cealla a éascú agus borradh a chur faoin gcosaint ó dheontóirí, faighteoirí agus sliocht

Gnó eile

Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis an athbhreithniú ar an reachtaíocht chógaisíochta, maidir le Straitéis Dhomhanda Sláinte an Aontais, maidir leis an Tuarascáil ar Staid na hUllmhachta Sláinte agus maidir le cur chun feidhme an rialacháin maidir le feistí leighis.

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hAirí ar an eolas faoin gcaibidlíocht i gcomhair comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.

Chuir toscaireacht na Gearmáine pointe faisnéise i láthair maidir leis an gCóras Faisnéise maidir le Trialacha Cliniciúla. Thug Uachtaránacht na Seice faisnéis faoi chomhdhálacha a eagraíodh le linn a téarma agus chuir Uachtaránacht na Sualainne a clár oibre i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025