"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 12-13 Meitheamh 2023
Na príomhthorthaí
Cúrsaí Sláinte, an 13 Meitheamh
Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha
Ghlac an Chomhairle moladh darb aidhm dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac sna réimsí seo a leanas: sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an comhshaol, via cur chuige na hAon Sláinte Amháin.
Moltar sa mholadh úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha mar shampla antaibheathaigh i sláinte an duine agus i sláinte ainmhithe ionas nach n-éireoidh miocrorgánaigh a chruthaíonn ionfhabhtú frithsheasmhach in aghaidh drugaí.
Áirítear ar na bearta atá beartaithe sa mholadh spriocanna chun úsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú faoi 2030, pleananna gníomhaíochta náisiúnta a neartú chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas frithmhiocróbach (AMC), agus ardú feasachta i measc gairmithe sláinte agus an phobail i gcoitinne.
Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh den bhagairt mharfach a bhaineann le miocrorgánaigh atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí ó thaobh shláinte an duine de. Tá sé mar phríomhthosaíocht ag Uachtaránacht na Sualainne dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus, leis an moladh seo, cuirtear na huirlisí ar fáil do thíortha an Aontais chun tomhaltas oibreán frithmhiocróbach a fhaire agus a laghdú.
Jakob Forssmed, Aire Gnóthaí Sóisialta agus Sláinte Poiblí na Sualainne
Tháinig na hairí sláinte ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta na Comhairle le haghaidh rialachán chun struchtúr na dtáillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a nuachóiriú agus a shimpliú.
Leis an rialachán atá beartaithe, féachtar lena áirithiú go mbeidh na táillí a ghearrann an Ghníomhaireacht bunaithe ar chostais, chomh maith le castacht an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair a laghdú.
Chun a misean maidir le measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar chógais a chur i gcrích, tá bonn fónta airgeadais de dhíth ar an nGníomhaireacht chun tacú lena cuid oibríochtaí. Is gá freisin ranníocaíocht bhunúsach na n-údarás inniúil náisiúnta a chúiteamh ar bhealach inbhuanaithe.
Thug an Chomhairle sainordú don uachtaránacht tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa ar bhonn an chur chuige ghinearálta a chomhaontaigh na hairí.
Rinne na hairí a marana ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir leis an rialachán chun Spás Eorpach Sonraí Sláinte a bhunú.
Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe creat comhroinnte sonraí sláinte a chur i bhfeidhm lena n-éascófar malartú sábháilte sonraí othar agus smacht á thabhairt do shaoránaigh an Aontais ar a sonraí sláinte ag an am céanna.
Bunaithe ar thuarascáil ar dhul chun cinn a d’ullmhaigh Uachtaránacht na Sualainne, rinne an Chomhairle measúnú ar staid na himeartha i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna (SoHO) a bheartaítear lena n-úsáid sa duine.
Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe reachtaíocht reatha an Aontais maidir le fuil, fíocháin agus cealla a nuashonrú agus a leathnú d’fhonn ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a bhunú do na substaintí sin.
Chuir an uachtaránacht agus an Coimisiún na toscaireachtaí ar an eolas faoin gcaibidlíocht i gcomhair comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar an Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta.
Chuir na foinsí seo a leanas faisnéis ar fáil: an Coimisiún, maidir le teachtaireacht uaidh a foilsíodh le déanaí maidir leis an meabhairshláinte; an uachtaránacht, maidir le comhdhálacha ábhartha a d’eagraigh sí le linn a huachtaránachta; toscaireacht na Fraince maidir le Lá Eorpach a bhunú mar Chuimhneachán ar íospartaigh phaindéim COVID-19; agus Uachtaránacht inteachta na Spáinne maidir lena clár oibre i réimse na sláinte. Chuir toscaireachtaí na hOstaire, na Beilge, na hÉireann, Lucsamburg agus na hÍsiltíre faisnéis ar fáil maidir le cur chuige atá bunaithe ar riachtanais a chur i bhfeidhm i ndáil le nuálaíocht chógaisíochta.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Cúig chúis le suim a chur sa bhfhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) (Grafaic faisnéise)
Fostaíocht agus an beartas sóisialta, an 12 Meitheamh
Cearta d’oibrithe ardáin
Tháinig na hAirí ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta na Comhairle le haghaidh treoir atá beartaithe chun dálaí oibre a fheabhsú d’oibrithe ardáin, lena gceadaítear di tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Tá dhá phríomhsprioc ag an treoir maidir le hoibrithe ardáin. Ar an gcéad dul síos, is é is aidhm di stádas ceart fostaíochta daoine atá ag obair d’ardáin dhigiteacha saothair san Aontas a chinneadh, a bhfuil cuid acu aicmithe go mícheart mar dhaoine féinfhostaithe agus ar cheart dóibh rochtain a bheith acu ar chearta saothair agus sóisialta faoi dhlí an Aontais.
Ar an dara dul síos, féachtar leis an treoir trédhearcacht a mhéadú maidir le halgartaim a bheith á n-úsáid ag ardáin dhigiteacha saothair, lena gcinntítear maoirseacht an duine ar phríomhchinntí a dhéanann difear d’oibrithe agus lena gcinntítear cosaint shonraí pearsanta na n-oibrithe sin.
Faoi chur chuige ginearálta na Comhairle, toimhdeofar go dlíthiúil gur fostaithe iad oibrithe ardáin a chomhlíonann trí chritéar as seacht gcritéar ar a laghad. I measc na samplaí de na critéir sin, tá teorainneacha a chuireann an t-ardán ar thuarastal oibrí, rialacha maidir lena gcuma nó lena n-iompar, nó srianta ar a gcumas diúltú d’obair ó fhoinsí eile.
I gcásanna ina mbeidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil sin, is faoin ardán digiteach a bheidh sé a léiriú nach ann d’aon chaidreamh fostaíochta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.
Tá go leor buntáistí ag baint leis an ngeilleagar poistíneachta dúinn sa saol, ach níor cheart cearta na n-oibrithe a bheith thíos leis sin. Le cur chuige na Comhairle, baintear dea-chothromaíocht amach idir oibrithe a chosaint agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do na hardáin a fhostaíonn iad.
Paulina Brandberg, Aire na Sualainne don Chomhionannas Inscne agus do Shaol na hOibre
Léargas ar oibrithe ar ardáin dhigiteacha san Aontas (Grafaic faisnéise)
Na caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais
Tháinig airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta an Aontais ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta na Comhairle i ndáil le dhá threoir lena ndírítear ar fheidhmiú comhlachtaí comhionannais san Aontas a neartú.
Leis na rialacha nua, bunófar íoscheanglais choiteanna uile-Aontais do chomhlachtaí comhionannais i roinnt príomhréimsí, lena n-áirítear inniúlachtaí feabhsaithe chun idirdhealú a chomhrac, neamhspleáchas ráthaithe, agus cumhachtaí méadaithe chun fiosrúcháin agus réiteach díospóide a sheoladh i leith cásanna um idirdhealú.
Teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus dé-isicianáití
D’fhormheas an Chomhairle a cur chuige ginearálta maidir le treoir leasaitheach chun teorainneacha nua a leagan síos don nochtadh sa láthair oibre do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha agus do dhé-isicianáití.
Is féidir le nochtadh fada do luaidhe agus do dhé-isicianáití tionchar suntasach a imirt ar shláinte oibrithe. Is eol go ndéanann an nochtadh do luaidhe damáiste don néarchóras, d’orgáin inmheánacha mar shampla an croí agus na duáin, agus don chóras atáirgthe. Tá dé-isicianáití, grúpa ceimiceán a úsáidtear go forleathan sa tionsclaíocht, bainteach le plúchadh agus le galair riospráide eile.
Is é is aidhm don treoir leasaitheach na teorainnluachanna atá ann cheana le haghaidh luaidhe a laghdú go suntasach agus teorainnluachanna le haghaidh dé-isicianáití a thabhairt isteach den chéad uair.
Tar éis dóibh tuarascáil ar dhul chun cinn a d’ullmhaigh Uachtaránacht na Sualainne a thabhairt dá n-aire, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil leis an treoir atá beartaithe maidir le prionsabal na córa comhionainne idir daoine a chur chun feidhme beag beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Phléigh na hairí patrúin idirdhealaithe leanúnacha agus patrúin idirdhealaithe atá ag teacht chun cinn ina mBallstáit agus ar fud an Aontais ina iomláine. Chuir siad a dtuairimí in iúl freisin maidir leis na céimeanna nach mór a thabhairt chun deireadh a chur leis an mbac ar an gcaibidlíocht maidir leis an treoir maidir le cóir chomhionann, agus mhol siad réitigh nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar na trí phríomh-shaincheist atá fós gan réiteach: deimhneacht dhlíthiúil, costais choimhdeachta agus cur chun feidhme.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an Seimeastar Eorpach, is é sin creat an Aontais chun beartais eacnamaíocha, fhioscacha, fostaíochta agus shóisialta a chomhordú agus a fhaire ar bhonn bliantúil. Dhírigh an plé ar Phacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2023 agus ar an bhféidearthacht go ndéanfaí Creat um Chóineasú Sóisialta a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach.
D’fhormheas Comhairle EPSCO freisin na gnéithe den bheartas fostaíochta agus sóisialta de na moltaí tírshonracha agus d’fhormhuinigh sí an tuairim ón gCoiste Fostaíochta agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta maidir leis na moltaí sin do 2023, chomh maith lena measúnú ar chur chun feidhme mholtaí 2022.
Cuirfear toradh na díospóireachta beartais san áireamh sa phlé a dhéanfaidh na Cinn Stáit agus Rialtais ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach an 29 agus an 30 Meitheamh.
Ghlac na hairí moladh maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas. Sa mholadh uaithi, leagann an Chomhairle amach roinnt bealaí a bhféadfadh na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a threisiú ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear trí pháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta sa cheapadh beartais, tairbhí an idirphlé shóisialta a chur chun cinn agus acmhainneacht na n-oibrithe agus na n-eagraíochtaí fostóirí a neartú.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le gné an chomhionannais inscne a phríomhshruthú i mbeartais, i gcláir agus i mbuiséid. Tá na conclúidí bunaithe ar thuarascáil ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus iarrtar iontu go ndéanfar an inscne a phríomhshruthú ar bhealach níos éifeachtaí i gcomhthéacs sásraí institiúideacha, go háirithe beartais, cláir agus buiséid.
Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle amach roinnt bealaí a bhféadfadh na Ballstáit cur leis an bpríomhshruthú inscne, mar shampla straitéisí náisiúnta um chomhionannas inscne a ghlacadh, bailiú sonraí staidrimh atá imdhealaithe de réir inscne a chur chun cinn, agus cistiú leordhóthanach a chinntiú le haghaidh bearta chun an neamhionannas inscne a laghdú.
Chuir Uachtaránacht na Sualainne eolas ar fáil maidir le dhá chomhad reachtacha atá ann faoi láthair: an treoir maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair, agus an t-athbhreithniú ar na rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta.
Chuir an cathaoirleach eolas ar fáil freisin maidir le comhdhálacha ábhartha a d’eagraigh an tSualainn le linn a huachtaránachta.
Chuir uachtaránacht inteachta na Spáinne a clár oibre i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.