- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sóisialta), 16 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
An obair ardáin
Chuir an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair faoi staid na himeartha a mhéid a bhaineann leis an treoir atá beartaithe maidir leis na dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin.
Is é sprioc an dlí atá beartaithe go dtabharfaí stádas dlíthiúil fostaíochtaa fhreagraíonn dá socruithe oibre iarbhír do dhaoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha – agus dá bhrí sin go dtairbheoidís de na cearta saothair agus sochair shóisialta a bhfuil siad ina dteideal.
Sa lá atá inniu ann, oibríonn os cionn 28 milliún duine san Aontas Eorpach trí ardáin saothair dhigiteacha. Tá formhór mór na ndaoine sin féinfhostaithe i ndáiríre ach, de réir mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh, tá 5.5 milliún duine acu sin aicmithe go mícheart mar dhaoine féinfhostaithe.
An Seimeastar Eorpach
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an Seimeastar Eorpach agus go háirithe maidir lena rialachas agus leis na moltaí tírshonracha do 2022. Cuirfear toradh an phlé sin, chomh maith le torthaí dhíospóireachtaí comhchosúla na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais agus na n-airí gnóthaí Eorpacha, san áireamh sa phlé a bheidh ar siúl ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh. Timthriall chomhordú na mbeartas eacnamaíoch, fioscach, saothair agus sóisialta laistigh den Aontas is ea an Seimeastar Eorpach.
Ina theannta sin, d’fhormheas an Chomhairle gnéithe fostaíochta agus beartais shóisialta de na moltaí tírshonracha sin agus d’fhormhuinigh sí tuairim an Choiste Fostaíochta agus an Choiste um Chosaint Shóisialta i ndáil leis na moltaí tírshonracha do 2022 agus d’fhormhuinigh sí a measúnuithe ar chur chun feidhme mholtaí 2019 agus 2020.
An Seimeastar Eorpach (Grafaic faisnéise)
Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto: bliain amháin níos déanaí
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cuspóirí náisiúnta na mBallstát chun príomhspriocanna an Phlean Gníomhaíochta Eorpaigh um Chearta Sóisialta a chomhlánú (78% den daonra i mbun fostaíochta in 2030, 60% den daonra fásta ag glacadh páirt san oiliúint gach bliain, laghdú 15 mhilliún ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta).
Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn (Grafaic faisnéise)
Cuntais foghlama aonair
Ghlac an Chomhairle moladh maidir le cuntais foghlama aonair. Is é is aidhm dó cabhrú le daoine fásta in aois oibre a gcuid scileanna a uasghrádú agus a chur in oiriúint i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus i gcomhthéacs sprioc phlean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é sin go mbeidh 60% ar a laghad de na daoine fásta ar fad atá páirteach in oiliúint gach bliain faoi 2030.
Molann an Chomhairle do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chuntais foghlama aonair a bhunú mar bhealach lena chur ar chumas daoine aonair páirt a ghlacadh in oiliúint atá ábhartha don mhargadh saothair agus – i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit cuntais foghlama aonair a bhunú – creat cumasúcháin a chur i bhfeidhm.
Aistriú i dtreo na haeráidneodrachta ar dual dó cothrom na Féinne
Chun maolú a dhéanamh ar na dúshláin shóisialta agus fostaíochta a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, sraith tionscnamh beartais chun aeráidneodracht an Aontais a bhaint amach faoi 2050, ghlac an Chomhairle moladh arb aidhm dó a chinntiú go mbeidh aistriú an Aontais i dtreo geilleagar aeráidneodrach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050 cothrom agus nach bhfágfaidh sé aon duine ar lár.
Tá treoir sa mholadh maidir le tacaíocht a chur ar fáil d’fhostaíocht ardcháilíochta agus do thimpeallacht shábháilte oibre. Leis an moladh sin, dírítear freisin ar bhearta oideachais agus oiliúna agus iarrtar, mar shampla, ar na Ballstáit gnéithe fostaíochta agus sóisialta an aistrithe ghlais a chomhtháthú i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na straitéisí náisiúnta ábhartha.
An nós imeachta i ndáil le míchothromaíochtaí sóisialta
Chuir an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta na toscaireachtaí ar an eolas faoina dtuairim maidir le togra ón mBeilg agus ón Spáinn - a rinneadh ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí i mí Dheireadh Fómhair 2021 - chun an ghné shóisialta den Seimeastar Eorpach a neartú trí nós imeachta i ndáil le míchothromaíochtaí sóisialta a thabhairt isteach.
Daoine faoi mhíchumas a earcú
Phléigh na hairí an chaoi le ráta fostaíochta daoine faoi mhíchumas a mhéadú. Meastar go bhfuil an cúigiú cuid de dhaonra an Aontais (thart ar 87 milliún duine faoi láthair) faoi mhíchumas de chineál éigin. Tá an iliomad bacainní ar dhaoine faoi mhíchumas go fóill i dtaca le rochtain a fháil ar a gcearta. In 2021, mar shampla, ní raibh ach 50.8% de dhaoine faoi mhíchumas i mbun fostaíochta i gcomparáid le 75% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Bhí 37.6% de dhaoine faoi mhíchumas neamhghníomhach i gcomparáid le 17.6% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas.
Sa chomhthéacs sin, phléigh na hairí an chaoi le deireadh a chur leis na bacainní atá ann i dtaobh daoine faoi mhíchumas a earcú agus an chaoi le gníomhú trí bhearta éifeachtacha chun a lánpháirtiú gairmiúil a chur chun cinn.
Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Gnó eile
Chuir an Uachtaránacht na toscaireachtaí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an dréacht-treoir maidir le pá íosta leordhóthanach agus i ndáil leis an gcomhaontú polaitiúil, ar thángthas air an 6 Meitheamh, idir na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa maidir le comhsheasamh.
Chuir sí na hairí ar an eolas freisin faoin dréacht-treoir maidir le pá comhionann as obair chomhionann idir mná agus fir ar ghlac an Chomhairle a cur chuige ginearálta ina leith an 6 Nollaig.
Maidir leis an togra le haghaidh treoir maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí, chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil faoin gcomhaontú polaitiúil idir na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa ar thángthas air an 7 Meitheamh.
Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil freisin faoin treoir maidir le cóir chomhionann agus faoin athbhreithniú ar na rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin tuarascáil ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne maidir leis an bhforéigean síceolaíoch agus an smacht comhéigneach a chomhrac agus faoi chomhdhálacha na hUachtaránachta chomh maith.
Fuair na toscaireachtaí eolas ón gCoimisiún freisin faoi thionscnaimh an Aontais i réimsí na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus faoi chur chun feidhme a straitéise LGBTIQ.
Chuir toscaireacht na Seice na toscaireachtaí ar an eolas faoin gclár oibre dá huachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (a thosóidh an 1 Iúil).
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- An Chomhairle ag gníomhú lena chinntiú go mbeidh an t-aistriú glas cothrom, cuimsitheach
- 16/06/2022
- Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair chun borradh a chur faoi oiliúint do dhaoine fásta atá in aois oibre
- 16/06/2022
- Cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr molta ag an gComhairle
- 16/06/2022
- Moladh glactha ag an gComhairle chun foghlaim a spreagadh don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe
- 16/06/2022
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025