Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Cruinniú Mullaigh den Limistéar Euro, 16/05/2015, 22 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

Bhí idirphlé ag na ceannairí maidir leis an nGréig agus rinne siad soiléiriú maidir lena seasamh agus maidir le staid láithreach na hidirbheartaíochta idir údaráis na Gréige agus na hInstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta). 

Dúirt Uachtarán Chruinniú Mullaigh an Limistéir Euro, Donald Tusk, gur céim mhór chun cinn é an méid is déanaí atá beartaithe ag údaráis na Gréige sa phlean athchóirithe, ach go gcaithfidh na hInstitiúidí na moltaí a mheas a thuilleadh fós.

Táthar ag súil go gcuirfidh an Ghréig plean cuimsitheach athchóirithe isteach le go scaoilfear cúnamh breise airgeadais i gcomhréir leis an gcomhaontú den 20 Feabhra 2015. Thíolaic sí an tairiscint ba dhéanaí uaithi an 22 Meitheamh 2015.

“Ní mór anois dul ar aghaidh go gasta leis an obair sa Ghrúpa Euro. Oibreoidh Príomh-Aire Tsipras agus na hInstitiúidí le chéile anois, le go mbeifear in ann toradh a fháil faoi thráthnóna Dé Céadaoin, toradh a mbeifear in ann a chur i láthair maidin Déardaoin", a dúirt an tUachtarán Tusk. 

Féach freisin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025