Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Cruinniú Mullaigh an Limistéir Euro, 12/07/2015, 12 Iúil 2015

Na príomhthorthaí

An 13 Iúil 2015, tháinig na ceannairí ó Bhallstáit an limistéir Euro ar chomhaontú i bprionsabal go bhfuil siad réidh chun tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le clár cúnaimh airgeadais SEC don Ghréig

Tá roinnt dianchoinníollacha nach mór a chomhlíonadh sula bhféadfar tús foirmiúil a chur leis an gcaibidlíocht.

Ní foláir do Pharlaimint na Gréige agus do roinnt parlaimintí náisiúnta eile an comhaontú a fhormheas.

"Fáiltím roimh an dul chun cinn a rinneadh agus freisin roimh sheasamh dearfach na Gréige, rud a chabhraíonn le muinín a athchothú i measc chomhpháirtithe an limistéir euro", arsa Uachtarán Chruinniú Mullaigh an Limistéir Euro Donald Tusk.

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis na nósanna imeachta náisiúnta, oibreoidh an Grúpa Euro leis na hinstitiúidí chun an chaibidlíocht a chur ar aghaidh go pras. Déanfaidh Airí Airgeadais an Limistéir Euro plé práinneach freisin maidir le conas is féidir cabhrú leis an nGréig freastal dá riachtanais airgeadais sa ghearrthéarma, an maoiniú idirlinne mar a thugtar air. 

Féach freisin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025