Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Cruinniú Mullaigh an Limistéir Euro, 07/07/2015, 7 Iúil 2015

Na príomhthorthaí

Phléigh na ceannairí ó Bhallstáit an limistéir euro an cás sa Ghréig tar éis an reifrinn a reáchtáladh an 5 Iúil.

Tar éis an chruinnithe, dhearbhaigh Donald Tusk, Uachtarán Chruinniú Mullaigh an Limistéir Euro go raibh údaráis an limistéir euro réidh le gach beart riachtanach a dhéanamh le cobhsaíocht airgeadais a chinntiú sa limistéir euro.

Iarraidh nua ar chúnamh ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach

Tar éis an reifrinn, gheall Príomh-Aire na Gréige, Alexis Tsipras, go ndéanfaí iarraidh nua ar chúnamh airgeadais ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

De réir rialacha SCE agus conarthaí an Aontais, cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil do na Ballstáit faoi choinníollacha dochta. Chuaigh an socrú a bhí ag an nGréig leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais go dtí seo in éag an 30 Meitheamh 2015.

Oibreoidh na ceannairí, mar ábhar práinne, ar bhealaí a fháil chun teacht ar chomhaontú lena n-urramófaí na ceanglais atá ann cheana agus na rialacha coitianta araon.

Tá gach páirtí san idirbheartaíocht freagrach as an status quo atá ann faoi láthair. Sin an fáth ar iarr mé ar na ceannairí uile iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú inniu, chun go mbeidh rath orainn uile, gan bua nó cailliúint i gceist do dhream ar bith. Donald Tusk

An clár oibre le haghaidh athchóirithe 

Meastar go dtíolacfaidh rialtas na Gréige a thograí maidir le clár oibre cuimsitheach agus sonrach le haghaidh athchóirithe faoin 9 Iúil ar a dhéanaí
 
Measfaidh na trí institiúid (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) an togra agus toradh na hanailíse a cuireadh faoi bhráid an Ghrúpa Euro.

Na chéad chéimeanna eile

Tiocfaidh na ceannairí le chéile ar an Domhnach, an 12 Iúil 2015. 

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025