Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Cruinniú Mullaigh Euro, 15/12/2017, 15 Nollaig 2017

Dhírigh an Cruinniú Mullaigh Euro ar a bhfuil i ndán don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus don aontas baincéireachta.

"Anois agus feabhas tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta, beidh deis ann plé a dhéanamh ar na dúshláin atá amach romhainn agus ar na bealaí a bhféadfar dul i ngleic leis na géarchéimeanna atá romhainn. Ba mhaith liom go ndéanfaimis píosa breá oscailte cainte faoin aontas eacnamaíocha agus airgeadais agus faoin aontas baincéireachta." Cuireadh ón Uachtarán Donald Tusk chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí

Rinne ceannairí an Aontais tuairimí a mhalartú faoin gcaoi chun a áirithiú go bhfuil sé de chumas ag an Aontais dul i ngleic le turraingí eacnamaíocha a d'fhéadfadh a bheith ann.

Bunaíodh an díospóireacht ar nóta a chuir an tUachtarán Tusk timpeall roimh an gcruinniú mullaigh, mar chuid de chlár oibre na gceannairí. Leagadh amach roinnt smaointe sa nóta sin a bhfuil cóineasú ann ina dtaobh, a bheag nó a mhór, amhail an méid seo a leanas:

  • cúltaca coiteann a sholáthar don Chiste Réitigh Aonair, i bhfoirm líne chreidmheasa ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), b'fhéidir;
  • an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a fhorbairt tuilleadh, chun ciste dá ngairfí Ciste Airgeadaíochta Eorpach a dhéanamh de, b'fhéidir
  • tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Treochlár ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN), mí an Mheithimh 2016, maidir le bailchríoch a chur ar an aontas baincéireachta, lena n-áirítear an Scéim Eorpach Árachais Taiscí a thabhairt isteach de réir a chéile

Tionóladh an Cruinniú Mullaigh Euro agus leagan amach oscailte cuimsitheach de 27 mBallstát air. Foráiltear leis an gcomhshocrú fioscach gur cheart do gach tír a dhaingnigh é (25 cinn i láthair na huaire) páirt a ghlacadh sna cruinnithe mullaigh Euro nuair is iomchuí, go háirithe, agus ollstruchtúr an limistéir Euro á phlé.

I bhfianaise a thábhachtaí agus a bhí an plé, chinn an tUachtarán Tusk cuireadh a thabhairt freisin don Chróit agus do Phoblacht na Seice chuig an gcruinniú mullaigh cé nach bhfuil an comhshocrú fioscach daingnithe ag ceachtar den dá thír sin go fóill.

D'fhógair an tUachtarán Tusk go mbeidh an chéad Chruinniú Mullaigh Euro eile á ghairm aige i mí an Mhárta 2018 chun leanúint leis an bplé.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025