Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh faoin Euro

An Cruinniú Mullaigh Euro, 23/3/2018, 23 Márta 2018

Na príomhthorthaí

An t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú

Phléigh ceannairí 19 dtír an limistéir Euro an t-athchóiriú fadtéarmach ar an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, lena n-áirítear tograí amhail acmhainneacht fhioscach a chruthú don limistéar Euro.

"Is é seo an tráth is fearr ag an ngeilleagar ó bunaíodh an euro. Fágann sin gurb é seo an tráth is fearr le smaoineamh go straitéiseach faoinár n-uaillmhianta fadtéarmacha. Is chuige sin a bhí Cruinniú Mullaigh Euro an lae inniu", a dúirt an tUachtarán Tusk tar éis an chruinnithe.

D'athdhearbhaigh na ceannairí na tosaíochtaí polaitiúla is práinní:

  • An t-aontas baincéireachta a neartú
  • athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach

Dúirt siad go leanfaidís leis an bplé ar na saincheisteanna sin ag an gcéad chruinniú mullaigh Euro eile, a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh, tráth a ndéanfar, meastar, na chéad chinntí.

Bunaíodh an t-idirphlé ag an gCruinniú Mullaigh Euro ar nóta a chuir an tUachtarán Donald Tusk chuig na ceannairí roimh an gcruinniú. Leag an nóta béim ar an nasc idir an acmhainneacht fhioscach agus beartais stuama fhreagracha.

Níor tháinig aon chonclúidí i scríbhinn ón bplé.

Athchóirithe atá á bplé

Leag na ceannairí raon feidhme agus féilire an athchóirithe amach i mí na Nollag 2017.

As seo go ceann 6 mhí, ba cheart dár n-airí airgeadais díriú ar na réimsí is mó ina mbíonn comhthoil. Ba cheart go ndéanfaí dul chun cinn céim ar chéim maidir le saincheisteanna amhail an t-aontas baincéireachta a chomhlánú, agus an Ciste Airgeadaíochta Eorpach, mar a thugtar air, a dhéanamh de SCE, rud a chuirfidh go mór le hathléimneacht CAE". An tUachtarán Donald Tusk ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí na Nollag 2017

Cad é an Cruinniú Mullaigh Euro?

Leis an gCruinniú Mullaigh Euro tugtar treoir bheartais lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ar bhealach rianúil. Cabhraíonn sé sin leis na réimsí beartais ábhartha idir Ballstáit an limistéir Euro a chomhordú.

Is é Donald Tusk Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro, agus is é is cathaoirleach ar a chruinnithe.

An Cruinniú Mullaigh Euro

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025