Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 16/02/2015, 16 Feabhra 2015

Na príomhthorthaí

An Ghréig

Tháinig Airí Airgeadais an limistéir euro le chéile chun an bealach chun cinn don Ghréig a phlé, ráite go rachaidh clár coigeartaithe eacnamaíoch reatha na Gréige in éag sna míonna atá romhainn. Bunaíodh an plé ar an obair theicniúil a rinneadh le cúpla lá anuas, ina leagtar amach na difríochtaí idir an clár reatha agus na pleananna atá ag Rialtas na Gréige. 

Is é an bealach is fearr chun cinn an clár reatha a shíneadh Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro

“Is é an bealach is fearr chun cinn an clár reatha a shíneadh”, arsa Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro le linn an phreasagallaimh tar éis an chruinnithe. Chuir sé i dtreis ina dhiaidh sin go bhfuil solúbthacht áirithe laistigh den chlár, a d'fhéadfadh an Ghréig agus na hinstitiúidí a chaibidliú. 

Féadfar dul i gceann na caibidlíochta sin nuair a chuirfidh údaráis na Gréige iarratas isteach maidir leis an gClár a shíneadh agus tacar soiléir gealltanas ag gabháil leis, gealltanais a leag na hAirí amach le linn an chruinnithe. 

Luath-aisíocaíocht iasachtaí CAI na Portaingéile  

Thug an Grúpa Euro a fhormhuiniú polaitiúil d'iarratas na Portaingéile luath-aisíocaíocht a dhéanamh ar chuid dá hiasachtaí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.  Cuirfidh an beartú sin ar chumas na Portaingéile coigealtas suntasach a dhéanamh ar íocaíochtaí úis.     

An Chipir

Phléigh na hAirí clár coigeartaithe eacnamaíoch na Cipire atá ann faoi láthair. D’iarr siad ar chinnteoirí na Cipire reachtaíocht an fhoriaimh a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Tríd an dlí, ar ceanglas lárnach den chlár reatha é, féadfaidh bainc a ndrochiasachtaí a bhainistiú agus a gcláir chomhardaithe a ghlanadh. Cuideoidh sé sin, chomh maith, le creidmheas a shreabhadh athuair isteach sa gheilleagar. 

Tá cur chun feidhme an dlí riachtanach le go bhféadfar an clár a chur ar ais ar a bhoinn.

An staid eacnamaíoch sa limistéar euro

Phléigh na hAirí tuar geimhridh an Choimisiúin Eorpaigh le déanaí i leith an limistéir euro. D’athdhearbhaigh siad an gá atá le brú ar aghaidh le hathchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí chun tacú leis an bhfás fadtéarmach. 

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú

Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro na hAirí ar an eolas faoin bplé maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bhí ar siúl ag an gcruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil an 12 Feabhra 2015. Chuir an tUasal Dijsselbloem na hAirí ar an eolas faoin obair leanúnach atáthar a dhéanamh ar 'tuarascáil na gCeithre Uachtarán' ina leagfar amach bealaí leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú.

Táthar ag súil go mbeidh an tuarascáil sin, a dhréachtaigh Uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh, na Comhairle Eorpaí, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an Ghrúpa Euro, ar fáil i mí an Mheithimh. 

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025