- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 20/02/2015, 20 Feabhra 2015
Na príomhthorthaí
An Ghréig
Chomhaontaigh Airí Airgeadais an limistéir euro machnamh a dhéanamh faoin gcúnamh airgeadais a thugtar don Ghréig a shíneadhgo ceann 4 mhí, ar cúnamh é arb é an teideal foirmiúil air Máistir-Chomhaontú maidir le Saoráid Cúnaimh Airgeadais. Tharla sin mar thoradh ar iarraidh a rinne údaráis na Gréige an 19 Feabhra.
Tíolacfaidh rialtas na Gréige chéadliosta de bhearta athchóirithe i gcomhréir leis na comhaontuithe atá ann cheana an 23 Feabhra.
Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar an liosta sin lena chinneadh an mbeidh sé sách cuimsitheach mar phointe tosaigh chun go dtabharfar an t-athbhreithniú ar chlár reatha na Gréige chun críche ar bhealach rathúil.
Má thabharfar an t-athbhreithniú chun críche ar bhealach rathúil, féadfar an tráinse atá fágtha de chlár reatha na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais a íoc amach Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro
"Má thabharfar an t-athbhreithniú chun críche ar bhealach rathúil, féadfar an tráinse atá fágtha de chlár reatha na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais a íoc amach", a dúirt Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro ag an bpreasócáid a bhí ann tar éis an chruinnithe.
Má bhíonn toradh dearfach ar an measúnú a dhéanfaidh na hinstitiúidí ar na pleananna le haghaidh athchóiriú, beidh tíortha an limistéir euro in ann teacht ar chinneadh deiridh maidir leis an síniú faoi dheireadh mhí Feabhra.
Rinneadh an plé an 28 Feabhra agus deireadh ag teacht leis an gcúnamh airgeadais atá á thabhairt don Ghréig faoi láthair.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025