Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 09/03/2015, 9 Márta 2015

Na príomhthorthaí

Dréacht-phleananna buiséadacha

Phléigh an Grúpa Euro an fhaisnéis nuashonraithe maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha. I mí na Nollag seo caite, measadh, i gcás dréachtphleananna buiséadacha i seacht gcinn de thíortha sa limistéar euro, go raibh baol ann nach gcomhlíonfaí na ceanglais sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis leo. 

 

“Is díol sásaimh dom an athuair go bhfuil rún daingean ag na Ballstáit uile gach riachtanas a riar in 2015 d'fhonn an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a urramú.” 

  Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro

 

Tugadh ar aird sa ráiteas ón nGrúpa Euro go bhfuil cúrsaí dulta i bhfeabhas sa Bheilg, i Málta, san Iodáil, agus sa Spáinn agus sa Phortaingéil, freisin, a bheag nó a mhór le ráithe anuas. Is mór ag an nGrúpa Euro an gealltanas ón Ostair agus ón Fhrainc na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcloífear leis an gComhshocrú.

An Ghréig

Phléigh an Grúpa Euro an t-athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar ghealltanais na Gréige faoin socrú atá ann cheana. Chomhaontaigh na hAirí go gcuirfeadh an Ghréig, an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta tús leis an bplé, an Chéadaoin (an 11 Márta), sa Bhruiséil

Beidh fáilte roimh fhoirne teicniúla ó na hinstitiúidí san Aithin chun tacú leis an bpróiseas sin.

An Chipir

D’iarr an Grúpa Euro ar chinneadóirí na Cipire an creat foriaimh a chur chun feidhme, rud a chabhródh le bainc na Cipire a gcláir chomhardaithe a ghlanadh agus an t-iasachtú sa gheilleagar a fheabhsú. Is ceann de na ceanglais é lena bhféadfar clár na Cipire a chur ar ais ar a bhoinn. 

Athchóiriú ar an earnáil seirbhísí 

Phléigh na hAirí an t-athchóiriú ar earnáil na seirbhísí sa limistéar euro. Roinn cuid de na hAirí a gcuid taithí náisiúnta, a mhéid a bhain le léirscaoileadh na hearnála seirbhísí agus lena héifeachtúlacht a fheabhsú.  Fillfidh an Grúpa Euro ar an díospóireacht sin sa dara leath den bhliain. 

 

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025