Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 08/12/2014, 8 Nollaig 2014

Tacaíonn an Grúpa Euro le síneadh dhá mhí a chur leis an gclár don Ghréig 

Phléigh cruinniú na n-airí ón nGrúpa Euro sa Bhruiséil an 8 Nollaig an dul chun cinn chun clár na Gréige do choigeartú eacnamaíoch a thabhairt chun críche. Thacaigh siad le síneadh dhá mhí a thabhairt don Ghréig chun an clár a thabhairt chun críche

Is díol sásaimh don Ghrúpa Euro an dul chun cinn atá déanta ag údaráis na Gréige, chun an cúigiú athbhreithniú chun clár na Gréige do choigeartú eacnamaíoch a thabhairt chun críche. Chomhaontaigh na hairí, in ainneoin an dul chun cinn seo, nach féidir an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche. Thacaigh siad dá bhrí sin le síneadh dhá mhí a thabhairt don Ghréig maidir le Clár na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) atá ann faoi láthair.

Tá an Grúpa Euro ag fanacht ar an iarraidh fhoirmiúil ó údaráis na Gréige chun síneadh a fháil chun an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche go luath in 2015. Táthar ag súil go n-áireofar san iarraidh seo tiomantas daingean chun na hathchóirithe uile is gá faoin gclár reatha a thabhairt chun críche. Nuair a thabharfar na hathchóirithe seo chun críche, réiteofar an bealach chun an eisíocaíocht dheiridh de €1.8 billiún ó EFSF a chur ar fáil.

Chuir an Grúpa Euro a thacaíocht in iúl an athuair líne chreidmheasa réamhchúraim ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach a thabhairt don Ghréig. Mhol sé freisin tréimhse infhaighteachta chistí EFSF atá beartaithe chun na bainc a athchaipitliú a shíneadh go dtí deireadh mhí Feabhra 2015.

Déanann an Grúpa Euro scrúdú ar phleananna na mBallstát maidir le dréachtbhuiséad

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro go bhfuarthas amach ar an gcuid is mó, maidir leis na rialtais sa limistéar euro, go bhfuil na heasnaimh níos lú agus go bhfuil an leibhéal fiachais ag cobhsú. Chuir na hairí in iúl an athuair an gá atá le dul i ngleic le leibhéal ard fiachais agus dífhostaíochta. Ba dhíol sásaimh dóibh go raibh pleananna san áireamh i roinnt de na dréachtbhuiséid an t-ualach cánach ar an saothar a laghdú.

Phléigh an Grúpa Euro an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil an baol ann nach mbeidh an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) á chomhlíonadh)i ndréachtbhuiséad 7 mBallstát. Ba dhíol sásaimh do na hairí go n-áiritheofaí, leis an tiomantas a rinne na 7 dtír uile bearta a chur chun feidhme, go mbeadh CCF á chomhlíonadh.

Pléifidh an Grúpa Euro an tsaincheist seo i mí an Mhárta 2015 bunaithe ar mheasúnuithe leantach ón gCoimisiún.

Beidh an chéad chruinniú eile don Ghrúpa Euro ann an 26 Eanáir 2015.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025