- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 07/03/2016, 7 Márta 2016
Na príomhthorthaí
An Ghréig: an dul chun cinn atá déanta
Phléigh an Grúpa Euro an dul chun cinn a bhí déanta maidir leis an gcéad athbhreithniú leanúnach ar chur chun feidhme chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige. Cuireadh in iúl do na hAirí go bhfillfeadh ceannairí mhisean na nInstitiúidí ar an Aithin go luath.
D'iarr an Grúpa Euro ar údaráis na Gréige agus ar fhoireann mhisean an athbhreithnithe leanúint dá gcomhar dearfach le chéile chun go bhféadfar an t-athbreithniú a chur i gcrích go tapa. Cumhdaítear san athbhreithniú saincheisteanna amhail athchóiriú na bpinsean, an straitéis bhuiséadach agus an ciste príobháidiúcháin a chur sa siúl.
- An Ghréig: an tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch
- An t-amlíne: an tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch don Ghréig
An Chipir: an dul chun cinn atá déanta
Phléigh an Grúpa Euro cur chun feidhme chlár coigeartaithe an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh le haghaidh na Cipire, a mbeidh deireadh á chur leis ar an 31 Márta 2016. D'fhoilsigh an Grúpa Euro ráiteas inar tacaíodh le cinneadh údaráis na Cipire an clár a fhágáil agus gan clár eile a lorg.
D'éirigh leis an gCipir roinnt athchóirithe a chur chun feidhme faoin gclár, lena n-áirítear athchóirithe uaillmhianacha ar an gcomhdhlúthú buiséadeach, athchóirithe struchtúracha agus athchóirithe ar an earnáil airgeadais. Tríd an méid sin, bhí an tír in ann muinín na n-infheisteoirí a athghnóthú agus leachtacht a fháil sa mhargadh bannaí flaithiúnais.
Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro go raibh na húdaráis meáite ar mhóiminteam an athchóirithe a choinneáil sa siúl.
Obair leantach i ndáil le dréachtphleananna buiséadacha 2016
Rinne na hAirí measúnú ar an dul chun cinn a bhí déanta ag Ballstáit an limistéir euro maidir le cur chun feidhme a ndréachtphleananna buiséadacha do 2016 agus ar na gealltanais a leagtar amach sa Ráiteas ón nGrúpa Euro den 23 Samhain 2015. D'eisigh an Grúpa Euro ráiteas nua.
Meastar go bhfuil baol ann nach mbeidh rialacha buiséadacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis á gcomhlíonadh i ndréachtphleananna buiséadacha 7 mBallstát. D'athdhearbhaigh na Ballstáit go raibh fúthu na rialacha sin a chomhlíonadh.
Leanfaidh an Grúpa Euro d'fhaireachán a dhéanamh ar an staid bhuiséadach sa limistéar euro agus tabharfaidh sé aghaidh ar an tsaincheist sin níos déanaí san earrach.
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le hobair leantach atá á déanamh i ndáil leis na Dréacht-Phleananna Buiséadacha do 2016
- Dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro
- Cruinniú den Ghrúpa Euro, 23 Samhain 2015
An tagarmharcáil: an coincheap agus an cur i bhfeidhm sa limistéar euro
Phléigh na hAirí a dtaithí i ndáil le plé téamach an Ghrúpa Euro maidir le saincheisteanna struchtúracha sa limistéar euro. Is é is aidhm do na díospóireachtaí sin cuidiú le cur chun feidhme na moltaí a eisítear don limistéar euro agus dá Bhallstáit faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.
Thoiligh an Grúpa Euro leanúint den phlé sin agus tá sé beartaithe aige an tagarmharcáil a úsáid ar bhealach níos forleithne.
Tríd an méid sin, beidh na hAirí in ann foghlaim ó thaithí a chéile maidir le hathchóirithe beartais a chur chun feidhme agus feidhmiú a dtíre i réimse beartais ar leith a chur i gcomparáid le feidhmiú tíortha eile.
Is ábhartha an cleachtas é go háirithe do Bhallstáit an limistéir euro a bhfuil a gcuid geilleagar spleách ar a chéile agus, mar sin, ar dóchúla iad a bheith faoi thionchar beartais inmheánacha a chéile.
Trédhearcacht
I ndiaidh thionscnamh Uachtarán an Ghrúpa Euro chun trédhearcacht an Ghrúpa Euro a mhéadú, thoiligh na hAirí, go ndéanfaí doiciméid de chuid chruinnithe an Ghrúpa Euro a fhoilsiú go gairid tar éis na gcruinnithe.
Foilseofar na doiciméid sin mura ndéanann Institiúidí a ndréachtaithe agóid ina aghaidh sin. Ní phoibleofar doiciméid nár tugadh chun críche nó ina bhfuil faisnéis íogair faoin margadh.
Ag an gcruinniú a bhí aige i mí Feabhra 2016, thoiligh an Grúpa Euro na cláir anótáilte le haghaidh chruinnithe an Ghrúpa Euro agus na litreacha achoimre a fhoilsiú.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025