- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 07/11/2016, 7 Samhain 2016
Na príomhthorthaí
An t-aontas baincéireachta - gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro
An Sásra Maoirseachta Aonair agus an Bord Réitigh Aonair
Rinne Danièle Nouy, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus Elke König, Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair (SRB) cur i láthair faoi seach don Ghrúpa Euro.
Labhair siad leis an nGrúpa Euro maidir lenar tharla le deireanas san earnáil airgeadais, maidir le príomhghníomhaíochtaí an dá institiúid sin le míonna beaga anuas, agus maidir leis na príomhdhúshláin agus na tosaíochtaí a bheidh acu amach anseo.
Labhair Danièle Nouy leis an nGrúpa Euro faoin obair atá á déanamh maidir leis na tástálacha struis a rinneadh i mí Iúil 2016, na dúshláin a bhaineann le hiasachtaí neamhthuillmheacha agus faoin gcuspóir go laghdófaí líon na roghanna maoirseachta agus na ndiscréidí náisiúnta in earnáil baincéireachta an limistéir euro d’fhonn a áirithiú gurbh fhearr an chothroime iomaíochta.
Labhair Elke König faoi thuarascáil ar dhul chun cinn ar ghníomhaíochtaí an Bhoird Aonair Réitigh, bailiú ranníocaíochtaí leis an gCiste Aonair Réitigh agus na comhaontuithe saoráide iasachta leis na Ballstáit aonair.
Mhol an Grúpa Euro an obair mhaith a rinne an dá institiúid go dtí seo agus dúirt go rabhthas ag súil leis an gcéad mhalartú eile tuairimí, a meastar a mbeidh sé ann in earrach na bliana seo chugainn.
- An sásra maoirseachta aonair (faisnéis chúlra)
- An t-aontas baincéireachta (faisnéis chúlra)
- Graificí faisnéise maidir leis an sásra réitigh aonair
- An sásra réitigh aonair (faisnéis chúlra)
Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: creataí náisiúnta dócmhainneachta
Phléigh an Grúpa Euro cén chaoi a bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gcreataí náisiúnta dócmhainneachta. Lean an plé sin as a chruinniú i mí Aibreáin 2016, inar comhaontaíodh liosta de phrionsabail le cur i bhfeidhm. Bhain na prionsabail sin le luas, intuarthacht agus cost-éifeachtacht na gcreataí dócmhainneachta den chuid is mó.
Is den riachtanas é creataí dócmhainneachta a fheidhmíonn mar is ceart a bheith ann chun dul i ngleic leis an iarmharach fiachais agus chun feabhas a chur ar chumas na mbanc creidmheas a chur ar fáil don gheilleagar. Tá ábharthacht faoi leith ag an gceist sin ó thaobh an limistéir euro, ós rud é gur minic éifeachtaí iarmhartacha ag baint lena chuid geilleagar aonair.
Fillfidh an Grúpa Euro ar an tsaincheist sin an bhliain seo chugainn.
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le creataí náisiúnta dócmhainneachta, 22 Aibreán 2016
- Cruinniú an Ghrúpa Euro, 22 Aibreán 2016
- Nóta ón gCoimisiún maidir le creataí náisiúnta dócmhainneachta
- Stocáireamh cleachtas náisiúnta maoirseachta agus creataí dlíthiúla a bhaineann le NPLanna
An Ghréig: an dara athbhreithniú ar an gclár agus tuairisc ar chúnamh teicniúil ón Aontas
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin dara hathbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige, tar éis an mhisin athbhreithiúcháin chun na hAithne a rinne na hinstitiúidí ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
D’iarr an Grúpa Euro ar údaráis na Gréige agus ar fhoireann an mhisin leanúint dá gcomhar cuiditheach agus an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche gan mhoill.
Áirítear ar an dara hathbhreithniúbuiséad do 2017, an straitéis fhioscach mheántéarmach agus athchóiriú ar mhargadh an tsaothair.
Fuair an Grúpa Euro an t-eolas is déanaí freisin faoin gcúnamh teicniúil a chuir seirbhís tacaíochta um athchóiriú struchtúrach (STAS) an Choimisiúin Eorpaigh ar fáil d’údaráis na Gréige go nuige seo. Bunaíodh an tseirbhís sin i mí Iúil 2015 chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe struchtúracha agus riaracháin lena gcothaítear an fás a chur chun feidhme. Tá an Grúpa Euro ag súil go mbeidh an tseirbhís ag cabhrú leis an nGréig chun na hathchóirithe a chur chun feidhme.
- An tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSS), ar seirbhís de chuid an Choimisiúin Eorpaigh í.
- An t-amlíne: an tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch don Ghréig
Faireachas iarchláir: An Chipir agus an Spáinn
Thug na hairí dá n-aire na torthaí ón gcéad mhisean faireachais iarchláir go dtí an Chipir, ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2016, agus na torthaí ón 6ú misean faireachais iarchláir sa Spáinn, i lár Dheireadh Fómhair 2016.
- Ráiteas tar éis an chéad mhisin faireachais iarchláir chuig an gCipir, Meán Fómhair 2016
- Ráiteas tar éis an 6ú cuairt faireachais iarchláir ar an Spáinn, Deireadh Fómhair 2016
Dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro do 2017
Chuir an Coimisiún Eorpach an Grúpa Euro ar an eolas faoin measúnú atá á dhéanamh ar na dréachtphleananna buiséadacha do 2017, lena n-áirítear an malartú litreacha a rinneadh le roinnt Ballstát.
Beidh plé tiomnaithe ag na hairí faoi na pleananna sin ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 5 Nollaig, ar bhonn thuairimí an Choimisiúin Eorpaigh.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025