- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 05/12/2016, 5 Nollaig 2016
Na príomhthorthaí
Pleananna buiséadacha agus na hionchais amach anseo
Phléigh an Grúpa Euro, ag seisiún na maidine, dréachtphleananna buiséadacha na mBallstát sa limistéar euro do 2017. Bunaíodh an plé ar thuairimí an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis na pleananna sin, a foilsíodh ar an 16 Samhain. Dar le torthaí an Choimisiúin, tá pleananna buiséadacha ag ocht dtír - an Bheilg, an Chipir, an Fhionlainn, an Iodáil, an Liotuáin, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an Spáinn - ar baolach go mbeidh siad neamh-chomhlíontach leis na rialacha fioscacha atá sonraithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF).
D’aontaigh an Grúpa Euro, den chuid is mó, le tuairimí an Choimisiúin Eorpaigh. D’iarr sé ar an Iodáil na céimeanna riachtanacha a ghlacadh agus ba dhíol sásaimh dó tiomantas na dtíortha eile lena mbaineann áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha. Tá súil ag an nGrúpa Euro freisin go dtíolacfaidh an Liotuáin agus an Spáinn dréacht-phleananna buiséadacha atá nuashonraithe.
Phléh na hairí an staid bhuiséadach agus na hionchais bhuiséadacha sa limistéar euro ina iomláinefreisin. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an inbhuanaitheacht bhuiséadach a áirithiú agus tacú le hinfheistíocht chun an téarnamh leochaileach a neartú.
Thug an Grúpa Euro dá aire an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus anailís ar an staid fhioscach lena n-iarrtar go mbeadh seasamh dearfach fioscach sa limistéar euro. Mheabhraigh sí gurbh í tuairim na n-airí, ar bhonn anailís an Choimisiúin, go bhfuil cothromaíocht iomchuí ag gabháil leis an seasamh neodrach comhiomlán buiséadach do 2017. Chuir an Grúpa Euro i dtábhacht go bhfuil difríochtaí nach beag ar fud na mBallstát ó thaobh spás fioscach de agus ó thaobh riachtanais maidir le comhdhlúthú buiséadach. Chuir na hairí i dtreis chomh maith an tábhacht a bhaineann le bearta buiséadacha lena gcothófaí an fás.
Chun a áirithiú go mbeidh na beartais náisiúnta fhioscacha á gcomhordú ar bhealach níos fearr, ní mór do Bhallstáit an limistéir euro a ndréachtphleananna buiséadacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh le go ndéanfaidh sé meastóireacht orthu idir an 1 agus an 15 Deireadh Fómhair gach bliain. Ní dearnadh dréachtphlean buiséadach na Gréige a mheas sa chleachtas seo toisc go mbeifear á mheas as féin, mar chuid de chlár leanúnach na Gréige maidir le coigeartú maicreacnamaíoch.
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha do 2017
- Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro do 2017
- Dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro
An Ghréig
na hinstitiúidí an Grúpa Euro ar an eolas faoin staid mar atá faoi láthair i ndáil leis an dara hathbhreithniú ar an gclár coigeartaithe eacnamaíoch, tar éis an mhisin athbhreithnithe a rinneadh i lár mhí na Samhna. Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus d’iarr sé ar údaráis na Gréige agus ar na hinstitiúidí caibidlíocht a atosú go tapa agus teacht ar chomhaontú maidir le pacáiste athchóirithe beartais arna chomhroinnt ag na páirtithe leasmhara go léir.
Eisíodh ráiteas lena bhformhuinítear pacáiste de bhearta fiachais gearrthéarmacha agus lena leagtar amach an bealach ar aghaidh.
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis an nGréig, an 5 Nollaig 2016
- An t-amlíne: an tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch don Ghréig
Clár oibre an Ghrúpa Euro
Ghlac an Grúpa Euro a chlár oibre don chéad leath de 2017.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Remarks by J.Dijsselbloem following the afternoon session of the Eurogroup meeting of 5 December 2016 - 05/12/2016
Eurogroup statement on Greece - 05/12/2016
Remarks by J.Dijsselbloem following the morning session of the Eurogroup meeting of 5 December 2016 - 05/12/2016
Eurogroup statement on the draft budgetary plans for 2017 - 05/12/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025