- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 20/03/2017, 20 Márta 2017
Na príomhthorthaí
Dréachtphleananna buiséadacha agus cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis
Rinne an Grúpa Euro measúnú ar an gcaoi ina bhfuil a ndréachtphleananna buiséadacha do 2017 á gcur chun feidhme ag Ballstáit an limistéir euro agus na gealltanais a leagtar amach sa ráiteas ón nGrúpa Euro an 5 Nollaig 2016 agus sa ráiteas uaidh an 26 Eanáir 2017. Ba i bhfianaise na Réamhaisnéise 2017 ón gCoimisiúin Eorpach, geimhreadh 2017, a rinneadh an measúnú, agus is beag an difríocht atá idir an measúnú sin agus na measúnaithe a rinneadh i mí na Nollag 2016 agus i mí Eanáir i mbliana.
Chomhaontaigh an Grúpa Euro an staid a athbhreithniú arís in earrach na bliana seo.
- Cruinniú an Ghrúpa Euro, 5 Nollaig 2016
- Cruinniú an Ghrúpa Euro, 26 Eanáir 2017
- Réamhaisnéis eacnamaíoch na hEorpa – geimhreadh 2017
Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: córais pinsean
Lean an Grúpa Euro den phlé ar chórais pinsean an limistéir euro. An uair sin thug na hairí aird ar an obair anailíseach a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí agus chomhaontaigh sé go gcuirfí tús le tagarmharcáil sna Ballstáit.
Is ar shraith táscairí (ar a n-áirítear inbhuaine fhioscach na gcóras pinsean) agus ar dhea-chleachtas náisiúnta a bhunófaí tagarmharcáil na gcóras pinsean. Sainítear na sonraí sa ráiteas ón nGrúpa Euro.
Ba i mí an Mheithimh 2016 a rinneadh an plé ba dhéanaí ar an ábhar sin, tráth a chomhaontaigh na hairí sraith de phrionsabail chomhchoiteanna chun inbhuaine na gcóras pinsean a neartú.
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le hinbhuanaitheacht na bpinsean a thagarmharcáil, 20 Márta 2017
- Cruinniú an Ghrúpa Euro, 16 Meitheamh 2016
An Ghréig
Chuir na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Coiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach) agus Aire Airgeadais na Gréige, Euclid Tsakalotos an Grúpa Euro ar an eolas faoin méid a thit amach i dtaca leis an dara hathbhreithniú ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige.
Is é is aidhm i gcónaí d’údaráis na Gréige agus do na hinstitiúidí an comhaontú a chur i gcrích ar an leibhéal foirne go mear, bunaithe ar an gcomhthuiscint ar ar tháinig siad an mhí seo caite. Beidh cainteanna diana acu sa Bhruiséil i gceann roinnt laethanta, agus díreoidh siad ar na saincheisteanna príomha atá fós gan réiteach. Áirítear orthu siúd airgeadas poiblí na Gréige a athchothromú sa mheántéarma (in 2018 agus ina dhiaidh sin) ar mhaithe leis an bhfás a spreagadh agus margadh an tsaothair a athchóiriú.
Is coinníoll riachtanach é comhaontú ar an leibhéal foirne má táthar chun clabhsúr rathúil a chur ar athbhreithnithe ar chláir agus dá bhrí sin is coinníoll é i dtaca le tacaíocht bhreise airgeadais a fháil mar atá ar fáil faoin gclár.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025