Skip to content

An Seimeastar Eorpach in 2019

  • 1 Eanáir

    Ar an leathanach seo, tá amlíne na n-imeachtaí mar aon leis na doiciméid a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach in 2019 agus iad in ord cróineolaíoch tuathail.

  • 2019

    9 Iúil

    Moltaí tír-shonracha don bhliain 2019 glactha go foirmiúil ag an gComhairle

    Rinne an Chomhairle a cuid moltaí agus tuairimí le haghaidh 2019 a eisiúint chuig na Ballstáit i ndáil lena mbeartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha agus, leis sin, tugadh Seimeastar Eorpach na bliana seo i gcrích. Rinne an Chomhairle Eorpach na moltaí a phlé roimhe seo i mí an Mheithimh agus rinne Comhairle EPSCO iad a fhormheas i mí Iúil.

    In ainneoin na n-éiginnteachtaí domhanda agus coinníollacha nach bhfuil chomh fabhrach, tuartar go bhfásfaidh geilleagair uile na mBallstát in 2020 agus tá dífhostaíocht ag an leibhéal is ísle riamh. Sa chomhthéacs sin, díríonn na moltaí tír-shonracha ar athchóirithe struchtúracha éifeachtacha a chur chun feidhme, borradh a chur faoi straitéisí infheistíochta agus beartais stuama fhioscacha a spreagadh.

  • 2019

    20 Meitheamh

    Moltaí tír-shonracha á bplé ag an gComhairle Eorpach

    Bhí plé ag an gComhairle Eorpach ar bhonn tuarascáil chothrománach maidir leis na moltaí tír-shonracha.

  • 2019

    5 Meitheamh

    Moltaí tír-shonracha don bhliain 2019 eisithe ag an gCoimisiún Eorpach

    Ar an 5 Meitheamh 2019, d'eisigh an Coimisiún Eorpach a thograí le haghaidh moltaí ón gComhairle do gach Ballstát de chuid an Aontais.

    Nuair a bheidh plé déanta ar na moltaí atá beartaithe agus iad glactha ag an gComhairle, beifear ag súil go ndéanfaidh na Ballstáit iad a léiriú ina mbeartais náisiúnta as seo go ceann 12 mhí.

  • 2019

    17 Bealtaine

    Conclusions on outcomes of in-depth reviews and implementation of the 2018 country-specific recommendations

    The Economic and Financial Affairs Council adopted conclusions on the outcomes of the in-depth reviews and the implementation of the 2018 country-specific recommendations. 

  • 2019

    12 Márta

    Cur i láthair na dtuarascálacha tíortha agus na ngrinn-athbhreithnithe

    Ag Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais mhí an Mhárta, thíolaic an Coimisiún forléargas ar na tuarascálacha tíortha, agus ar na grinn-athbhreithnithe i gcreat an nóis imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Phléigh na hairí cur chun feidhme moltaí tírshonracha a bhaineann leis an infheistíocht.

  • 2019

    22 Eanáir

    Conclúidí eisithe ag an gComhairle i dtaca le treoir mhaicreacnamaíoch agus fhioscach agus leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh

    Ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais conclúidí maidir le pacáiste an tSeimeastair Eorpaigh agus d'fhormheas sí dréachtmholadh ar bheartais eacnamaíocha an limistéir euro.

  • 2018

    21 Samhain

    Doiciméid i ndáil leis an Seimeastar Eorpach in 2019 faighte ag an gComhairle

    D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach 'pacáiste an Fhómhair', doiciméid a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach in 2019. Tá an pacáiste bunaithe ar réamhaisnéis eacnamaíochta an fhómhair 2018 ón gCoimisiún, agus cuireann sé leis na tosaíochtaí atá in aitheasc Uachtarán an Choimisiúin ar staid an Aontais Eorpaigh.

    An suirbhé bliantúil fáis don bhliain 2019

    Leagtar amach sa suirbhé na tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta nach mór don Aontas Eorpach ina iomláine agus do na Ballstáit díriú orthu in 2019.

    Ainneoin go bhfuil geilleagar na hEorpa ag fás le sé bliana as a chéile, gan bhriseadh, deirtear sa suirbhé nach bhfuil an fás sin ag dul chun leas na saoránach uile ná do na tíortha uile ar an mbealach céanna agus go bhfuilimid gan chosaint i gcónaí ar an éagobhsaíocht dhomhanda agus ar dhúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha. Ag an am céanna, tá na rioscaí agus na dúshláin sheachtracha ag dul i méid, agus gá le freagairt stóinsithe aontaithe ón Aontas.

    Dréacht‑tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht

    Úsáidtear an Scórchlár Sóisialta, lena ndéantar measúnú ar fheidhmíocht na mBallstát ar bhonn 14 tháscaire ceannlíne, sa dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht. Cuirtear san áireamh ann freisin na hathchóirithe beartais náisiúnta i leith na n-uaillmhianta atá leagtha síos i gcolún Eorpach na gceart sóisialta.

    Maidir le feabhas a chur ar mhargaí an tsaothair agus ar laghdú na bochtaineachta, léirigh 13 as an 14 tháscaire ceannlíne den Scórchlár Sóisialta gur tháinig feabhas ar chúrsaí, ar an meán, le bliain anuas. Mar sin féin, níl an téarnamh eacnamaíoch ag dul chun leasa do na saoránaigh uile ná do na tíortha uile ar an mbealach céanna fós.

    Leis an mborradh atá faoin ngeilleagar i láthair na huaire, tá deis ann anois dlús a chur leis na hathchóirithe atá dírithe ar fheabhas a chur ar an gcuimsitheacht, ar an teacht aniar agus ar an gcothroime sna margaí saothair agus sna córais cosanta sóisialta, agus ar an gcaoi sin cóineasú a chothú i dtreo
    dálaí maithe maireachtála agus oibre san Aontas Eorpach.

    Tá an ráta dífhostaíochta ar ais mar a bhí roimh an ngéarchéim, ach tá sé ard go maith fós i mBallstáit áirithe. B'ionann an ráta dífhostaíochta agus 6.9% sa dara ráithe de 2018 agus é anois ag an leibhéal is ísle riamh le deich mbliana anuas. Sa limistéar euro, tá an ráta dífhostaíochta, a bhí ag 8.3% sa dara ráithe de 2018, aon phointe céatadáin níos airde i gcónaí ná an leibhéal is ísle a cláraíodh in 2008.

    Tuarascáil 2019 maidir leis an sásra foláirimh

    Is leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh a chuirtear tús leis an nós imeachta don mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch. Is é is aidhm dó míchothromaíochtaí ba bhac ar fheidhmiú cuí gheilleagar an Aontais a shainaithint, agus, más gá, aghaidh a thabhairt orthu.

    In 2019, tá sé de rún ag an gCoimisiún grinn-athbhreithnithe a chur i gcrích i 13 Bhallstát: An Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn agus an tSualainn.

    Dréachtmholadh don limistéar euro don bhliain 2019

    Sna moltaí maidir leis an limistéar euro, cuirtear comhairle shaincheaptha ar fáil do Bhallstáit an limistéir euro i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú an limistéir euro ina iomláine, amhail beartais i ndáil le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a cheartú, seasamh fioscach an limistéir euro agus bailchríoch a chur ar an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

    Tá cúig chuid sna dréachtmholtaí don limistéar euro do 2019:

    1. An margadh aonair a dhoimhniú, timpeallacht an ghnó a fheabhsú, agus féachaint le hathchóirithe a fheabhsaíonn an teacht aniar atá i margaí na dtáirgí agus na seirbhísí.
    2. Maoláin fhioscacha a athbhunú i dtíortha sin an limistéir euro ina bhfuil leibhéil arda fiachais phoiblí, tacú leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach agus cáilíocht agus comhdhéanamh an airgeadais phoiblí a fheabhsú sna tíortha uile.
    3. Imeacht ó cháin ar shaothar agus treisiú leis na córais oideachais agus leis an infheistíocht i scileanna agus treisiú freisin le héifeachtacht agus leordhóthanacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair agus na gcóras cosanta sóisialta ó cheann ceann an limistéir euro.
    4. Cúlstop an Chiste Réitigh Aonair a chur i bhfeidhm, Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú agus treisiú leis an gcreat Eorpach rialála agus maoirseachta. Díghiaráil rianúil mórstoc fiachais phríobháidigh a chur chun cinn. Leibhéal na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú go pras sa limistéar euro agus carnadh na n-iasachtaí sin a chosc, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le claontacht fiachais i gcúrsaí cánachais.
    5. Dul chun cinn a dhéanamh go pras maidir le bailchríoch a chur ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta