- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 05/11/2018, 5 Samhain 2018
Na príomhthorthaí
Tháinig an Grúpa Euro le chéile sa ghnáthfhormáid agus san fhormáid chuimsitheach ina dhiaidh sin (27 mballstát).
An ghnáthfhormáid
Dréachtphleananna buiséadacha
Rinne an Grúpa Euro iniúchadh ar stádas an mheasúnaithe leanúnaigh ar dhréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro le haghaidh 2019 agus phléigh siad tuairim an Choimisiúin Eorpaigh faoi dhréachtphlean buiséadach na hIodáile, a eisíodh ar an 23 Deireadh Fómhair.
Tá oibleagáid ar Bhallstáit an limistéir euro a ndréachtphleananna buiséadacha náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain.
Foilsíodh téarmaí tagartha dhréachtphlean buiséadach na hIodáile tar éis an chruinnithe.
- Téarmaí tagartha dhréachtphlean buiséadach na hIodáile (preaseisiúint, 05/11/2018)
- Dréachtphleananna buiséadacha an limistéir euro do 2019
Plé téamach faoin bhfás agus faoi phoist: cobhsaíocht airgeadais in AEA
Bhí ceann eile dá phléití téamacha ar fhás agus ar phoist ag an nGrúpa Euro, agus iad ag díriú isteach an uair seo ar cheist na cobhsaíochta airgeadais san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
Bhí an plé bunaithe ar anailís a bhí déanta ag an gCoimisiún Eorpach agus ar chur i láthair ón ollamh eacnamaíochta agus buaiteoir dhuais Nobel, Jean Tirole.
An t-aontas baincéireachta: gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro
Chuir Danièle Nouy, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus Elke König, Cathaoirleach an Bhoird Aonair Réitigh an cur i láthair leathbhliantúil faoi na gníomhaíochtaí is déanaí de chuid Bhord Maoirseachta an BCE agus an Bhoird Réitigh Aonair os comhair an Ghrúpa Euro.
Formáid chuimsitheach
Seisiún faisnéise maidir le Cruinniú Mullaigh Euro mhí Dheireadh Fómhair
Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro Mário Centeno na hairí ar an eolas faoi thoradh Chruinniú Mullaigh Euro mhí Dheireadh Fómhair, a rinne measúnú ar staid na hoibre leanúnaí ar dhoimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA).
An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú
Lean an Grúpa Euro dá phlé ar chúltaca coiteann a chur ar bun don Chiste Réitigh Aonair agus ar an gcaoi le feabhsú a dhéanamh ar éifeachtacht uirlisí réamhchúramacha an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh. Anuas air sin, chaith an Grúpa Euro súil ar an obair ar an treochlár maidir le tús a chur le plé polaitiúil ar EDIS.
Phléigh na hairí an cúltaca don Chiste Réitigh Aonair agus an t-athchóiriú ar SCE ag a gcruinnithe i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair faoi seach.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025