"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an staid mhaicreacnamaíoch sa limistéar euro. Rinne stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Christian Zinglersen an Grúpa Euro a thabhairt cothrom le dáta maidir le forbairtí i bpraghsanna fuinnimh le déanaí. Cuirfidh an méid sin leis an bhfaireachán rialta a dhéanfaidh an Grúpa Euro ar fhorbairtí eacnamaíocha sa limistéar euro.
D'fhonn tuiscint ar phlé an lae inniu a thabhairt daoibh, táimid ar fad ar aon intinn leis an gCoimisiún agus le BCE gur dócha nach fada a mhairfidh cuid mhór de na forbairtí reatha, agus gur cheart go dtosódh an boilsciú ag titim arís an bhliain seo chugainn. Ní hiad na daoine is leochailí amháin atá thíos leis: is saincheist í seo a bhaineann le gach Eorpach – saoránaigh agus gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Sin an fáth ar thángamar ar chomhaontú faoin ngá atá le faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bpraghsanna fuinnimh agus í sin a chur san áireamh i gceapadh ár mbeartas buiséadach lena chinntiú nach gcuirfear isteach ar an téarnamh atá ag tarlú.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Cruinnithe idirnáisiúnta a ullmhú
Roimh na cruinnithe bliantúla a bheidh ag Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta amach anseo, rinne an Grúpa Euro a mharana ar fhorbairtí ar an ráta malairte le roinnt míonna anuas.
Cuid d’ullmhúchán an Ghrúpa Euro do chruinnithe idirnáisiúnta is ea an plé ar fhorbairtí an ráta malairte.
Tosaíochtaí an limistéir euro i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó fhreagairt na hEorpa ar COVID-19
Rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme thosaíochtaí an limistéir euro sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta bunaithe ar chur i láthair ón gCoimisiún Eorpach. Ina theannta sin, bhí malartú tuairimí acu maidir leis na tosaíochtaí beartais eacnamaíocha don limistéar euro mar a bheidh amach anseo
Is iad an fás atá le feiceáil againn anois, an tacaíocht leanúnach beartais atá á tabhairt againn, agus an cistiú téarnaimh atá á dháileadh anois, an leigheas is fearr atá ann chun cabhrú le gnólachtaí agus le teaghlaigh teacht slán as an ngéarchéim eacnamaíoch seo.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le clár 2022 do phlé téamach an Ghrúpa Euro ar an bhfás agus ar phoist. Is í an aidhm a bhí ann téamaí ábhartha tosaíochta a roghnú agus bealaí a phlé chun an plé téamach a struchtúrú ionas go rannchuideoidh siad a oiread agus is féidir le cuspóirí beartais an limistéir euro a bhaint amach.
an Ghréig – an 11ú tuarascáil faireachais fheabhsaithe
Phléigh an Grúpa Euro an 11ú tuarascáil faireachais fheabhsaithe ar an nGréig. Níl aon bhaint ag an tuarascáil sin le cinneadh faoi bhearta fiachais atá ag brath ar bheartais.
Ghlac an Coimisiún cinneadh an 11 Iúil 2018 an creat faireachais fheabhsaithe don Ghréig a ghníomhachtú, cinneadh a tháinig i bhfeidhm tar éis dheireadh chlár an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE), i mí Lúnasa 2018. A bhuí leis na tuarascálacha ráithiúla faireachais fheabhsaithe seo, is féidir faireachán grinn a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais agus ar na gealltanais bheartais iarchláir, mar a chomhaontaigh an Grúpa Euro iad i mí an Mheithimh 2018.
An t-aontas baincéireachta a thabhairt cothrom le dáta agus tuairisciú a dhéanamh ar ghnéithe oibríochtúla
An ceathrú éisteacht déag ag Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta
Chuir Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta den Bhanc Ceannais Eorpach, Andrea Enria, an Grúpa Euro ar an eolas faoi na cúraimí maoirseachta a rinneadh faoi mhaoirseacht baincéireachta BCE. Dhírigh an cathaoirleach go háirithe ar thionchar phaindéim COVID-19 ar riosca creidmheasa, na rioscaí atá ag teacht chun cinn a bhfuil gá le gníomhaíocht mhaoirseachta ina leith, claochlú struchtúrach earnáil baincéireachta na hEorpa agus coigeartuithe ar shamhlacha gnó arna spreagadh ag an digiteáil agus an riosca aeráide.
Tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Bhoird Réitigh Aonair le déanaí
Thug cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair (SRB), Elke König, an Grúpa Euro cothrom le dáta maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne BRA le déanaí, ag díriú ar thosaíochtaí maidir le hinréititheacht na mbanc, na híoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI), ullmhúchán do chéim chur chun feidhme an chúlstop choitinn, agus na rialuithe a rinneadh le déanaí ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach a bhfuil tionchar acu ar BRA.
Is cur i láthair rialta iad seo a dhéantar dhá uair sa bhliain.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.