Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Aitheasc
  • 25 Márta 2015 16:00

Tuairisc ó Uachtarán Donald Tusk do Pharlaimint na hEorpa maidir le chruinniú Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2015

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir íospartaigh uile thragóid eitleáin Germanwings an lae inné. Ba mhaith liom freisin mo chomhbhrón agus mo chomhbhá a chur in iúl do rialtais na náisiún ar fad atá buailte leis an tragóid scáfar seo. Tá sibhse inár gcroí againn inniu.

Anois, ba mhaith liom tuairisc a thabhairt daoibh maidir le Comhairle Eorpach an Earraigh, Comhairle Eorpach mórspéise a raibh clár oibre dian, fada ag roinnt léi.

Thugamar na chéad choischéimeanna ar an gcosán i dtreo an Aontais Fuinnimh, agus na gnéithe uile a bhaineann leis sin. Ba ar an tslándáil fuinnimh is mó a bhí ár gcuid plé dírithe. Shocraigh na ceannairí go gcaithfidh gach conradh gáis a dhéanfaí amach anseo, idir chonarthaí a dhéantar idir rialtais agus iad siúd a dhéantar idir cuideachtaí, bheith ní ba thrédhearcaí le cinntiú go mbeidh ár gcuid rialacha á gcomhlíonadh acu agus nach baol iad don tslándáil fuinnimh. Socrófar na mionsonraí i reachtaíocht a bheidh á cur ar aghaidh ag an gCoimisiún go luath amach anseo. Tá súil agam go dtacóidh an tionóil seo lenár n-uaillmhian i dtaca leis sin. Shocraíomar freisin féachaint an bhféadfadh cuideachtaí na hEorpa comhoibriú lena chéile chun gás a bhulc-cheannach. Tá an plé seo go thar a bheith tráthúil. Is mórlaige é dár gcuid muid a bheith chomh spleách sin ar sholáthróirí seachtracha agus is cúis áthais dom go raibh na ceannairí sásta aghaidh a thabhairt air sin. Shocraíomar freisin dlús a chur leis an taidhleoireacht aeráide a dhéanann an Eoraip roimh Chruinniú Mullaigh Pháras maidir leis an athrú aeráide i mí na Nollag.

Agus Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, inár láthair, ba é an geilleagar Eorpach an t-ábhar plé a bhí againn. Tá feabhas i ndán dár ngeilleagar de réir a bhfuil le tuiscint ó na réamhaisnéisí is deireanaí. Tá na praghsanna ola tar éis titim níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis. Tá éascú cainníochtúil á chur chun feidhme ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tá luach an euro tar éis titim. Fós féin, ní oibreoidh aon tionscnamh airgeadaíochta, dá mhéid é, mura ndéantar athchóirithe struchtúracha ar an leibhéal náisiúnta. Is anois is gá an t-athchóiriú a dhéanamh agus an chóir ghaoithe linn. Ach, tá thart ar 5 milliún duine óg fós dífhostaithe againn san Aontas Eorpach, mar sin ní féidir linn scaoileadh leis na maidí iomramh fós. Níor cheart ach an oiread go n-éireodh an teach seo as na hiarrachtaí chun comhaontú a bhaint amach faoin gCiste Eorpach Infheistíochta, ciste a chabhróidh linn an infheistíocht a chur ar fáil atá ag teastáil go géar uainn.

Bhí díospóireacht fhónta againn maidir leis an gComhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (TTIP). Tá na cuspóirí soiléir i gcónaí: go mbainfí amach, faoi dheireadh na bliana 2015, comhaontú a bheidh uaillmhianach, cuimsitheach agus chun tairbhe cách. Bhí na ceannairí uile ar aon intinn faoi gur gá anois na buntáistí a d’fhéadfadh teacht as an gcomhaontú sin a chur ar a shúile don phobal.

I seisiúin na ngnóthaí eachtracha, phléamar gnéithe an Oirthir agus an Deiscirt araon dár mbeartas comharsanachta. Caithfidh an Eoraip leanúint de ghaisneas a bhaint dá meáchan taidhleoireachta agus de bheith ina díol cobhsaíochta.

Ar bhonn an eolais a fuarthas ó na hAirí Gnóthaí Eachtracha, phléigh an Chomhairle Eorpach an staid slándála sa Libia. Tá rún daingean againn tacú go huile agus go hiomlán leis na cainteanna atá á n-eagrú ag na Náisiún Aontaithe ar mhaithe le sos cogaidh láithreach agus Rialtas Aontachta Náisiúnta a bhunú. Chuireamar in iúl gan agó go bhfuil muid réidh le tacú lena leithéid de chomhaontú a luaithe agus a bheidh ann dó. I gcomhthéacs na Libia, pléadh freisin an méadú atá tagtha ar an imirce neamhrialaithe. Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas Eorpach cheana féin agus caithfear dlús a chur leo. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach go raibh beartaithe ag an gCoimisiún Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce a chur faoina bráid i mí na Bealtaine. Mar sin féin, is é an beart amháin is fearr a chabhróidh leis an imirce a choinneáil faoi smacht arís ná údarás lárnach a athbhunú sa Libia.

Ba é an lá roimh ár gcruinniú a tharla an t-ionsaí sceimlitheoireachta ar Iarsmalann Bardo i dTúinis, ionsaí inar chaill lear mór a mbeatha. Ba d'aon ghuth a shocraíomar tacú le daonlathas óg na Túinéise, lena fhorbairt eacnamaíoch agus sóisialta, agus tacú leis freisin sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Is eiseamláir den dóchas í an Túinéis agus dá réir sin déanfaimid ár seacht ndícheall tacú léi. Beidh cuairt á tabhairt agam, in éineacht leis an Ardionadaí, ar an Túinéis agus ar an réigiún máguaird an tseachtain seo chugainn chun an staid a ghrinnscrúdú, agus féachaint cén chaoi ar féidir leis an Eoraip cabhrú lena chobhsú.

Agus anois, agus ár n-aghaidh a thabhairt soir againn. Ba é seo cruinniú deireanach na gceannairí roimh chruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir i Ríge. Dheimhníomar go bhfuilimid tiomanta do na 6 thír chomhpháirtíochta agus leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí na hinstitiúidí daonlathacha a neartú.

Ar deireadh, d’aontaíomar cur lenár dtacaíocht leis an bpróiseas síochána san Úcráin agus ár gcóras smachtbhannaí a nascadh le cur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc. Is é sin an bealach is dóchúla lena bhféadfaí a chinntiú go gcloífí leis an socrú a bhain an tUachtarán Hollande agus an Seansailéir Merkel amach. Shocraíomar go rabhamar réidh le bearta breise a dhéanamh sa chás go ngabhfadh an scéal chun donais. Idir an dá linn, leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ag tacú leis na hiarrachtaí ar mhaithe le hathchóirithe san Úcráin. Tréaslaím leis an obair atá á déanamh ag an bParlaimint chun bailchríoch a chur ar na socruithe faoin gcúnamh airgeadais do Chív.

Mar fhocal scoir, ligigí dom labhairt faoin nGréig, tír nach beag a tábhacht do thodhchaí an limistéir euro agus an Aontais Eorpaigh. Thionóil mé cruinniú neamhfhoirmiúil faoin nGréig, ar iarratas ó Phríomh-Aire Tsipras. Ba shoiléir cuspóir don chruinniú sin: an chomh-mhuinín a athbhunú agus na míthuiscintí a sheachaint. Measaim gur éirigh linn sa mhéid sin. Shocraíomar dlús a chur le cur chun feidhme chomhaontú an Ghrúpa Euro den 20 Feabhra. Gheall Príomh-Aire Tsipras go gcuirfeadh sé a thuilleadh pleananna don athchóiriú faoinár mbráid go luath. Táimid ag súil go réiteofar an bealach chun fuascailte leis sin.

Ó tharla formáid an chruinnithe sin ina hábhar suntais, ligigí dom a rá gur iarr mé ar chomhaltaí na Comhairle Eorpaí arbh fhearr leo ceist na Gréige a phlé i gcruinniú mullaigh faoin Euro, a d'fhéadfaí a thionól go láithreach bonn dá mba gá sin. Níor fhearr leo, a dúirt siad agus fiú níor cheap go mba fónta an rud é ag an bpointe seo.    Sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, leanfaidh mé de mo dhícheall a dhéanamh chun cabhrú i dtaca leis an gcruacheist seo.

Go raibh míle maith agaibh. Táim ag súil go mór lenár ndíospóireacht.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024