Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Cultúr agus Spórt), 12 Bealtaine 2026

Na príomhthorthaí

Cultúr, closamharc agus meáin

AgoraEU

Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le príomhghnéithe chlár nua AgoraEU lena dtacaítear leis an gcultúr, leis na meáin agus leis an tsochaí shibhialta san Eoraip.

Is é is aidhm do chlár AgoraEU luachanna comhroinnte a chothú, cuir i gcás an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta. Tacóidh sé le héagsúlacht chultúrtha na hEorpa agus lena hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, mar shampla, earnálacha an chlosamhairc agus na meán nuachta, chomh maith le saoirse ealaíne agus saoirse na meán a chosaint agus borradh a chur faoin tsaoránacht ghníomhach.

Is céim thábhachtach é comhaontú an lae inniu maidir le creatlach chultúrtha agus dhaonlathach na hEorpa a neartú. Le AgoraEU, tá na huirlisí is gá á gcur ar fáil againn dár n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha go mbeidh rath orthu, agus na luachanna arb iad bunchloch ár nAontais iad á gcosaint ag an am céanna, ó shaoirse ealaíne go dtí an tsaoránacht ghníomhach.

An Dr Vasiliki Kassianidou, Leas-Aire Cultúir, Poblacht na Cipire

Tá seasamh caibidlíochta na Comhairle ‘páirteach’ toisc go n-eisiatar leis saincheisteanna airgeadais agus cothrománacha atá á bplé faoi láthair mar chuid den chaibidlíocht maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile don tréimhse 2028 go 2034.

Plean Oibre an Aontais don Chultúr

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na príomhthosaíochtaí do Phlean Oibre an Aontais don Chultúr 2027-2030, atá beartaithe a ghlacadh faoi dheireadh 2026. Díríodh sa phlé ar na hábhair a bhaineann leis an mbeartas cultúir ar cheart don Chomhairle tosaíocht a thabhairt dóibh le linn na tréimhse 2027-2030, agus ar an gcaoi a bhféadfaí na tosaíochtaí sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus chun ailíniú leis na creataí beartais ábhartha.

Pointí eile

Faoi ‘gnó eile’, fuair an Chomhairle faisnéis faoi chlár oibre uachtaránacht inteachta na hÉireann. I measc na n-ábhar eile bhí an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Atógáil na hÚcráine a bheidh ar siúl sa Pholainn; cultúr agus an intleacht shaorga; agus féachaint chuige go mbeidh Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc slán i bhfad na haimsire.

An Spórt

Turasóireacht spóirt agus forbairt inbhuanaithe

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an turasóireacht spóirt mar rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe. Iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit cur chuige straitéiseach a ghlacadh maidir le turasóireacht spóirt a fhorbairt, tionscnaimh ar nós fothú acmhainneachta agus nuálaíocht dhigiteach a chistiú, agus cleachtais atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí turasóireachta spóirt a eagrú agus a chur i gcrích.

Aithnítear sna conclúidí sin go gcuireann an turasóireacht spóirt leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tríd an spórt, an turasóireacht agus pobail áitiúla a nascadh le chéile, is féidir linn deiseanna eacnamaíocha a chruthú, stíleanna maireachtála níos sláintiúla a spreagadh agus comhtháthú sóisialta a threisiú, agus a chinntiú ag an am céanna go bhfanfaidh cosaint an chomhshaoil agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide i gcroílár thurasóireacht spóirt na hEorpa.

An Dr Athena Michaelidou, Aire Oideachais, Spóirt agus Óige, Poblacht na Cipire

An mheabhairshláinte sa spórt

Bhí seisiún tuairimíochta ann maidir leis an ábhar ‘An mheabhairshláinte sa spórt: idir athléimneacht an duine féin agus fhreagracht an chórais’.

Rinne na hairí machnamh ar an gcaoi a bhféadfadh na Ballstáit beartais agus cleachtais spóirt a fhorbairt agus a neartú a thuilleadh chun a chinntiú go ndearfar timpeallachtaí spóirt ar bhealach a laghdóidh an brú síceolaíoch agus a thacóidh le folláine mheabhrach na lúthchleasaithe, na gcóitseálaithe, na n-oifigeach spóirt agus an lucht saothair spóirt i gcoitinne ag an am céanna.

D’fhéach siad freisin ar bhealaí ina bhféadfadh comhar ar leibhéal an Aontais feabhas a chur ar chosc agus ar leas ar fud an bheartais spóirt, sláinte agus oideachais.

Ghlac Kim Bui, iar-scoth-ghleacaí ealaíne Gearmánach, agus George Loules, múinteoir corpoideachais, iarrthóir PhD sa tsíceolaíocht spóirt agus cóitseálaí sacair gairmiúil, páirt sa phlé freisin.

Lón neamhfhoirmiúil

Le linn an lóin, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir le ‘Aosú gníomhach a chur chun cinn tríd an spórt: an tsláinte, an fholláine agus an rannpháirtíocht a chur chun cinn’.

Pointí eile

Faoi ‘gnó eile’, fuair na hairí faisnéis faoi chlár oibre uachtaránacht inteachta na hÉireann; rannpháirtíocht lúthchleasaithe Rúiseacha agus Bealarúiseacha i gcomórtais spóirt san Eoraip; an tionchar ar eagrú imeachtaí spóirt san Eoraip dá ligfí do lúthchleasaithe ón Rúis agus ón mBealarúis dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta faoina siombailí náisiúnta; conclúidí Lipica; agus gortuithe inchinne sa spórt.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Iúil 2026