Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Cultúr agus spórt), 28 Samhain 2025

Na príomhthorthaí

Cultúr, closamharc agus meáin

Ról straitéiseach an chultúir

D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le ról straitéiseach an chultúir, na hoidhreachta cultúrtha agus na saothar closamhairc chun luachanna Eorpacha agus athléimneacht dhaonlathach a chaomhnú.

<p>Jakob Engel-Schmidt, Aire Cultúir na Danmhairge</p>

Ní ar struchtúir pholaitiúla amháin a bhraitheann an daonlathas. Cothaítear é inár leabharlanna, inár músaeim, inár bpictiúrlanna, inár gcartlanna agus inár n-amharclanna — spásanna ina bhfoghlaimíonn daoine conas smaoineamh go criticiúil, comhbhá a dhéanamh agus a bheith rannpháirteach. Seolaimid teachtaireacht shoiléir: tá sé bunriachtanach an cultúr agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint chun an daonlathas féin a chosaint.

<p>Jakob Engel-Schmidt, Aire Cultúir na Danmhairge</p>

Jakob Engel-Schmidt, Aire Cultúir na Danmhairge

Leagtar amach sna conclúidí creat cuimsitheach chun luachanna Eorpacha agus athléimneacht dhaonlathach a chosaint agus a chur chun cinn tríd an gcultúr agus tríd an oidhreacht chultúrtha, go háirithe i gcomhthéacs dúshláin gheopholaitiúla.

Go háirithe, leagtar béim iontu ar an ról sonrach bunriachtanach atá ag an gcultúr agus ag an éagsúlacht chultúrtha maidir le comhtháthú, muintearas agus rannpháirtíocht shibhialta a chothú i sochaithe na hEorpa.

Rochtain ar nuacht iontaofa

D’fhormheas Uachtaránacht na Danmhairge conclúidí ón Uachtaránacht, le tacaíocht ó 26 Bhallstát, maidir le rochtain ar nuacht iontaofa mar chuid den Sciath Eorpach don Daonlathas. Áirítear sa Sciath, a thíolaic an Coimisiún an 12 Samhain 2025, bearta chun meáin shaora neamhspleácha a chosaint mar cholún de chórais dhaonlathacha san Aontas.

Tugadh faoi deara sna conclúidí, cé go bhfuil rochtain ar nuacht iontaofa ríthábhachtach do dhaonlathas feidhmiúil, go bhféadfadh tosca mar shampla dúshláin gheopholaitiúla, ábhar atá bunaithe ar algartaim agus méadú tionchairí an bonn a bhaint den mhuinín as an iriseoireacht.

Leagadh béim ar leith ar an tábhacht a bhaineann le freagracht eagarthóireachta maidir le rochtain ar nuacht iontaofa a áirithiú agus cloí le caighdeáin iriseoireachta, agus iarradh go gcuirfí ardchaighdeáin chomhchosúla i bhfeidhm maidir le foinsí nuachta ‘nua’ (ar líne den chuid is mó).

I measc na n-ábhar eile a cumhdaíodh bhí an gá atá le hioncam agus cistiú a áirithiú do na meáin nuachta, ábharthacht dhigiteach mheán na seirbhíse poiblí agus suntasacht seirbhísí meán leasa ghinearálta. Léirítear sa téacs freisin bealaí chun litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a neartú agus chun beartas na meán a chomhtháthú sna spriocanna beartais foriomlána.

AgoraEU

Thíolaic Uachtaránacht na Danmhairge tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear clár nua AgoraEU don chultúr, do na meáin agus don tsochaí shibhialta.

Leis an togra, a foilsíodh an 16 Iúil 2025 i gcomhthéacs chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034, tugtar le chéile €8.6 billiún i gcistiú.

Is é is aidhm dó éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus oidhreacht a chur chun cinn, iomaíochas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a mhéadú, saoirse ealaíne agus saoirse na meán a chosaint, agus comhionannas, saoránacht ghníomhach, cearta agus luachanna a chosaint agus a chur chun cinn.

Lón neamhfhoirmiúil

Le linn an lóin, bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir le ‘Todhchaí an chultúir a mhúnlú i ré na hintleachta saorga’.

Aon ghnó eile

Le linn an chruinnithe, phléigh na hairí ábhair eile lena n-áirítear an Compás Cultúir don Eoraip, cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí cultúir a bhí ar siúl i gCóbanhávan i mí na Samhna, agus an Sciath Eorpach don Daonlathas.

An Spórt

Daonlathas agus trédhearcacht sa spórt

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit cabhrú le cónaidhmeanna idirnáisiúnta spóirt an daonlathas, an trédhearcacht agus an tsláine a neartú ina struchtúir rialachais.

Phléigh siad freisin bealaí chun bonn daonlathach agus sóisialta samhla spóirt Eorpaí a chosaint agus a chur chun cinn in aghaidh sraitheanna scarúnaíocha agus athlonnú comórtas Eorpach.

An Ghníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála

D’fhormheas na hairí rún lena ndéanfar athbhreithniú ar ionadaíocht Bhallstáit an Aontais ar bhord fondúireachta na Gníomhaireachta Domhanda Frithdhópála (WADA) agus ar chomhordú sheasaimh na mBallstát roimh chruinnithe WADA.

Is é is aidhm don athbhreithniú rún 2023 a thabhairt cothrom le dáta chun soiléireacht níos fearr a sholáthar maidir leis an bpróiseas chun seasaimh an Aontais a bhunú, agus maidir leis na sásraí tuairiscithe. Tá sé d’aidhm ag an athbhreithniú freisin athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháileadh shuíocháin ionadaithe an Aontais ar bhunbhord WADA.

Míreanna gnó eile

I measc na míreanna eile ar chlár oibre na Comhairle bhí Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh agus clár oibre uachtaránacht inteachta na Cipire.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Nollaig 2025