"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Oideachas agus óige), 27 Samhain 2025
Na príomhthorthaí
Oideachas
Iomaíochas na hEorpa agus ról an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna ina leith
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le ról an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna i leith iomaíochas agus athléimneacht na hEorpa, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus na scileanna atá ann a bheith ag teacht níos fearr le riachtanais an mhargaidh saothair.
Léiríodh le plé an lae inniu an tiomantas láidir comhroinnte atá ann an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a neartú mar bhonn d’iomaíochas na hEorpa. Is tosaíochtaí práinneacha iad aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus an t-oideachas a ailíniú le riachtanais an mhargaidh saothair má tá an Eoraip le leanúint de bheith athléimneach san aistriú glas agus san aistriú digiteach.
Mattias Tesfaye, Aire Leanaí agus Oideachais na Danmhairge
Rinne na hairí a marana ar an gcaoi a bhféadfaí cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a ailíniú níos fearr le riachtanais an mhargaidh saothair agus, san am céanna, oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta a chur ar fáil do gach foghlaimeoir gairmoideachais agus gairmoiliúna.
Phléigh siad freisin bealaí chun cur le tarraingteacht na gclár gairmoideachais agus gairmoiliúna agus cothromaíocht inscne a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cláir ETIM.
Thuig an Chomhairle dá haire staid na himeartha na himeartha maidir leis an dara timthriall den chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais (2026-2030).
Sa rún sin, leagtar amach an clár oibre don chomhar ar leibhéal an Aontais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna as seo go ceann 5 bliana.
Thug na hairí dá n-aire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le rialachán Erasmus+ don tréimhse 2028-2034, a thíolaic Uachtaránacht na Danmhairge.
Foilsíodh an togra le haghaidh rialacháin an 16 Iúil 2025 i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil. Foráiltear ann do luach EUR 40.8 billiún de bhuiséad agus déantar Erasmus+ a chumasc leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
Bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ar siúl ag am lóin maidir le soghluaisteacht sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh agus ardoideachais.
Aon ghnó eile
I measc na míreanna eile ar chlár oibre na Comhairle bhí Tuarascáil bhliantúil 2025 ón gCoimisiún ar dhul chun cinn maidir le Simpliú, Cur Chun Feidhme agus Forfheidhmiú.
An Óige
Athléimneacht a neartú trí Erasmus+
Bhí seisiún tuairimíochta ann dar teideal ‘Athléimneacht a neartú i measc daoine óga trí Erasmus+ 2028-2034’.
Díríodh sa phlé ar an gcaoi a bhféadfadh clár Erasmus+ 2028-2034 rannchuidiú le hathléimneacht a neartú i measc daoine óga san Eoraip, agus béim ar leith á leagan ar an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun cabhrú le tíortha rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach daoine óga a mhéadú.
Ag tús an phlé, chuir ionadaí ó Chomhairle Óige na Danmhairge torthaí Chomhdháil Óige an Aontais i láthair, a bhí ar siúl i gCóbanhávan i mí Mheán Fómhair mar chuid d’Idirphlé Óige an Aontais.
Díospóireacht neamhfhoirmiúil le linn an bhricfeasta
Tionóladh díospóireacht neamhfhoirmiúil céadphroinne maidir le ‘Athléimneacht agus rannpháirtíocht a chur chun cinn i measc aos óg na hEorpa’. Bhí an díospóireacht ar siúl faoi chuimsiú Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.