"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Oideachas agus Óige), 11 Bealtaine 2026
Na príomhthorthaí
Oideachas
Erasmus+ 2028-2034
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh i ndáil leis an rialachán maidir le Erasmus+ do 2028-2034, arb é an chéad chéim ríthábhachtach é i dtreo na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa.
Táimid muiníneach, trínár gcuid oibre an seimeastar seo, go leanfaidh na glúnta Erasmus atá le teacht de thairbhe a bhaint as na deiseanna iontacha a ghabhann leis an gclár. Ó shoghluaisteacht foghlama agus obair dheonach go deiseanna forbartha tallainne agus barr feabhais agus comhar i measc institiúidí agus eagraíochtaí, ba cheart do Erasmus+ a bheidh ann amach anseo leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, i nuálaíocht agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán.
An Dr Athena Michaelidou, Aire Oideachais, Spóirt agus Óige, Poblacht na Cipire
Is é is aidhm don chlár Erasmus+ tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán agus deiseanna soghluaisteachta foghlama a chur ar fáil do raon leathan rannpháirtithe, lena n-áirítear daoine óga, printísigh, mic léinn agus múinteoirí. Leis an togra ón gCoimisiún, déantar an clár a chumasc leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le múinteoirí i ré na hintleachta saorga (IS). Athdhearbhaítear sna conclúidí go bhfuil múinteoirí ríthábhachtach chun an intleacht shaorga a chomhtháthú san oideachas ar bhealach atá dírithe ar an duine agus faoi stiúir oideolaíoch agus iarrtar ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun litearthacht intleachta saorga múinteoirí a threisiú, leas a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga agus na rioscaí gaolmhara a mhaolú ag an am céanna, uirlisí intleachta saorga a bhaineann go sonrach leis an oideachas a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí digiteacha, agus dálaí oibre agus folláine múinteoirí a chosaint.
Ní hamháin go n-úsáideann múinteoirí IS — is treoraithe, meantóirí agus smaointeoirí criticiúla iad a chuidíonn le daltaí a mbealach a dhéanamh trí dhomhan digiteach atá ag éirí níos casta. Tá sé bunriachtanach tacú leo leis an oiliúint, na huirlisí agus na coimircí cearta chun go n-éireoidh leis an intleacht shaorga san oideachas.
An Dr Athena Michaelidou, Aire Oideachais, Spóirt agus Óige, Poblacht na Cipire
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le ‘Bunscileanna agus an Limistéar Eorpach Oideachais: droichid a thógáil don todhchaí’. Díríodh sa phlé ar straitéisí éifeachtacha chun bunscileanna a neartú do gach foghlaimeoir. D’fhiosraigh an Chomhairle freisin conas is fearr a d’fhéadfadh comhar ar leibhéal an Aontais tacú le forbairt agus feabhsú na scileanna sin agus ról an Limistéir Eorpaigh Oideachais sa phróiseas sin.
Le linn an lóin, bhí plé ag na hairí oideachais maidir le bealaí chun córais athléimneacha oideachais agus oiliúna a thógáil tráth géarchéime. Ghlac Aire Oideachais agus Eolaíochta na hÚcráine, Oksen Lisovyi, páirt sa phlé freisin.
Ábhair eile
Faoi ‘gnó eile’, fuair na hairí faisnéis faoi chlár oibre uachtaránacht inteachta na hÉireann; faisnéis ón gCróit maidir le hinchinn tionscadail i ré IS; agus faisnéis ón tSlóvaic maidir le gníomhaíocht chomhordaithe le haghaidh sábháilteacht leanaí ar líne
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Beartais an Aontais agus beartais náisiúnta a thacaíonn leis an óige
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le bealaí chun a chinntiú gur fearr a léireoidh ceapadh beartas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta riachtanais agus ionchais daoine óga san Eoraip.
Le linn an phlé, roinn siad samplaí de dhea-chleachtais ina dtíortha féin a chuidigh le beartais a dhéanamh níos fabhraí don óige, chomh maith le haon dúshlán a tháinig chun cinn agus conas a tugadh aghaidh orthu sin. Chuir siad bealaí chun cinn freisin chun a áirithiú go mbeadh an chéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais níos fabhraí don óige, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht, cur chun feidhme agus tionchar.
D’fhormheas an Chomhairle rún maidir leis an athbhreithniú ar an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais do 2025-2027.
Leis an rún, nuashonraítear an plean oibre don tréimhse 2025-2027, go háirithe i bhfianaise Uachtaránachtaí na hÉireann, na Liotuáine agus na Gréige ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá ar na bacáin.
Is é is aidhm do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 daoine óga a chumhachtú, a n-athléimneacht a fheabhsú agus a gcuimsiú a chur chun cinn.
Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (i seisiún poiblí)
D’fhormheas an Chomhairle rún maidir le torthaí an 11ú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, arb é is aidhm dó a chinntiú go n-aithneoidh na páirtithe leasmhara ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta na torthaí agus go ndéanfaidh siad obair leantach orthu, chomh maith le trédhearcacht, cáilíocht agus leanúnachas a chinntiú i gcur chun feidhme Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus a thorthaí.
Bhí an 11ú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais faoi stiúir fhoireann trí Uachtaránacht na Polainne, na Danmhairge agus na Cipire, agus díríodh ar Sprioc Eorpach don Óige Uimh. 1: ‘An tAontas a nascadh leis an óige’.
Tionóladh cruinniú neamhfhoirmiúil céadphroinne faoi chuimsiúIdirphlé Óige an Aontais, inar tugadh le chéile ionadaithe ón iar-uachtaránacht, ón uachtaránacht reatha agus ón uachtaránacht atá le teacht, ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa, agus ó eagraíochtaí Eorpacha don óige. Díríodh sa phlé ar Straitéis Óige an Aontais tar éis 2027.
Ábhair eile
Faoi ‘gnó eile’, cuireadh na hairí ar an eolas faoi chonclúidí an bhricfeasta neamhfhoirmiúil maidir le Straitéis Óige an Aontais tar éis 2027, agus fuair siad eolas ó thoscaireacht na hÉireann faoin gclár oibre dá n-uachtaránacht inteachta. Chuir an Coimisiún na toscaireachtaí ar an eolas faoin Straitéis maidir le Cothroime Idirghlúine agus faoin bPlean Gníomhaíochta i gcoinne na Cibearbhulaíochta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.