Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16-17/11/2015, 16-17 Samhain 2015

Príomhthorthaí

Gnóthaí Eachtracha , an 16 Samhain

Is dúshláin choitianta iad na dúshláin atá sa tSiria, sa Fhrainc inniu, agus san Eoraip: má bhíonn slándáil thall sa tSiria acu beidh sí abhus anseo againne freisin.  Níor cheart saincheist na himirce agus na dteifeach a mheascadh leis na bagairtí sceimhlitheoireachta, tá na daoine sin atá á gcur féin i muinín chosaint an Aontais ag éalú ón mbagairt cheannann chéanna a bhfuilimidne i ngleic léi. Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ag tús an chruinnithe, thagair an tArdionadaí do na hionsaithe i bPárasa tharla tar éis ionsaithe sceimhlitheoireachta i mBéiriút, i gcoinne shibhialtaigh na Rúise ar an eitleán san Éigipt, san Iaráic agus na hionsaithe a dhéantar sa tSiria gach lá.

D'fhan na hAirí ina dtost ag meán lae ar feadh nóiméid in ómós do na híospartaigh.

An tSiria

Bhí plé ag na hAirí maidir leis an tSiria, in éineacht le Staffan de Mistura, Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe. Phléigh siad na forbairtí is déanaí lena gcumhdaítear na hiarrachtaí taidhleoireachta le gairid, lena n-áirítear an plé a rinneadh i Vín an 30 Deireadh Fómhair agus an 14 Samhain.

Chuir an tArdionadaí ibhfáth gurb é an bealach is fearr chun na cúinsí a chruthú le haghaidh Daesh a chur dá bhoinn, réiteach polaitiúil a fháil ar an gcoinbhleacht sa tSiria. Dhearbhaigh sí gur bhraith agus gur thuig gach duine timpeall an bhoird i Vín go ríshoiléir an bun práinneatá ann, go háirithe ag an Eoraip. Chuir sí i bhfios go daingean freisin go bhfuil amchlár uaillmhianach socraithe chuige sin.

Leanfaidh an tAontas de bheith ag rannchuidiú mar seo a leanas: 

  • ar an leibhéal daonnúil, trí thionscadail leanúnacha — is é an tAontas Eorpach an ranníocóir daonnúil is mó maidir le freagairt ar an ngéarchéim sa tSiria.
  • ar an leibhéal polaitiúil go háirithe trína chuid oibre chun an freasúra a thabhairt timpeall an bhoird agus chun an trasdul polaitiúil sa tSiria a thosú.

An Imirce

Phléigh an Chomhairle an imirce san obair leantach ar an gComhdháil Ardleibhéil maidir le bealach na mBalcán Thiar, an 8 Deireadh Fómhair, agus ar Chruinniú Mullaigh Vaileite maidir leis an imirce a tionóladh an 11-12 Samhain. Phléigh na hAirí an obair leantach atáthar a dhéanamh ar na cinntí a glacadh cheana maidir le bealach na Meánmhara Láir agus bealach na mBalcán Thiar. Ba dhíol sásaimh dóibh an plé ionraic a bhí acu lena gcomhpháirtithe Afracacha i Vaileite. Maidir le bealach an Oirthir agus na mBalcán Thiar phléigh siad an comhar leis an Tuirc, an Liobáin agus an Iordáin, a bhfuil ilghnéithe éagsúla ag roinnt leis, plé ina gcuimsítear i bhfad níos mó ná saincheist na dteifeach agus sreabha na dteifeach agus na dteorainneacha a bhainistiú.

Próiseas Síochána an Mheánoirthir 

Phléigh an Chomhairle an staid sa Mheán Oirthear, lena ndírítear ar an bpróiseas síochána, i bhfianaise an fhoréigin mhéadaithe, go háirithe in Iarúsailéim Thoir, sa Bhruach Thiar agus in Gaza. Tá an tAontas innealta chun leanúint dá rannpháirtíochtd'fhonn go bhféadfar an bealach a réiteach chun próiseas inchreidte polaitiúil a athbheochan. Leanfaidh an tArdionadaí de bheith ag obair leis an dá pháirtí, chomh maith le comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta, faoi chuimsiú an Cheathairéid agus trína teagmhálacha déthaobhacha.

Gnóthaí Eachtracha - Cosaint - an 17 Samhain

Táthar tar éis an Fhrainc a ionsaí. Táthar tar éis an Eoraip ina hiomláine a ionsaí. D'iarr an Fhrainc cabhair ar an Eoraip ar fad inniu. Agus inniu, freisin, léirigh an Eoraip aontaithe go bhfuil sí toilteanach cabhrú léi.” Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

 Phléigh na hAirí Cosanta an fhreagairt ar na hionsaithe i bPáras an 13 Samhain 2015.  D'agair François Hollande, Uachtarán na Fraince, Airteagal 42§7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun cúnamh déthaobhach agus cabhair a iarraidh ó na Ballstáit eile. Chuir na hAirí in iúl go dtacaíonn siad go hiomlán agus d'aonghuth leis an bhFrainc agus go bhfuil siad ullamh chun gach cúnamh agus gach cabhair is gá a chur ar fáil.

Acmhainní a fhollúnú maidir leis an tslándáil agus an fhorbairt

Phléigh na hAirí na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú. Ghlac Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) páirt sa phlé agus dhearbhaigh sé, bíodh go bhfuil a lán á dhéanamh ag an Aontas agus ag ECAT chun acmhainní a fhorbairt, ní mór níos mó a dhéanamh.   Thacaigh na Ballstáit uile leis seo leanas: Is é an bealach is fearr chun cobhsaíocht a chruthú agus chun an gá i leith idirghabháil bainistithe géarchéime a laghdú, cumais a mhéadú i dtíortha comhpháirtíochta. 

Chuir an tArdionadaí clabhsúr ar an bplé agus chuir sí in iúl go rachaidh an tAontas i ngleic leis na ceisteanna sin sna míonna atá romhainn amach tríd an méid seo a leanas:

  • dul i mbun treoirthionscadail a chur chun feidhme i roinnt tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear Mailí agus an tSomáil, Poblacht na hAfraice Láir;
  • oibriú ar na hionstraimí airgeadais éagsúla a d’fhéadfadh cuidiú leis, lena n-áirítear laistigh den tSaoráid Síochána don Afraic agus ionstraim thiomnaithe a d’fhéadfaí a bhunú amach anseo.

Oibríochtaí CBSC

 Rinne na hAirí, i bpáirt le Jens Stoltenberg Ard-Rúnaí ECAT, oibríochtaí a phlé, go háirithe an méid seo a leanas:

  • Oibríocht NAVFOR Meánmhara Sophia, oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh i nDeisceart na Meánmhara Láir;
  • EUMAM RCA, misean comhairleach míleata an Aontais i bPoblacht na hAfraice Láir.

Dúradh leis na hAirí go raibh mar thoradh ar oibríocht Sophia go dtí seo gur tugadh 42 smuigléir ar láimh chuig údaráis na hIodáile agus gur sábháladh beatha 5400 imirceach, geall leis. 

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le Poblacht na hAfraice Láir.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025