- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 26/10/2015, 26 Deireadh Fómhair 2015
Na príomhthorthaí
An Bhurúin
D’fhormheas an Chomhairle dréachtlitir ina n-iarrtar ar údaráis Bhurúin teacht chun comhairliúcháin i gcomhréir le Airteagal 96 de Chomhaontú Comhpháirtíochta AE-ACC (Comhaontú Cotonou). Leagtar amach san Airteagal sin an nós imeachta i gcásanna nach bhfuil gnéithe bunriachtanacha den Chomhaontú - eadhon, cearta an duine, na prionsabail dhaonlathacha agus an smacht reachta, á gcomhlíonadh.
Is cuid thábhachtach de chur chuige cuimsitheach an Aontais Eorpaigh don imirce an comhar don fhorbairt. Seo é cruinniú deiridh na Comhairle Gnóthaí Eachtracha roimh chruinniú mullaigh Vaileite lenár gcuid comhpháirtithe ón Afraic, agus bhí plé cuimsitheach againn féachaint cén chaoi a bhféadfadh an comhar don fhorbairt cabhrú linn agus muid ag déileáil le teifigh, daoine easáitithe agus sreabha imirce i gcoitinne, agus muid eolach go bhfuil ár gcomhpháirtithe ón Afraic ar thús cadhnaíochta ó thaobh na ndúshlán seo atá againn araon” Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Imirce, teifigh agus forbairt
Bhí plé cuimsitheach ag na hAirí ar an imirce, féachaint cén chaoi a bhféadfadh an comhar don fhorbairt cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag an Eoraip agus ag a cuid tíortha comhpháirtíochta. Chomhaontaigh siad go gcuirfí dlús leis an teagmháil agus an comhar, idir dhéthaobhach agus iltaobhach, le tríú tíortha i leith na himirce.
"Is cuid thábhachtach de chur chuige cuimsitheach an Aontais Eorpaigh don imirce an comhar don fhorbairt", arsa an tArdionadaí. Seo é cruinniú deiridh na Comhairle Gnóthaí Eachtracha roimh chruinniú mullaigh Vaileite lenár gcuid comhpháirtithe ón Afraic, agus bhí plé cuimsitheach againn féachaint cén chaoi a bhféadfadh an comhar don fhorbairt cabhrú linn agus muid ag déileáil le teifigh, daoine easáitithe agus sreabha imirce i gcoitinne, agus muid eolach go bhfuil ár gcomhpháirtithe ón Afraic ar thús cadhnaíochta ó thaobh na ndúshlán seo atá againn araon”
Caidreamh idir an tAontas agus na tíortha ACC
Bhí plé tosaigh ag na hAirí maidir lena bhfuil i ndán don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) i bhfianaise go bhfuil Comhaontú Cotonou le dul in éag in 2020. Fillfidh an Chomhairle ar an gceist sin ina cuid cruinnithe amach anseo, agus leanfaidh sí den phlé oscailte seo, ar bhonn an chomhairliúcháin faoina bhfuil i ndán don chomhpháirtíocht.
Gnóthaí Daonnúla
Dá mhéad é an maoiniú atá á chur ar fáil, is mó fós na riachtanais dhaonnúla atá ag teacht chun cinn, agus phléigh an Chomhairle gnóthaí daonnúla mar ullmhúchán don Chruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla, a bheidh ar siúl in Iostanbúl an 23 agus an 24 Bealtaine 2016. Leag na hAirí an-bhéim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí prionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais a chur chun cinn agus go gcomhlíonfaí an dlí idirnáisiúnta daonnúil sa chaoi go mbeadh teacht ar phobail leochaileacha agus ar mhaithe le sábháilteacht na n-oibrithe daonnúla.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- An clár táscach - cruinniú den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt) an 26 Deireadh Fómhair 2015
- Provisional agenda, Foreign Affairs (Development) Council, 26 October 2015
- List of A items, non-legislative activities, Foreign Affairs (Development) Council, 26 October 2015
- Faisnéis chúlra
- List of participants
Preaseisiúintí
- Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta 2016-2020 maidir le hInscne
- 26/10/2015
- Council Conclusions on the EU Horn of Africa Regional Action Plan 2015-2020
- 26/10/2015
- Council Conclusions on Policy Coherence for Development (PCD): 2015 EU Report
- 26/10/2015
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Afganastáin
- 26/10/2015
- An Bhurúin: iarrann an tAontas go gcuirfear tús leis na comhairliúcháin faoi Airteagal 96 de Chomhaontú Cotonou
- 26/10/2015
- Indicative programme - Foreign Affairs (Development) Council meeting of 26 October 2015
- 23/10/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025