Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Iúil 2016 21:25

Ráitis na gComhchathaoirleach - An 25ú Cruinniú Comhchomhairle agus Comhaireachta idir an tAontas Eorpach agus Comhairle Chomhair Stáit Arabacha na Murascaille (GCC)

  1. Tionóladh 25ú seisiún Chruinniú Comhpháirtigh Comhairle agus Aireachta an Aontais Eorpaigh (AE) agus Chomhairle Chomhair Stáit Arabacha na Murascaille (GCC) sa Bhruiséil, an Bheilg, ar an 18 Iúil 2016. Ba í a Soilse Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a bhí i gceannas ar thoscaireacht an Aontais agus ba é a Shoilse Adel Al-Jubeir, Aire Gnóthaí Eachtracha Ríocht na hAraibe Sádaí, ag a bhfuil an Uachtaránachta rothlach ar GCC, a bhí i gceannas ar thoscaireacht GCC. Ba é a Shoilse Dr. Abdul Latif bin Rashed Al-Zayani, Ardrúnaí GCC, a rinne ionadaíocht thar ceann Ardrúnaíocht GCC.
  2. Toisc an timpeallacht réigiúnach a bheith dúshlánach, leag airí AE agus GCC béim ar a thábhachtaí atá sé na naisc a neartú tuilleadh, chun go mbeidh bunús láidir agus éifeachtach ann do chobhsaíocht agus do shlándáil inbhuanaithe idir réigiúnach agus idirnáisiúnta. Chuir an dá thaobh in iúl gur mian leo an t-idirphlé polaitiúil agus an comhar eatarthu a fheabhsú tuilleadh, go háirithe trí chruinnithe idir Oifigigh Shinsearacha AE-GCC a reáchtáil go rialta, agus thug siad dá n-aire go háirithe an cruinniú ba dhéanaí a bhí ar siúl sa Bhruiséil ar an 14 Aibreán 2016.
  3. Rinne na hairí tuairimí a mhalartú agus shainaithin siad na húdair imní agus na tosaíochtaí comhchoiteanna maidir leis an staid sa réigiún, go háirithe in Éimin, san Iaráin, sa Libia, sa tSiria, san Iaráic, sa Liobáin agus maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir. Leag siad béim ar an tábhacht straitéiseach atá ann don Aontas agus do GCC dlúthchomhar a fheidhmiú maidir leis na forbairtí seo. Ba mhór acu go háirithe gur thosaigh na cainteanna faoin tsíochán in Éimin an athuair i gCuáit ar an 16 Iúil faoi stiúir NA agus d’athdhearbhaigh siad go dtacaíonn siad le Toscaire Speisialta NA le haghaidh Éimin agus socrú cuimsitheach agus marthanach á éascú idir páirtithe Éimin le go ndéanfar an tsíocháin a athbhunú in Éimin agus le go rachfar i mbun athraithe inti an athuair, i gcomhréir le Tionscnamh GCC, le Torthaí na Comhdhála Idirphlé Náisiúnta, le Rún 2216 ó Chomhairle Slándála NA agus le rúin ábhartha eile ó Chomhairle Slándála NA. Chuir na hairí in iúl freisin go bhfuil rún daingean acu leanúint de na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh acu chun sceimhlitheoireacht agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac agus chun Da'esh agus eagraíochtaí sceimhlitheoireachta eile a chur faoi chois. Leag siad béim ar an ngá atá le réiteach na géarchéime sa tSiria a aimsiú, réiteach a bheadh bunaithe ar phrionsabail Communiqué na Ginéive, Rún 2254 ó Chomhairle Slándála NA agus rúin ábhartha eile ó Chomhairle Slándála NA. D’iarr siad go mbeadh rochtain ag lucht na cabhrach daonnúla ar an tír ar fad láithreach ionas go mbeifear in ann cabhair a sheachadadh sna limistéir uile atá faoi léigear agus chuir siad in iúl go láidir a thábhachtaí atá sé go gcloífí go hiomlán agus go dian leis na socruithe i dtaca le sos comhraic. Thacaigh siad leis na hiarrachtaí i leith cobhsaíocht a athbhunú agus muintearas a chur chun cinn san Iaráic agus sa Libia chomh maith le cobhsaíocht pholaitiúil sa Liobáin. Rinne na hairí plé ar an gcaidreamh idir GCC agus an Iaráin agus chuir siad in iúl go láidir gur cheart an caidreamh idir na tíortha uile sa réigiún a bheith bunaithe ar Chairt NA agus ar an dlí idirnáisiúnta, ar phrionsabail na dea-chomharsanachta, agus ar urraim do cheannasacht náisiúnta stát agus chuir siad in iúl freisin nár cheart cur isteach ar ghnóthaí baile ná leas a bhaint as bagairt nó as an lámh láidir agus gur cheart díospóidí a réiteach de bhíthin modhanna síochánta.
  4. Rinne airí AE agus GCC athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh sa chaidreamh straitéiseach AE-GCC agus d’fhormhuinigh siad miontuairiscí an Chomhchoiste um Chomhar is déanaí a tionóladh i Riyadh ar an 6 Aibreán 2016. Chuir na hairí in iúl go bhfuil siad toilteanach aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin chomhchoiteanna shóisialta, eacnamaíocha agus slándála, agus ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus ar thacaíocht do na straitéisí éagsúlaithe, amhail an Plean Náisiúnta don Athrú san Araib Shádach agus pleananna comhchosúla eile i mBallstáit eile de GCC. Thug na hairí dá n-aire agus is díol sásaimh dóibh gurb ionann an trádáil dhá threo agus níos mó ná €155 bhilliún in 2015, méadú de 55% ó bhí 2010 ann.
  5. Ba dhíol sásaimh do na hairí na tionscnaimh chomhair a gabhadh de láimh ó bhí an cruinniú aireachta deiridh acu, go háirithe iad siúd a rinneadh trí idirphlé AE-GCC maidir leis an ngeilleagar, iompar d’aer, an grúpa saineolaithe fuinnimh, malartuithe maidir le hiompar d’iarnród, éascú trádála agus comhar maidir le héagsúlú eacnamaíoch chomh maith. Ba mhór ag na hairí freisin na torthaí a bhí ar an gcuairt a thug Coiste Parlaiminteach GCC ar Pharlaimint na hEorpa ar an 28 Aibreán 2016, cuairt a bhí ina cabhair ó thaobh comhthuiscint a fheabhsú ar an leibhéal parlaiminteach. Thug na hairí dá n-aire freisin na torthaí a bhí ar Fhóram Gnó AE-GCC a bhí ar siúl sa Bhruiséil ar an 23-25 Bealtaine 2016 chun deiseanna eacnamaíocha, trádála agus infheistíochta a chur chun cinn.
  6. Bhí na hairí ag tnúth le caidreamh níos fearr idir an tAontas agus GCC trí bhreis teagmhálacha idir dhaoine agus breis comhair sna réimsí sóisialta, eacnamaíocha, oideachais, cultúrtha agus eolaíochta, mar aon le réimse chearta an duine.
  7. Chomhaontaigh airí AE agus Airí GCC go dtionólfaí a gcéad chruinniú eile i Ríocht Bhairéin in 2017.

 

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024