Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Comhairle Neamhfhoirmiúil Gnóthaí Eachtracha, 05/12/2017, 5 Nollaig 2017

Bhí cruinniú neamhfhoirmiúil ag airí gnóthaí eachtracha le Státrúnaí na Stát Aontaithe, Rex Tillerson, sa Bhruiséil ar an 5 Nollaig.

Phléigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus Státrúnaí na Stát Aontaithe an chaoi le comhar trasatlantach a neartú maidir le dúshláin mhóra dhomhanda amhail trádáil, athrú aeráide agus roinnt saincheisteanna slándála agus geopholaitiúla ar ábhar leasa choitinn iad.

"Dearbhaíodh, leis an gcruinniú a bhí againn inniu, an tábhacht a bhaineann le dlúth-chomhpháirtíocht agus le dlúthchomhar don Aontas Eorpach agus do na Stáit Aontaithe. Creidim gur féidir linn a rá gur deis é, freisin, ár dtiomantas do dlúthchomhar maidir le líon áirithe comhad tábhachtach a athnuachan le chéile." Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Le linn an chruinnithe, dhírigh na hairí gnóthaí eachtracha agus an Státrúnaí ar shaincheisteanna práinneacha ar an gclár oibre idirnáisiúnta, lena n-áirítear Próiseas Síochána an Mheánoirthir, an staid mar atá sa tSiria, an cur chuige maidir leis an Rúis agus an comhar leis an Úcráin, agus an teannas ar Leithinis na Cóiré.

Tapaíodh an deis ag an gcruinniú freisin plé a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le socrú núicléach na hIaráine, JCPOA, a chur chun feidhme, mar a cuireadh i bhfios go láidir sa ráiteas ón Aontas ar an 16 Deireadh Fómhair 2017.

Chuir na hairí in iúl gur comhpháirtithe straitéiseacha iad an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a bhfuil luachanna, prionsabail agus leasanna acu atá comhchoiteann agus iad ag tabhairt aghaidh, go comhpháirteach, ar dhúshláin choiteanna dhomhanda.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024