Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 11/12/2017, 11 Nollaig 2017

Na príomhthorthaí

An Meánoirthear

Is le bricfeasta le Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael, a chuir an tArdionadaí agus airí gnóthaí eachtracha an Aontais tús leis an lá, ar imeall na Comhairle. Deis don Aontas Eorpach ab ea an cruinniú chun athdhearbhú a dhéanamh ar a theachtaireachtaí aontaithe, soiléire maidir le stádas Iarúsailéim mar phríomhchathair amach anseo ar dhá stát, ar a thábhachtaí atá sé go gcaomhnófaí réiteach dhá stát agus, maidir le saincheisteanna réigiúnacha, ar an ngá atá le leanúint den phlean cuimsitheach comhpháirteach gníomhaíochta (JCPOA) a chur chun feidhme (socrú núicléach na hIaráine).

“Féachfaidh an tAontas Eorpach le teacht ar réitigh, agus seachnófar aon fholús contúirteach lena neartófaí seasaimh radacacha nó antoisceacha, rud nach mian linn a fheiceáil sa réigiún nó in aon áit eile”. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Thionóil an Chomhairle plé maidir lena bhfuil ag titim amach le déanaí i mór-réigiún an Mheánoirthir. D'fhéach na hairí ar na bealaí ar féidir leis an Aontas cuidiú chun géarú a laghdú agus cobhsaíocht a chaomhnú sa réigiún, mar aon le dul chun cinn a chomhdhlúthú i dtíortha amhail an Liobáin. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go n-áiritheofar i gcónaí go gcuirfidh an tír leis an méid a baineadh amach le míonna anuas, go dtabharfar tús áite do leasanna mhuintir na Liobáine agus nach mbeidh an tír thíos le cur isteach seachtrach.

Chuir na hairí in iúl go raibh imní orthu faoi rudaí a bheith ag dul in olcas, tríd is tríd, in Éimin, tír ar a bhfuil tubaiste dhaonnúil thromchúiseach ag bagairt. Chomhaontaigh siad leanúint ar aghaidh leis an obair chun beocht a chur an athuair sna hiarrachtaí atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe chun teacht ar réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht in Éimin, i gcomhréir le rúin ábhartha de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Mheabhraigh na hairí freisin an tacaíocht leanúnach ón Aontas d'iarrachtaí Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe, Staffan de Mistura, sa tSiria, atá ríthábhachtach i gcónaí chun teacht ar réiteach polaitiúil caibidlithe i gcomhréir le Rún 2254 ó Chomhairle Slándála NA. San earrach, déanfaidh an tAontas an dara comhdháil maidir le tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin, a óstáil sa Bhruiséil chun dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta athnuaite a léiriú.

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé go leanfadh an tAontas de rannpháirtíocht a dhéanamh leis an Iaráic agus go neartófaí an rannpháirtíocht sin. Meastar go ndéanfaidh an tArdionadaí agus an Coimisiún togra a chur i láthair i mí Eanáir 2018 le haghaidh straitéis nua.

An Afraic

Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha comhar idir an tAontas agus G5 na Saiheile ag an lón lena gcomhpháirtithe in G5 na Saiheile (an Mháratáin, Mailí, Buircíne Fasó, an Nígir agus Sead). Ina dhiaidh sin, phléigh na hairí gnóthaí eachtracha agus na hairí forbartha an obair leantach a dhéanfar mar thoradh ar an gcruinniú mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach, a bhí ar siúl ar an gCósta Eabhair ar an 29-30 Samhain 2017. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí a bhí an cruinniú mullaigh agus ar an ngá atá le leanúint de bheith ag obair le comhpháirtithe na hAfraice ar bhealach cuimsitheach. Ba cheart rannpháirtíocht na hóige agus na sochaí sibhialta a bheith ina príomhghné den chaidreamh idir an tAontas agus an Afraic.

Forbairt - Cúnamh don trádáil

Phléigh an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis nuashonraithe i ndáil le cúnamh don trádáil, arb é is aidhm di feabhas a chur ar chomhtháthú na dtíortha i mbéal forbartha sa chóras idirnáisiúnta trádála agus go mbeidh an trádáil agus an infheistíocht ina rannchuidiú chun an bhochtaineacht a laghdú.

Chuir na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé go méadófaí na sineirgí idir na huirlisí éagsúla don mhaoiniú um fhorbairt a úsáideann an tAontas gona Bhallstáit chun cúnamh don trádáil a chur chun cinn. Leag siad béim freisin ar an ngá atá le feabhas a chur ar an tionchar atá ag na cláir maidir le cúnamh don trádáil trí rannpháirtíocht níos mó a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach, leis an tsochaí shibhialta agus leis na húdaráis áitiúla.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025