- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22/01/2018, 22 Eanáir 2018
Na príomhthorthaí
Próiseas Síochána an Mheánoirthir
Bhí lón neamhfhoirmiúil ag an Ardionadaí agus ag airí eachtracha an Aontais le hUachtarán na Palaistíne, Mahmoud Abbas, i gcomhthráth le cruinniú na Comhairle. D’athdhearbhaigh an tAontas, le linn lóin a chaitheamh le hUachtarán na Palaistíne Mahmoud Abbasa, a theachtaireachtaí aontaithe, soiléire ar a thábhachtaí atá sé go gcaomhnófaí réiteach dhá stát agus maidir le stádas Iarúsailéim mar phríomhchathair amach anseo ar dhá stát.
Leanfaidh an tAontas de réiteach dhá stát a chur chun cinn. Cuirfidh an tAontas i gcoinne na ngníomhaíochtaí lonnaíochta atá dar leis an Aontas neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta. Ní mór labhairt go stuama, gníomhú go críonna agus go seasta síoraí a bheith tuisceanach ar an bhfreagracht chun an sprioc seo a bhaint amach. Ní tráth faillí é seo; ach a mhalairt go deimhin. Creidimidne, nár mhór do Phalaistínigh agus Iosraelaigh a léiriú níos mó ná riamh, a gcaidreamh leis an gcomhpobal idirnáisiúnta, leis na príomhghníomhaithe sa phróiseas ionas go mbeifear in ann a theacht ar thoradh caibidlithe. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Sular chaith siad lón neamhfhoirmiúil, phléigh an Chomhairle an dul chun cinn is déanaí maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir. D’fhiosraigh na hairí cé mar is féidir leis an Aontas rannpháirtíocht a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile ar mhaithe le dul chun cinn an phróisis síochána.
An Libia
Chuaigh an Chomhairle i mbun díospóireachta ar an Libia. Thug Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ghassam Salamé forléargas ar an bpróiseas síochána sa Libia, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta maidir le bunreacht nua a ghlacadh agus ar na toghcháin, a bheidh ar siúl amach anseo. Thacaigh na hairí eachtracha ar fad leis sna hiarrachtaí atá ar bun aige aontacht agus athmhuintearas a bhaint amach sa tír.
Phléigh na hairí eachtracha an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais sa Libia ionas tacú leis na Náisiúin Aontaithe ina n-iarrachtaí siúd chun cobhsaíocht pholaitiúil a fhorbairt sa tír, chomh maith le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe atá i mbun oibre ar cheist na n-imirceach sa Libia. Leag na hairí béim freisin ar an tábhacht a bheith ag obair i gcomhar le tíortha tionscnaimh, go mór mór i réigiún na Saiheile.
An caidreamh amach anseo le Stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin
Bhí plé tosaigh ag na hairí eachtracha ar an moladh ón gCoimisiún agus ar na dréacht-treoracha caibidlíochta ón 12 Nollaig 2017, eadhon comhaontú a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus tíortha ACC, ar an ábhar go rachaidh an comhaontú reatha, Comhaontú Cotonou in éag ar an 29 Feabhra 2020.
Thacaigh na hairí eachtracha i gcoitinne le cur chuige an Choimisiúin tabhairt faoi bhrat-chomhaontú ag leibhéal ACC chomh maith le 3 chomhpháirtíocht réigiúnacha shonracha don Afraic, don Mhuir Chairib agus don Aigeán Ciúin. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go dtógfaí ar an taithí a baineadh as an gcomhar a rinneadh faoi Chomhaontú Cotonou, go mór mór an t-idirphlé polaitiúil agus ceist na himirce.
Leanfaidh comhlachtaí ábhartha ullmhúcháin de chuid na Comhairle leis an bplé ar an sainordú caibidlíochta ionas cinneadh a ghlacadh údarú chun caibidlíocht a chur ar bun agus treoracha idirbheartaíochta a ghlacadh faoin gcéad ráithe de 2018.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22 Eanáir 2018
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22 Eanáir 2018
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22 Eanáir 2018
- Cúlra faisnéise - Cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 22 Eanáir 2018
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Veiniséala: Smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar sheachtar a bhfuil poist oifigiúla acu
- 22/01/2018
- An Chóiré Thuaidh: Tá smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ag an Aontas ar 17 náisiúnach de chuid DPDC a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí a raibh mar aidhm leo smachtbhannaí a sheachaint
- 22/01/2018
- An Iaráic: Straitéis nua glactha ag an Aontas
- 22/01/2018
- Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSile: treoracha caibidlíochta á gcur ar fáil don phobal
- 22/01/2018
- An tSiombáib: Conclúidí glactha ag an gComhairle i bhfianaise an aistrithe pholaitiúil atá ar bun faoi láthair
- 22/01/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024