Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 10/11/2017, 10 Samhain 2017

Na príomhthorthaí

Caidreamh leis na príomh‑chomhpháirtithe trádála

Rinne an Chomhairle an chaibidlíocht trádála atá ar bun le Meicsiceo agus le Mercosur a mheas. Thacaigh na hairí leis an gcuspóir, comhaontuithe uaillmhianacha, tomhaiste a bhaint amach go luath maidir leis na saincheisteanna is mó atá fós gan réiteach, agus ba dhíol sásaimh dóibh an dlús faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh sa chaibidlíocht i gcás an dá shraith de chaibidlíocht. Leag siad béim freisin ar a gcuid tosaíochtaí sna chéad chéimeanna ríthábhachtacha eile sa phróiseas.

"Príomh-chomhpháirtí polaitiúil, eacnamaíoch don Eoraip is ea Meiriceá Laidineach. Tá rún daingean againn comhaontuithe leitheadacha, trádála a thabhairt chun críche le Mercosur agus le Meicsiceo go luath, a rachaidh chun tairbhe dúinn araon", a dúirt aire trádala na hEastóine, Urve Palo, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. "Táimse den tuairim go bhfuil comhaontú polaitiúil faoina lámh againn ach nach mór dúinn a áirithiú gur cothrom na deiseanna nua trádála a chruthófar agus go rachaidh siad chun leasa gheilleagar an Aontais go fadtéarmach."

Le linn an lóin, phléigh na hAirí freisin an staid mar atá maidir le bailchríoch a chur ar an gcomhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch leis an tSeapáin tar éis an comhaontú ar thángthas air ar an 6 Iúil 2017.

An t-ullmhúchán do chomhdháil aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála in Buenos Aires

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta san ullmhúchán don 11ú comhdháil aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, a bheidh ar siúl ar an 10 go dtí an 13 Nollaig in Buenos Aires.

Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé ról lárnach na hEagraíochta Domhanda Trádála a choimeád sa chóras iltaobhach trádála agus gur ghá don Aontas a bheith ag obair chun go mbeidh toradh cothrom, substainteach ar an gcomhdháil aireachta. Rinne siad na tosaíochtaí in Buenos Aires ar cheart don Aontas tabhairt fúthu a mheas, agus rinne siad measúnú ar na nithe a d'fhéadfaí a dhéanamh maidir le cruinniú Buenos Aires féin, nó a d’fhéadfaí a áireamh i gclár oibre a bheadh dírithe ar an todhchaí, a bhféadfadh comhaltaí na hEagraíochta Trádála Domhanda tabhairt faoi.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025