- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 14/10/2019, 14 Deireadh Fómhair 2019
Na príomhthorthaí
An tSiria
Phléigh an Chomhairle an tSiria i bhfianaise an mhéid is déanaí a tharla sa tír. Chuir Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe don tSiria, Geir Pedersen, na hairí ar an eolas maidir leis an bpróiseas polaitiúil. Chuir sé ar an eolas iad maidir lena chuid oibre sa tréimhse roimh an gcéad chruinniú den Choiste Bunreachtúil, atá beartaithe do dheireadh mhí Dheireadh Fómhair. Chuir sé in iúl freisin go raibh imní air faoi na rioscaí a ghabhann le gníomhaíocht mhíleata na Tuirce in oirthuaisceart na Siria agus faoin bpróiseas polaitiúil. D’athdhearbhaigh na hairí gnóthaí eactracha go dtacaíonn siad go hiomlán le hiarrachtaí an Toscaire Speisialta.
Ina dhiaidh sin, phléigh na hairí gnóthaí eachtracha gníomhaíocht mhíleata na Tuirce in oirthuaisceart na Siria agus ghlac siad conclúidí lena gcáintear í. Ag meabhrú dóibh an cinneadh a rinne roinnt Ballstát ceadúnú an onnmhairithe arm chun na Tuirce a chur ar fionraí láithreach, gheall na Ballstáit go nglacfaidís seasaimh náisiúnta láidre i dtaca lena mbeartas onnmhairithe arm chun na Tuirce ar bhonn fhorálacha Chomhsheasamh 2008/944/CFSP maidir le rialú ar onnmhairiú arm.
Tá gealltanas soiléir ó na Ballstáit uile go nglacfaidís seasaimh náisiúnta láidre i dtaca lena mbeartas onnmhairithe arm chun na Tuirce ar bhonn fhorálacha an Chomhsheasaimh maidir le rialú ar onnmhairiú arm. Ciallaíonn sin go bhfuil stad le beartas onnmhairiúcháin. (…) Leis an sásra seo ceadaítear cinnteoireacht láithreach arna déanamh ar an leibhéal náisiúnta agus arna comhordú ar an leibhéal Eorpach. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha na Tuirce
Phléigh an Chomhairle gníomhaíochtaí druileála leanúnacha na Tuirce in Oirthear na Meánmhara, lena n-áirítear gníomhaíochtaí druileála breise 45 mhuirmhíle amach ó chósta theas na Cipire. Ghlac sí conclúidí lenar comhaontaíodh go ndéanfaí creatchóras de bhearta sriantacha a chur ar bun a bheadh dírithe ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as druileáil neamhdhleathach hidreacarbón sa Mheánmhuir Thoir, nó a bhfuil lámh acu ann.
Cúrsaí reatha
Ag tusAg tús a gcruinnithe, rinne an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha tagairt d’fhorbairtí maidir leis an Iaráin. Mheabhraigh siad a dtiomantas do JCPOA (socrú núicléach na hIaráine) agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go leanfaí leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh an teannas a laghdú.
Phléigh an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha an Libia go hachomair. Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad go hiomlán leis an bpróiseas polaitiúil atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe a chur ar bun arís.
Anuas air sin, dhírigh an tArdionadaí ar Veiniséala, agus mhol sí do na hairí a bheith rannpháirteach sa chomhdháil dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta maidir le géarchéim dídeanaithe agus imirceach Veiniséala a bheidh ar siúl ar an 28-29 Deireadh Fómhair.
An Úcráin
Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Vadym Prystaiko. D’athdhearbhaigh siad tiomantas láidir an Aontais don Úcráin, dá hiomláine chríochach agus slándáil agus d’iarrachtaí a rialtais maidir leis an bpróiseas athchóirithe.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Gníomhaíochtaí Druileála Neamhdhleathacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 14/10/2019
Oirthuaisceart na Siria: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 14/10/2019
Camarún: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 14/10/2019
An Téalainn: Tá an tAontas chun a theagmháil a leathnú tar éis na dtoghchán - 14/10/2019
Nicearagua: Conclúidí agus creat le haghaidh smachtbhannaí spriocdhírithe glactha ag an Aontas - 14/10/2019
An Daonlathas: Conclúidí glactha ag an Aontas Eorpach - 14/10/2019
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Conclúidí glactha ag an gComhairle agus is díol sásaimh di gurb ann i gcónaí d'Oibríocht EUFOR Althea - 14/10/2019
Airm cheimiceacha: Athnuachan déanta ag an gComhairle ar chóras smachtbhannaí an Aontais ar feadh bliain amháin - 14/10/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025