An Úcráin
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag seasamh le chéile ina dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin. Cuireadh tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin i mí an Mheithimh 2024. Oibríonn an tAontas agus an Úcráin i gcomhar le chéile laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir freisin.
Méadú
Iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach
An 28 Feabhra 2022, rinne an Úcráin iarratas ar bhallraíocht san Aontas.
An 17 Meitheamh 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach a thuairim ar an iarratas ar bhallraíocht san Aontas.
An 23 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir don Úcráin. D'iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear sa tuairim ón gCoimisiún maidir leis an iarratas sin ar bhallraíocht.
An chaibidlíocht maidir le haontachas
I mí na Samhna 2023, d'eisigh an Coimisiún Eorpach moladh chun tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas leis an Úcráin. I mí na Nollag 2023, chinn ceannairí an Aontais tús a chur leis an gcaibidlíocht oscailte maidir le haontachas leis an Úcráin agus d’iarr siad ar an gComhairle an creat caibidlíochta a ghlacadh a luaithe a dhéanfaí na céimeanna ábhartha a leagtar amach sa tuarascáil ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023.
I gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú, d’fhormheas an Chomhairle an creat caibidlíochta an 21 Meitheamh 2024 agus, 4 lá ina dhiaidh sin, thionóil an tAontas an chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Úcráin chun tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an tír.
- Tuarascáil maidir leis an Úcráin (an Coimisiún Eorpach, an 8 Samhain 2023)
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 14 agus an 15 Nollaig 2023
- Tús curtha ag an Aontas le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin (preaseisiúint, an 25 Meitheamh 2024)
Cruinnithe na comhdhála aontachais
Déantar an chaibidlíocht aontachais ag comhdhálacha idir-rialtasach (ar a dtugtar ‘comhdháil aontachais’ go minic) idir airí agus ambasadóirí Bhallstáit an Aontais agus an tír is iarrthóir. Cumhdaítear corpas na gceart coiteann agus an dlí choitinn (‘acquis an Aontais’) leis an gcaibidlíocht agus iad roinnte i gcaibidlí éagsúla, nó i gcnuasaigh caibidlí, a chlúdaíonn réimsí beartais éagsúla. Is féidir leis na comhdhálacha aontachais sin a bheith ar leibhéal na n-airí nó ar leibhéal na n-ionadaithe.
An 25 Meitheamh 2024, thionóil an tAontas a chéad chomhdháil aontachais leis an Úcráin, agus cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht ar bhallraíocht.
Ag an tríú comhdháil aontachais idir an tAontas agus an Úcráin, a tionóladh an 14 Iúil 2026, chuir na páirtithe tús leis an gcaibidlíocht maidir le cnuasach 6. Cumhdaítear dhá chaibidil caibidlíochta leis an gcnuasach sin:
- caibidil 30 (an caidreamh seachtrach)
- caibidil 31 (an beartas eachtrach, slándála agus cosanta)
Ag an gcruinniú a bhí ann roimhe sin, a tionóladh an 15 Meitheamh 2026, chuir na páirtithe tús leis an gcaibidlíocht maidir le cnuasach 1, an cnuasach maidir leis na gnéithe bunúsacha, lena gcumhdaítear feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha, athchóiriú ar an riarachán poiblí agus critéir eacnamaíocha. Ag an gcruinniú sin, leag an tAontas síos tagarmharcanna eatramhacha don chnuasach agus do chuid de na caibidlí a bhaineann leis. Ní mór na tagarmharcanna sin a bhaint amach sular féidir dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht maidir leis an gcnuasach.
Ag cruinnithe den Chomhairle Eorpach roimh an dara comhdháil aontachais, d’iarr ceannairí an Aontais arís agus arís eile ar an gComhairle tús a chur leis na cnuasaigh chaibidlíochta gan mhoill, ag tosú le cnuasach na mbunphrionsabal, i gcomhréir le modheolaíocht an mhéadaithe agus leis an gcur chuige fiúntasbhunaithe.
Athbhreithniú bliantúil ar an dul chun cinn
Gach bliain, déanann an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn a rinneadh sna tíortha is iarrthóirí agus sna comhpháirtithe araon, an Úcráin san áireamh, ar a gconair Eorpach.
An 16 Nollaig 2025, d’eisigh Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle conclúidí ar thacaigh 26 Bhallstát de chuid an Aontais leo go polaitiúil.
Ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin
Cáineann an tAontas agus a Bhallstáit go láidir fogha míleata gan chúis gan údar na Rúise faoin Úcráin.
Seasann an tAontas go daingean leis an Úcráin agus lena muintir, agus leanfaidh sé de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir chomh fada is gá agus leis an déine is gá. Ar bhearta an Aontais mar thaca leis an Úcráin tá an méid seo a leanas:
- cúnamh eacnamaíoch
- tacaíocht mhíleata
- cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta
- fáilte a chur roimh dhídeanaithe
- coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh
- cosaint leanaí
Ghlac an tAontas líon smachtbhannaí nach bhfacthas a leithéid riamh mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar ionghabháil neamhdhleathach Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine.
Tá na bearta ceaptha chun bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, teicneolaíochtaí agus margaí criticiúla a bhaint di, agus srian suntasach a chur lena cumas cogadh a fhearadh.
Comhpháirtíocht an Oirthir
Comhaontú comhlachais
Is é an comhaontú comhlachais faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir an phríomhuirlis chun an Úcráin agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá chéile. Cothaítear leis:
- ceangal polaitiúil níos téagartha
- nasc eacnamaíoch níos láidre
- urraim do luachanna coiteanna
Is é an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála an chuid eacnamaíoch den chomhaontú. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017, ach chomhaontaigh an tAontas agus an Úcráin athbhreithniú a dhéanamh air an 30 Meitheamh 2025.
Tháinig an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála uasghrádaithe i bhfeidhm an 29 Deireadh Fómhair 2025. Cuireann sé tuilleadh feabhais ar shreafaí trádála agus íogaireacht earnálacha talmhaíochta áirithe de chuid an Aontais á cur san áireamh ag an am céanna, agus rannchuidíonn sé leis an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais trí thacú leis an tír ailíniú le caighdeáin an Aontais.
An Chomhairle Comhlachais
Is í an Chomhairle Comhlachais an príomhchomhlacht a bunaíodh faoin gcomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.
Tionóladh an deichiú cruinniú de Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin an 9 Aibreán 2025. Bhí seisiún tuairimíochta ag an Aontas agus an Úcráin maidir leis an staid a bheidh ann tar éis chogadh foghach na Rúise agus phléigh siad saincheisteanna domhanda agus réigiúnacha níos leithne. Phléigh siad freisin cur chun feidhme an chomhaontaithe comhlachais ó thús ionradh iomlán na Rúise, atógáil agus athchóirithe san Úcráin, agus cúnamh airgeadais an Aontais.
Léirscaoileadh víosaí
Ba in 2008 a tháinig na comhaontuithe leis an Úcráin um eisiúint víosaí a éascú agus na comhaontuithe um athligean isteach i bhfeidhm. Cuireadh tús le hidirphlé maidir le víosaí an bhliain chéanna.
An 11 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle rialachán maidir le léirscaoileadh víosaí i gcás shaoránaigh na hÚcráine a thaistealaíonn chun an Aontais le haghaidh tréimhse fanachta 90 lá in aon tréimhse 180 lá.
Fánaíocht
An 1 Eanáir 2026, tugadh an Úcráin isteach i limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais. Ciallaíonn sé sin go bhfuil muintir na hÚcráine atá ar chríoch an Aontais agus saoránaigh an Aontais atá san Úcráin in ann glaonna a chur, téacsanna a sheoladh agus sonraí móibíleacha a úsáid gan táillí breise.
Sular tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm, bhí comhaontú deonach idir oibreoirí teileachumarsáide an Aontais agus na hÚcráine i bhfeidhm ó mhí Aibreáin 2022 chun a chinntiú go bhféadfadh muintir na hEorpa agus na hÚcráine leas a bhaint as glaonna, téacsanna agus sonraí ar chostas íseal.
Cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin
An 24ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin, an 3 Feabhra 2023
Tionóladh an cruinniú mullaigh i gCív agus ba é an chéad chruinniú mullaigh é ó thosaigh fogha na Rúise agus ó rinneadh tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas den Úcráin.
I gcaitheamh an chruinnithe mullaigh, phléigh ceannairí an Aontais an méid seo a leanas:
- conair na hÚcráine i dtreo na hEorpa agus an próiseas aontachais
- freagairt an Aontais ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
- tionscnaimh na hÚcráine le haghaidh síocháin chóir agus cuntasachta
- comhar maidir le saincheisteanna atógála agus fóirithinte agus i réimsí an fhuinnimh agus na nascachta
- slándáil an tsoláthair dhomhanda bia
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Iúil 2026