"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 12/11/2019, 12 Samhain 2019
Príomhthorthaí
Saincheisteanna Slándála agus Cosanta
Bhí plé straitéiseach ag an Ardionadaí agus ag na hairí cosanta faoi shaincheisteanna slándála agus cosanta. Rinne siad athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh agus bhreathnaigh siad ar na tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo. Deis a bhí sa phlé sin machnamh a dhéanamh ar bhealaí eile a bhféadfadh an tAontas cur lena chumas gníomhú mar sholáthraí slándála, lena neamhspleáchas straitéiseach agus lena chumas comhoibriú lena chomhpháirtithe.
Dhírigh an Chomhairle go háirithe ar PESCO (Buanchomhar Struchtúrtha) agus ghlac sí cinneadh lenar seoladh trí cinn déag de thionscadail nua PESCO. Phléigh na hairí cosanta freisin an comhleanúnachas idir PESCO agus tionscnaimh chosanta eile an Aontais, an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) agus an Ciste Eorpach Cosanta ina measc.
Ní raibh an comhar agus an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus NATO chomh láidir riamh. Chomhaontaíomar beirt go gcabhraíonn Aontas láidir i réimse na cosanta le NATO a bheith níos láidre agus go bhfuil NATO níos láidre tábhachtach do shlándáil na hEorpa chomh maith.
Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí malartú tuairimí ag na hairí cosanta maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus NATO le Leas-Ardrúnaí NATO, Mircea Geoana. Phléigh siad go háirithe an t-idirphlé polaitiúil, freachnaimh chomhthreomhara chomhordaithe agus an tsoghluaisteacht mhíleata. D'athdhearbhaigh na hairí cosanta an nasc láidir trasatlantach agus an tiomantas leanúnach atá ag an dá eagraíocht do bheith ag obair le chéile. Chuir an Leas-Ardrúnaí, Mircea Geoana, airí cosanta an Aontais ar an eolas freisin faoi staid na himeartha i ndáil leis na hullmhúcháin don chéad chruinniú eile de Cheannairí NATO a bheidh ar siúl ar an 3-4 Nollaig i Londain.
Misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta
Phléigh an Chomhairle staid reatha an imscartha ag CBSC, agus rinne a marana ar a bhfuil bainte amach, ar na dúshláin, agus ar na réimsí ar a bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur. Leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé acmhainní leordhóthanacha a chinntiú do na misin agus do na hoibríochtaí chun a sainordú a chomhlíonadh.
Leag na hairí cosanta béim ar rannpháirtíocht an Aontais sa tSaiheil agus ar ábharthacht na n-oibríochtaí cabhlaigh, go háirithe EUNVAFOR Oibríocht Atalanta. Spreag siad an obair leanúnach ar na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe.
Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint
Tháinig bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint le chéile roimh chruinniú na Comhairle. Ar imeall an Bhoird Stiúrtha, reáchtáladh searmanas sínithe chun aistriú thionscadal PESCO, mar atá, faireachas ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch (CBRN) agus núicléach mar sheirbhís (CBRN SaaS) a mharcáil i gcreat na nGníomhaireachta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.