- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 23 Márta 2020
Main results
Tá uair na cinniúna buailte linn. Ní thugann an víreas seo aird ar theorainneacha náisiúnta. Is é is cúis le géarchéim dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Caithfimid an t-iltaobhachas a neartú agus seasamh le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt seo ar an gcine daonna uile. Ní hé seo an t-am leis an milleán a chur ar a chéile. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí físchomhdháil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais inniu, faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an bhfreagairt idirnáisiúnta ar an gcoróinvíreas nua (SARS-CoV-2), agus leagadh béim faoi leith ar aisdúichiú shaoránaigh an Aontais atá sáinnithe thar lear. Chomh maith leis sin, phléigh na hairí an bealach le dlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta agus leis an dlúthpháirtíocht chun tacú leis na tíortha is leochailí.
Cháin na hairí gnóthaí eachtracha an iarracht míchlú a tharraingt ar an Aontas Eorpach, trí bhréagaisnéis agus trí stiogmatú shaoránaigh an Aontais agus iad thar lear, sa mhéid a bhaineann le paindéim COVID-19.
Bhí deis ag na hairí freisin trácht a dhéanamh ar roinnt saincheisteanna práinneacha atá ar an gclár oibre idirnáisiúnta amhail cur chun feidhme an ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc, agus an dul chun cinn atá déanta sa phlé maidir leis an oibríocht CBSC nua sa Mheánmhuir.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025