Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 6 Márta 2020

Na príomhthorthaí

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Thángamar ar chomhaontú inniu maidir le ráiteas inar athdhearbhaíomar go bhfuil géarghá an lasóg a bhaint de bharrach na coinbhleachta. Thugamar dár n-aire an toradh a bhí ar an gcruinniú idir an Rúis agus an Tuirc i Moscó inné. Caithfidh gach páirtí cosaint na saoránach a ráthú agus ligean don phobal idirnáisiúnta cabhair dhaonnúil a thabhairt gan bhac.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ráiteas maidir leis an ngéarchéim in Idlib agus a bhfuil ag titim amach ag na teorainneacha seachtracha atá ag an Aontas leis an Tuirc.

Sa ráiteas uaithi, aithníonn an Chomhairle an t-ualach méadaitheach imirce agus na rioscaí atá roimh an Tuirc ar a críoch féin agus na hiarrachtaí suntasacha atá déanta aici agus 3.7 milliún imirceach agus dídeanaí á n-óstáil aici. Séanann an Chomhairle go láidir an úsáid atá á bhaint ag an Tuirc as an mbrú imirce chun críocha polaitiúla agus athdhearbhaíonn sí go bhfuil rún daingean ag an Aontas gona Bhallstáit i gcónaí teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint go héifeachtúil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta.

Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn an Chomhairle dlúthpháirtíocht iomlán an Aontais leis an nGréig, a bhfuil uirthi dul i ngleic le staid nach bhfacthas a leithéid riamh, agus leis an mBulgáir, leis an gCipir agus le Ballstáit eile ina n-iarrachtaí chun teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú.

Maidir le Idlib, tugann an Chomhairle dá haire nach bhfuil léamh, scríobh ná insint béil ar an méid atá á fhulaingt ag na daoine as siocair an ionsaithe a rinne réimeas na Siria agus a lucht tacaíochta, an Rúis ina measc, in Idlib le déanaí agus atá fós ar bun agus arb é is cúis leis an ngéarchéim dhaonnúil is measa riamh ó thosaigh an choinbhleacht sa tSiria.

Iarrann an Chomhairle mar sin go mbainfí an lasóg de bharrach na coinbhleachta sa tSiria go práinneach chun nach rachfaí i dtreo coimhlint idirnáisiúnta mhíleata, agus chun cosc a chur le tuilleadh fulaingthe.

Tugann an Chomhairle dá haire an toradh a bhí ar an gcruinniú idir an Rúis agus an Tuirc inné i Moscó agus iarrann sí an athuair ar na páirtithe go léir, go neamhbhalbh, sos cogaidh inbhuanaithe a chur ar bun láithreach, na gealltanais atá tugtha acu cheana a chur chun feidhme ina n-iomláine, cosaint na sibhialtach ar an talamh agus ón aer a ráthú agus seachadadh cúnaimh dhaonnúil gan bhac ag an bpobal idirnáisiúnta a chumasú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025