"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 3 Aibreán 2020
Main results
Tá aghaidh á tabhairt againn ar phaindéim faisnéise a bhfuil tionchar contúirteach á himirt aici ar an tsláinte phoiblí. Leanfaimid orainn ag dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, agus déanfaimid ár n-iarrachtaí leis na Ballstáit agus le hardáin na meán sóisialta a chomhordú agus a threisiú.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí físchomhdháil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais, faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell.
Mhalartaigh na hairí tuairimí faoi ghnéithe idirnáisiúnta phaindéim COVID-19, agus béim ar leith á leagan acu ar chomhordú consalach agus aisdúichiú, neartú comhair idirnáisiúnta agus cúnaimh, agus ar bhréagaisnéis.
Ba dhíol sásaimh do na hairí gnóthaí eachtracha an obair agus an dul chun cinn a rinne institiúidí an Aontais le hiarrachtaí aisdúichithe agus cúnamh consalach na mBallstát dá gcuid saoránach thar lear a chomhordú. Go dtí seo, a bhuí le hiarrachtaí comhpháirteacha an Aontais, aisdúichíodhníos mó ná 350.000 Eorpach, agus tá cúnamh de dhíth fós ar 250.000 Eorpach eile.
Maidir le comhar agus cúnamh idirnáisiúnta, chuir na hairí gnóthaí eachtracha i dtreis gur géarchéim dhomhanda í seo a bhfuil gá le freagairt dhomhanda ina leith. Mheas siad gur cheart tús áite a thabhairt do chúnamh do na tíortha is leochailí agus don Afraic, go háirithe ós rud é gur féidir le coinbhleachtaí cur leis na héifeachtaí millteacha a bhíonn ag COVID-19 i roinnt mhaith tíortha leochaileacha.
Ar deireadh, léiríodh imní freisin faoi mhífhaisnéis agus faoi bhréagaisnéis agus faoin ngá atá le leanúint den chomhrac i gcoinne an tionchair dhiúltaigh ar an tsochaí agus ar shaol daoine agus ar shláinte phoiblí. Leag na hairí gnóthaí eachtracha béim ar an ngá atá le hiarrachtaí comhpháirteacha a threisiú sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise trí dhlúthchomhar idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus na meáin shóisialta.
Iarrtha ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais go rachfaí i ngleic leis an mbréagaisnéis.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.